Language of document :

Caingean arna tabhairt an 7 Lúnasa 2023 – Małgorzata Marcinkowska-Dec v EUIPO – Ismailova (DESSI)

(Cás T-472/23)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Małgorzata Marcinkowska-Dec (Kraków, an Pholainn) (ionadaí: A. Witońska-Pakulska, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Aza Ismailova (Herselt, an Bheilg)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh “DESSI” – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 116 969

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí cealaithe

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón Dara Bord Achomhairc de EUIPO an 31 Márta 2023 i gCás R 1738/2022-2

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a ordú do EUIPO costais an iarratasóra a íoc.

Saincheist dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

____________