Language of document :

Breithiúnas na Cúirte (an Deichiú Dlísheomra) an 22 Nollaig 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Tribunalul Bucureşti – an Rómáin) – Quadrant Amroq Beverages SRL v Agenţia Naţională de Administrare Fiscală - Direcţia Generală de Administrare a Marilor Contribuabili

(Cás C-332/21)1

(Tarchur chun réamhrialú – Comhchuibhiú dlí cánach – Treoir 92/83/CEE – Struchtúir dleachtanna máil ar alcól agus ar dheochanna alcólacha a chomhchuibhiú – Dleachtanna máil – Alcól eitile – Díolúintí – Airteagal 27(1)(e) – Táirgeadh blastán atá beartaithe le haghaidh ullmhú earraí bia agus deochanna neamh-mheisciúla nach bhfuil níos mó ná 1.2% d'ábhar alcóil de réir toirte acu – Raon feidhme – Prionsabail na comhréireachta agus na héifeachtachta)

Teanga an cháis: an Rómáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunalul Bucureşti

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Quadrant Amroq Beverages SRL

Cosantóir: Agenţia Naţională de Administrare Fiscală - Direcţia Generală de Administrare a Marilor Contribuabili

An chuid oibríochtúil

Maidir le hAirteagal 27(1)(e) de Threoir 92/83/CEE ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 1992, maidir le struchtúir na ndleachtanna máil ar alcól agus ar dheochanna alcólacha a chomhchuibhiú,

ní mór léiriú a dhéanamh ar an bhforáil sin mar seo a leanas:

tagann alcól eitile a úsáidtear chun blastáin a tháirgeadh a úsáidtear ina seal ina dhiaidh sin le haghaidh ullmhú deochanna neamh-mheisciúla nach bhfuil níos mó ná 1.2% d'ábhar alcóil de réir toirte acu, agus alcól eitile a úsáideadh cheana chun blastáin den sórt sin a tháirgeadh, faoin díolúine dá bhforáiltear san fhoráil sin.

Maidir le hAirteagal 27(1)(e) de Threoir 92/83,

ní mór léiriú a dhéanamh ar an bhforáil sin mar seo a leanas:

i gcás inar scaoileadh alcól eitile lena thomhailt i mBallstát ina bhfuil sé díolmhaithe ó dhleacht mháil, ar an bhforas gur úsáideadh é chun blastáin a tháirgeadh atá beartaithe le haghaidh ullmhú deochanna neamh-mheisciúla nach bhfuil níos mó ná 1.2% d'ábhar alcóil de réir toirte acu, agus go ndéanfar é a mhargú i mBallstát eile ansin, ceanglófar ar an mBallstát sin an t-alcól eitile sin a chóireáil ar an mbealach céanna ina chríoch, ar an bhforas gur chuir an chéad Bhallstát an díolúine dá bhforáiltear san fhoráil sin i bhfeidhm i gceart agus nach bhfuil aon fhianaise imghabhála, seachanta nó mí-úsáide ann.

Maidir le hAirteagal 27(1)(e) de Threoir 92/83,

ní mór léiriú a dhéanamh ar an bhforáil sin mar seo a leanas:

cuirtear bac leis ar reachtaíocht Ballstáit a dheonaíonn d’oibreoir eacnamaíoch a dhéanann margaíocht ar tháirgí a cheannaítear ina chríoch ó dhíoltóir atá suite i gcríoch Ballstáit eile inar monaraíodh iad, ina ndearnadh iad a scaoileadh lena dtomhailt agus a dhíolmhaíodh ó dhleacht mháil i gcomhréir leis an bhforáil sin, tairbhe na díolúine dá bhforáiltear san fhoráil sin ar choinníoll gur coinsíní cláraithe é an t-oibreoir sin agus go bhfuil stádas coimeádaí údaraithe stórais ag an díoltóir, mura léir ó fhianaise shonrach, oibiachtúil agus infhíoraithe go bhfuil na coinníollacha sin riachtanach chun cur i bhfeidhm ceart agus díreach na díolúine sin a áirithiú agus chun aon imghabháil, seachaint nó mí-úsáid a chosc.

____________

1 IO C 357, 6. 9.2021