Language of document : ECLI:EU:T:2022:139

BREITHIÚNAS NA CÚIRTE GINEARÁLTA (An Tríú Dlísheomra)

16 Márta 2022 (*)

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh — Imeachtaí freasúra — Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh APE TEES — Marcanna fíortha náisiúnta níos luaithe neamhchláraithe ina léirítear moncaí — Foras coibhneasta le diúltú — Airteagal 8(4) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 [anois: Airteagal 8(4) de Rialachán (AE) 2017/1001] — Córas na caingne faoin dlí coiteann maidir le bréagthairiscint (action for passing off) — Comhaontú maidir leis an Ríocht Aontaithe a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as Euratom)

I gCás T‑281/21,

Nowhere Co. Ltd, lonnaithe i dTóiceo (an tSeapáin), ionadaí: R. Kunze, Dlíodóir,

Iarratasóir,

agus

Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO), ionadaí: D. Hanf, i gcáil Gníomhaire,

Cosantóir,

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair Bhord Achomhairc EUIPO:

Junguo Ye, ina chónaí in Elche (an Spáinn),

CAINGEAN arna tabhairt i gcoinne cinneadh ón Dara Bord Achomhairc de EUIPO an 10 Feabhra 2021 (Cás R 2474/2017 - 2), maidir le himeachtaí freasúra idir Nowhere Co. agus an tUasal Ye,

tugann an Chúirt Ghinearálta (an Tríú Dlísheomra),

Agus í comhdhéanta mar seo a leanas: G. De Baere, Uachtarán, V. Kreuschitz (Rapóirtéir) agus G. Steinfatt, Breithiúna,

Cláraitheoir: E. Coulon,

ag féachaint don iarratas arna chomhdú i gClárlann na Cúirte Ginearálta an 21 Bealtaine 2021,

ag féachaint don fhreagra arna chomhdú i gClárlann na Cúirte an 30 Iúil 2021,

ag féachaint don fhíoras nár thíolaic na páirtithe aon iarraidh ar éisteacht laistigh de thréimhse trí seachtaine ón am a tugadh fógra faoi chlabhsúr an nós imeachta i scríbhinn, agus tar éis a chinneadh rialú ar an gcaingean gan aon nós imeachta ó bhéal, de bhun Airteagal 106(3) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte,

An Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

 Cúlra na díospóide

1        An 30 Meitheamh 2015, thíolaic an tUasal Junguo Ye iarratas ar chlárú trádmhairc de chuid an Aontais Eorpaigh le hOifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) de bhun Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 ón gComhairle an 26 Feabhra 2009 maidir leis an trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh (IO 2009 L 78, lch. 1), arna leasú le [Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir leis an trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh (IO 2017 L 154, lch. 1) curtha ina ionad].

2        Is é an marc a ndearnadh iarratas ar chlárú ina leith an comhartha fíortha seo a leanas:

Image not found

3        Tagann na hearraí agus na seirbhísí a ndearnadh iarratas ar chlárú ina leith faoi Aicmí 3, 9, 14, 18, 25 agus 35 de réir bhrí Chomhaontú Nice a bhaineann le hAicmiú Idirnáisiúnta Earraí agus Seirbhísí chun Críocha Clárú Marcanna an 15 Meitheamh 1957, arna leasú agus athbhreithniú.

4        Foilsíodh an t‑iarratas ar thrádmharc in Feasachán na dTrádmharcanna Comhphobail Uimh. 234/2015 an 9 Nollaig 2015.

5        An 8 Márta 2016, thug an t‑iarratasóir, Nowhere Co. Ltd, fógra de bhun Airteagal 41 de Rialachán Uimh. 207/2009 (anois: Airteagal 46 de Rialachán 2017/1001) ar chur i gcoinne chlárú an trádmhairc a ndearnadh iarratas ina leith maidir leis na hearraí agus na seirbhísí go léir dá dtagraítear i mír 3 thuas.

6        Bunaíodh an freasúra ar na trí mharc níos luaithe seo a leanas nár cláraíodh agus a úsáideadh i gcúrsaí trádála, go háirithe, sa Ríocht Aontaithe:

Image not found

Image not found

Image not found

7        An foras a agraíodh chun tacú leis an bhfreasúra maidir le marcanna níos luaithe neamhchláraithe ná an foras dá dtagraítear in Airteagal 8(4) de Rialachán Uimh. 207/2009 (anois: Airteagal 8(4) de Rialachán 2017/1001) ab ea.

8        An 20 Meán Fómhair 2017, dhiúltaigh an Rannán Freasúra don fhreasúra.

9        An 17 Samhain 2017, chomhdaigh an t‑iarratasóir fógra achomhairc le EUIPO, de bhun Airteagal 66 go 71 de Rialachán 2017/1001, i gcoinne chinneadh an Rannáin Freasúra.

10      Trí chinneadh an 8 Deireadh Fómhair 2018 (‟an chéad chinneadh ón mBord Achomhairc”), dhiúltaigh an Dara Bord Achomhairc don achomharc.

11      Trí dhoiciméad a comhdaíodh i gClárlann na Cúirte an 7 Eanáir 2019, rinne an t‑iarratasóir achomharc a thaisceadh d’fhonn an chéad chinneadh ón mBord Achomhairc a chur ar neamhní.

12      Trí theachtaireacht an 29 Aibreán 2019, chuir Rapóirtéir an Bhoird Achomhairc in iúl do na páirtithe sna himeachtaí os a chomhair go raibh sé i gceist aige a chéad chinneadh a chúlghairm.

13      Le cinneadh an 17 Iúil 2019 (Cás R 2474/2017 ‑ 2 (REV)), rinne an Dara Bord Achomhairc a chéad chinneadh a chúlghairm, i gcomhréir le hAirteagal 103 de Rialachán 2017/1001 agus le hAirteagal 70 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/625 ón gCoimisiún an 5 Márta 2018 lena bhforlíontar Rialachán 2017/1001, agus lena n‑aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1430 (IO 2018 L 104, lch. 1), as siocair earráide soiléire a raibh inchurtha i leith EUIPO.

14      Trí ordú an 18 Nollaig 2019, Nowhere v EUIPO — Ye (APE TEES) (T‑12/19, nár foilsíodh, EU:T:2019:907), chinn an Chúirt nach raibh gá ann a thuilleadh rialú ar an gcaingean i gcoinne an chéad chinnidh ón mBord Achomhairc, arna taisceadh ag an iarratasóir trí dhoiciméad arna chomhdú ag Clárlann na Cúirte an 7 Eanáir 2019.

15      Le cinneadh an 10 Feabhra 2021 (“an cinneadh atá faoi chonspóid”), dhiúltaigh an Dara Bord Achomhairc don achomharc. Go háirithe, maidir leis an bhfreasúra bunaithe ar na marcanna níos luaithe neamhchláraithe, chinn sé, i ndiaidh tharraingt siar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann as an Aontas Eorpach agus ar dhul in éag na hidirthréimhse an 31 Nollaig 2020, nach bhféadfadh an t‑iarratasóir seasamh ar an gcóras caingne faoin dlí coiteann maidir le bréagthairiscint (action for passing off) faoi dhlí na Ríochta Aontaithe de bhun Airteagal 8(4) de Rialachán Uimh. 207/2009 (míreanna 24 go 27 den chinneadh atá faoi chonspóid).

 Saghas ordaithe atá á lorg ag na páirtithe

16      Iarann an t‑iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

–        an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

–        clárú an trádmhairc a ndearnadh iarratas ina leith a dhiúltú;

–        mar mhalairt rogha, an cás a tharchur ar ais chuig EUIPO le haghaidh athbhreithniú;

–        a ordú do EUIPO na costais a íoc.

17      Iarann EUIPO ar an gCúirt Ghinearálta:

–        an chaingean a dhiúltú;

–        a ordú don iarratasóir na costais arna dtabhú aige a íoc.

 An Dlí

18      I bhfianaise dháta taiscthe an iarratais ar an gclárú lena mbaineann, eadhon, an 30 Meitheamh 2015 (féach mír 1 thuas), atá cinntitheach d’fhonn an dlí substainteach is infheidhme a aithint, tá fíorais an cháis seo faoi réir fhorálacha substainteacha Rialachán Uimh. 207/2009 den leagan a bhí ann roimh na leasuithe arna ndéanamh le Rialachán (AE) 2015/2424 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2015 lena leasaítear Rialachán Uimh. 207/2009 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2868/95 ón gCoimisiún lena leagtar síos rialacha maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 40/94 ón gComhairle maidir leis an trádmharc Comhphobail, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2869/95 ón gCoimisiún maidir leis na táillí iníoctha leis an Oifig um Chomhoiriúnú sa Mhargadh Inmheánach (Trádmharcanna agus Dearaí) (IO 2015 L 341, lch. 21) (féach, chuige sin, breithiúnais an 8 Bealtaine 2014, Bimbo v OCMI, C‑591/12 P, EU:C:2014:305, mír 12, agus an 18 Meitheamh 2020, Primart v EUIPO, C‑702/18 P, EU:C:2020:489, mír 2 agus an cásdlí dá dtagraítear).

19      Dá réir sin, sa chás seo, maidir leis na rialacha substainteacha, ní foláir na tagairtí arna ndéanamh ag an mBord Achomhairc do Rialachán 2017/1001 sa chinneadh atá faoi chonspóid a thuiscint amhail tagairt d’fhorálacha comhionanna Rialachán Uimh. 207/2009.

20      Mar thaca lena chaingean, agraíonn an t‑iarratasóir foras aonair, lena líomhnaítear sárú ar Airteagal 8(4) de Rialachán Uimh. 207/2009.

21      Is léir, thairis sin, ó mhíreanna 2 agus 7 den iarratas nach gcuireann an t‑iarratasóir i gcoinne an chinnidh atá faoi chonspóid ach amháin sa mhéid, gur dhaingnigh an Bord Achomhairc diúltú an fhreasúra leis an gcinneadh sin — agus, dá réir sin, gur dhiúltaigh sé an t‑achomharc — a mhéid a raibh sé bunaithe ar na marcanna níos luaithe neamhchláraithe, agus é sin sa mhéid gur úsáideadh iad i gcúrsaí trádála sa Ríocht Aontaithe agus sa mhéid sin amháin.

22      Go deimhin, i mír 24 den chinneadh atá faoi chonspóid, chinn an Bord Achomhairc, go bunúsach, i ndiaidh tharraingt siar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann as an Aontas Eorpach agus ar dhul in éag idirthréimhse an 31 Nollaig 2020, nár bunús a thuilleadh iad na cearta a d’fhéadfadh a bheith ann sa Ríocht Aontaithe chun críocha imeachtaí freasúra, go háirithe imeachtaí a bunaíodh ar Airteagal 8(4) de Rialachán Uimh. 207/2009. I mír 26 den chinneadh atá faoi chonspóid, chinn an Bord Achomhairc, uime sin, nach bhféadfadh an t‑iarratasóir seasamh ar an gcóras caingne faoin dlí coiteann maidir le bréagthairiscint faoi dhlí na Ríochta Aontaithe de bhun Airteagal 8(4) de Rialachán Uimh. 207/2009. Is léir ó mhír 27 den chinneadh atá faoi chonspóid, maidir leis na cearta a d’fhéadfadh a bheith ann sa Ríocht Aontaithe agus, ina measc, na cearta sin atá bunaithe ar na marcanna níos luaithe neamhchláraithe agus ar Airteagal 8(4) de Rialachán Uimh. 207/2009 go háirithe, gur dhaingnigh an Bord Achomhairc diúltú an fhreasúra ar an bhforas sin amháin.

23      Cé go n‑áitíonn an t‑iarratasóir, go bunúsach, gurb é dáta an iarratais ar chlárú an dáta ábhartha d’fhonn a chinneadh an ann do cheart níos luaithe a agraíodh i gcoinne clárú trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh, measann EUIPO nach foláir gur ann do cheart níos luaithe den sórt sin ní hamháin ar an dáta sin, ach ar an dáta a thug EUIPO a chinneadh críochnaitheach maidir leis an bhfreasúra chomh maith, is é sin le rá, sa chás seo, ar an dáta a glacadh an cinneadh atá faoi chonspóid.

24      Tháinig an Comhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (IO 2020 L 29, lch. 7, “an Comhaontú um Tharraingt Siar”), arna thabhairt i gcrích faoi Airteagal 50(2) CAE, i bhfeidhm an 1 Feabhra 2020 [féach an Fógra maidir le teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (IO 2020 L 29, lch. 189)] rud a d’fhág, i gcomhréir le hAirteagal 50(3) CAE, dlí an Aontais gan feidhm a thuilleadh sa Ríocht Aontaithe ón lá sin i leith (féach, chomh maith, an ceathrú haithris den Chomhaontú um Tharraingt Siar). Is léir ó chomhléamh ar Airteagal 126 agus ar an gcéad abairt d’Airteagal 127(1) den Chomhaontú um Tharraingt Siar, áfach, mura bhforáiltear a mhalairt, go raibh dlí an Aontais infheidhme maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe le linn na hidirthréimhse dar tús dáta theacht i bhfeidhm an chomhaontaithe sin agus dar críoch an 31 Nollaig 2020 (“an idirthréimhse”).

25      Ina theannta sin, ní shonraítear aon rud i bhforálacha an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar maidir le maoin intleachtúil atá faoi Theideal IV dá Chuid a Trí (Airteagal 54 go hAirteagal 61) le haghaidh fógra freasúra arna thabhairt roimh theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar bunaithe ar cheart níos luaithe arna chosaint sa Ríocht Aontaithe i gcoinne clárú trádmhairc de chuid an Aontais Eorpaigh a ndearnadh iarratas ina leith roimh theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo.

26      Go deimhin, sa chás seo, tá comhthuiscint ann go ndearnadh an t‑iarratas ar chlárú an trádmhairc a ndearnadh iarratas ina leith (féach mír 1 thuas), an freasúra i gcoinne chlárú an trádmhairc a ndearnadh iarratas ina leith (féach mír 5 thuas), diúltú an Rannáin Freasúra don fhreasúra sin (féach mír 8 thuas), an chéad chinneadh ón mBord Achomhairc (féach mír 10 thuas), cúlghairm an chinnidh sin ón mBord Achomhairc (féach mír 13 thuas) agus tríd an ordú nach raibh gá le rialú a thuilleadh ar an gcaingean arna taisceadh ag an iarratasóir i gcoinne an chéad chinnidh ón mBord Achomhairc (féach mír 14 thuas) roimh theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar agus, uime sin, ar aon chaoi, roimh dheireadh na hidirthréimhse.

27      Léirítear, ar scrúdú chomhad riaracháin EUIPO, nach bhfuil aon doiciméad ann le dáta ón tréimhse de bheagnach 18 mhí a caitheadh idir an 22 Lúnasa 2019 nuair a cuireadh na páirtithe sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc ar an eolas faoin gcinneadh cúlghairme agus an 10 Feabhra 2021 nuair a glacadh an cinneadh atá faoi chonspóid. Is léir, uime sin, gurb é an cinneadh atá faoi chonspóid agus é sin amháin atá ábhartha don chás seo i ndiaidh theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar agus, go deimhin, i ndiaidh dheireadh na hidirthréimhse.

28      I ndáil leis sin, ar an dul céanna le cásdlí na Cúirte ónar léir, go bunúsach, gurb é an dáta atá cinntitheach d’fhonn an dlí substainteach is infheidhme a aithint ná an dáta a tionscnaíodh an t‑iarratas ar chlárú an trádmhairc a tugadh freasúra ina choinne (féach mír 18 thuas), is léir ó chásdlí atá dea-bhunaithe anois gur chóir measúnú a dhéanamh maidir le foras coibhneasta le diúltú a bheith ann tráth an iarratais ar chlárú trádmhairc de chuid an Aontais Eorpaigh ar cuireadh freasúra isteach ina choinne [breithiúnais an 30 Eanáir 2020, Grupo Textil Brownie v EUIPO — The Guide Association (BROWNIE), T‑598/18, EU:T:2020:22, mír 19; an 23 Meán Fómhair 2020, Bauer Radio v EUIPO — Weinstein (MUSIKISS), T‑421/18, EU:T:2020:433, mír 34; an 1 Meán Fómhair 2021, Sony Interactive Entertainment Europe v EUIPO — Wong (GT RACING), T‑463/20, nár foilsíodh, faoi achomharc, EU:T:2021:530, mír 118, agus an 1 Nollaig 2021, Inditex v EUIPO — Ffauf Italia (ZARA), T‑467/20, nár foilsíodh, EU:T:2021:842, mír 58].

29      I bprionsabal, toisc go bhféadfadh an trádmharc níos luaithe stádas an trádmhairc chláraithe i mBallstát a chailleadh ar dháta i ndiaidh dháta an iarratais ar chlárú an trádmhairc de chuid an Aontais Eorpaigh, i ndiaidh tharraingt siar féideartha an Bhallstáit lena mbaineann as an Aontas Eorpach go háirithe, níl baint aige le toradh an fhreasúra (breithiúnas an 30 Eanáir 2020, BROWNIE, T‑598/18, EU:T:2020:22, mír 19; an 23 Meán Fómhair 2020, MUSIKISS, T‑421/18, EU:T:2020:433, mír 35, agus an 1 Nollaig 2021, ZARA, T‑467/20, neamhfhoilsithe EU:T:2021:842, mír 59).

30      Dá réir sin, níl baint aige le freasúra arna chur isteach i gcoinne iarratas ar chlárú trádmhairc de chuid an Aontais Eorpaigh arna chomhdú roimh theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar agus roimh dhul in éag na hidirthréimhse gur bunaíodh freasúra faoi Airteagal 8(4) de Rialachán Uimh. 207/2009 ar mharcanna níos luaithe neamhchláraithe a úsáideadh i gcúrsaí trádála sa Ríocht Aontaithe agus ar an dlí maidir le bréagthairiscint (féach, chuige sin, breithiúnas an 1 Meán Fómhair 2021, GT RACING, T‑463/20, nár foilsíodh, faoi achomharc, EU:T:2021:530, míreanna 119 agus 120).

31      Ós rud é gur comhdaíodh an t‑iarratas ar chlárú an trádmhairc a ndearnadh iarratas ina leith roimh dhul in éag na hidirthréimhse, agus fiú roimh theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar (féach míreanna 1 agus 26 thuas), caithfear a chinneadh gur féidir leis na marcanna níos luaithe neamhchláraithe a bheith ina mbunús leis an bhfreasúra sa chás seo, a mhéid a úsáideadh iad i gcúrsaí trádála sa Ríocht Aontaithe. Mar atá curtha in iúl ag an iarratasóir agus an ceart aige, ba cheart don mhéid sin a bheith curtha san áireamh ag an mBord Achomhairc dá réir sin agus é i mbun measúnaithe, rud a dhiúltaigh sé a dhéanamh, áfach, ar an bhforas amháin go raibh an idirthréimhse in éag nuair a glacadh an cinneadh atá faoi chonspóid (Féach mír 22 thuas).

32      Sa chás seo, ní féidir an breith sin a thabhairt faoi cheist leis na hargóintí arna n‑agairt ag EUIPO.

33      Ar an gcéad dul síos, áitíonn EUIPO go n‑úsáidtear an aimsir láithreach in Airteagal 8(4) de Rialachán Uimh. 207/2009 ní hamháin ar mhaithe leis an riachtanas maidir le ceart níos luaithe a bhunú [Airteagal 8(4) den Rialachán sin] ach chun an riachtanas go ‘dtugann’ an comhartha sin an ceart dá dhílseánach chun ‘cosc a chur’ ar úsáid trádmhairc ina dhiaidh sin [Airteagal 8(4) den Rialachán sin].

34      Murab ionann agus an méid atá maíte ag EUIPO, nach leor úsáid na haimsire láithrí i bhforáil amháin chun tátal ar bith a bhaint maidir lena léirmhíniú. Maidir le foclaíocht Airteagal 8(4) de Rialachán Uimh. 207/2009, ní foláir a lua go dtosaíonn an fhoráil sin leis na focail ‘[m]á chuireann dílseánach trádmharc neamhchláraithe [ina choinne]’. Dá réir sin, ní féidir a chur as an áireamh go bhféadfaí a bheith ag tagairt le húsáid an láithrigh ina dhiaidh sin don tráth a comhdaíodh an freasúra seachas an tráth a glacadh an cinneadh atá faoi chonspóid.

35      Ar an dara dul síos, cé go n‑éilíonn EUIPO go gceanglaítear le Riail 19(2)(d) de Rialachán (CE) Uimh. 2868/95 ón gCoimisiún an 13 Nollaig 1995 lena leagtar síos rialacha maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 40/94 ón gComhairle maidir leis an trádmharc Comhphobail (IO 1995 L 303, lch. 1) ar an bpáirtí freasúra fianaise a chur ar fáil maidir le fáil, leanúnachas agus raon feidhme na cosanta don cheart níos luaithe, de réir bhrí Airteagal 8(4) de Rialachán Uimh. 207/2009, agus go measfar, de réir Riail 20(1) de Rialachán Uimh. 2868/95, go bhfuil an freasúra gan bhunús mura gcomhlíontar an ceanglas seo, ní foláir a thabhairt faoi deara gurb infheidhme go deimhin sa chás seo iad forálacha nós imeachta Rialachán Uimh. 2868/95 de réir bhrí Airteagal 80 agus 82(b) de Rialachán (AE) 2018/625.

36      Mar sin féin, is léir ó fhoclaíocht Riail 20(1) de Rialachán Uimh. 2868/95 nach foláir an fhianaise gurb ann do chosaint an chirt níos luaithe, a bailíocht agus a raon feidhme a chur ar fáil roimh dhul in éag na tréimhse dá dtagraítear i Riail 19(1) den Rialachán sin. Is léir ó chomhad riaracháin EUIPO gur socraíodh an teorainn ama sin don 2 Lúnasa 2016 sa chás seo agus gur fadaíodh í uair amháin go dtí an 2 Deireadh Fómhair 2016, agus, uime sin, do dháta i bhfad roimh theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar agus roimh dhul in éag na hidirthréimhse.

37      Caithfear a mheas, uime sin, sa chás seo ar a laghad go bhfuil forálacha Rialachán Uimh. 2868/95, arna n‑agairt ag EUIPO, ag teacht salach ar a bharúil gurb é an dáta a glacadh an cinneadh atá faoi chonspóid an dáta ábhartha maidir leis na cearta níos luaithe a bheith ann.

38      Ar an tríú dul síos, a mhéid a dhéanann EUIPO tagairt nach foláir freasúra atá bunaithe ar mharc níos luaithe neamhchláraithe a dhiúltú i gcás nach bhfuil fíorúsáid bainte as an marc sin i gcomhréir le hAirteagal 42(2) agus (3) de Rialachán Uimh. 207/2009, ní mór a chur i dtreis ar dtús báire nach bhfuil scrúdú ar fhíorúsáid an mhairc níos luaithe ag gabháil go córasach leis an scrúdú ar fhreasúra. Go deimhin, is léir ó Airteagal 42(2) de Rialachán Uimh. 207/2009, dá ndéantar tagairt in Airteagal 42(3) den Rialachán sin, nach faoin bpáirtí freasúra atá sé a léiriú go bhfuil fíorúsáid bainte aige as an marc níos luaithe neamhchláraithe atá agartha i gcoinne an chláraithe a ndearnadh iarratas ina leith ach amháin ar iarratas ón iarratasóir. Ní féidir le EUIPO an ghné sin a scrúdú as a stuaim féin.

39      Ar aon chaoi, caithfear a lua go dtagraítear in Airteagal 42(2) de Rialachán Uimh. 207/2009, sa leagan is infheidhme sa chás seo (féach mír 18 thuas), do na cúig bliana roimh fhoilsiú an iarratais ar thrádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh, seachas don tréimhse dar críoch an dáta a dhéanfaidh EUIPO a chinneadh críochnaitheach a eisiúint maidir leis an bhfreasúra. Ní thagann an fhoráil sin, uime sin, le háitiú EUIPO gurb é an dáta deireanach sin atá ábhartha.

40      Ar an gceathrú dul síos, le haghaidh na dtagairtí go léir d’fhorálacha agus don chásdlí maidir leis na hiarratais neamhbhailíochta, bhí an Chúirt in ann a chur i dtreis cheana féin nach gá go mbeadh an méid seo ábhartha i gcomhthéacs díospóide maidir le himeachtaí freasúra [féach, chuige sin, breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2021, Indo European Foods v EUIPO — Chakari (Abresham Super Basmati Selaa Grade One World’s Best Rice), T‑342/20, faoi achomharc, EU:T:2021:651, mír 22].

41      Ar an gcúigiú dul síos, a mhéid a mheasann EUIPO, go bunúsach, ó dheireadh na hidirthréimhse, nach bhféadfadh aon choinbhleacht a bheith ann idir an marc a ndearnadh iarratas ina leith agus na marcanna níos luaithe neamhchláraithe, a mhéid a úsáidtear iad i gcúrsaí trádála sa Ríocht Aontaithe, tugann sé neamhaird ar an bhfíoras gur cláraíodh, i gcomhréir le hAirteagal 51 de Rialachán 2017/1001, an marc a ndearnadh iarratas ina leith i gcás ina ndearnadh aon fhreasúra a cuireadh isteach a dhiúscairt, trí dhiúltú don fhreasúra ach go háirithe. Tá sé ríshoiléir ó Airteagal 52 de Rialachán 2017/1001 gur bailí an clárú ó dháta an iarratais agus ní hamháin ón diúltú críochnaitheach d’aon freasúra a d’fhéadfadh a bheith ann.

42      Tugtar le tuiscint uaidh sin, fiú dá nglacfaí leis, i ndiaidh dheireadh na hidirthréimhse, nach bhféadfadh aon choinbhleacht a bheith ann idir na marcanna, is amhlaidh go fóill, má tá an marc a ndearnadh iarratas ina leith cláraithe, mar sin féin, go bhféadfadh gurbh ann do choinbhleacht den sórt sin le linn na tréimhse idir dáta an iarratais agus dul in éag na hidirthréimhse, eadhon, sa chás seo, an tréimhse ón 30 Meitheamh 2015 (féach mír 1 thuas) go dtí an 31 Nollaig 2020 (féach mír 24 thuas), tréimhse cúig bliana go leith. Is díol dothuisceana é cén fáth go ndiúltófaí don iarratasóir cosaint na marcanna níos luaithe neamhchláraithe a úsáideadh i gcúrsaí trádála sa Ríocht Aontaithe le linn na tréimhse sin, maidir le húsáid an mhairc a ndearnadh iarratas ina leith a d’fhéadfadh a bheith ann go háirithe, a mheasann seisean a bheith ag teacht salach ar na marcanna níos luaithe neamhchláraithe siúd. Dá réir sin, ní foláir a aithint chomh maith go bhfuil leas dlisteanach ag an iarratasóir i rath a fhreasúra i dtaca leis an tréimhse sin.

43      Os a choinne sin, b’incheadaithe don pháirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird iarratas nua ar chlárú an mhairc a ndearnadh iarratas ina leith a thaisceadh a luaithe agus a théann an idirthréimhse in éag, rud nach mbeadh ag teacht salach, i gcás ar bith, ar na marcanna níos luaithe neamhchláraithe a thuilleadh sa mhéid nár úsáideadh iad i gcúrsaí trádála sa Ríocht Aontaithe.

44      Ar an séú dul síos, ní foláir diúltú chomh maith d’argóint EUIPO lena líomhnaítear, de bhun Airteagal 139 de Rialachán 2017/1001, go mbeadh an t‑iarratasóir in ann a iarraidh go ndéanfaí a iarratas ar thrádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh a thiontú go hiarratais ar thrádmharcanna náisiúnta i mBallstáit an Aontais Eorpaigh go léir, go háirithe dá ndiúltófaí don chéad iarratas sin ar bhonn an fhreasúra lena mbaineann, agus an dáta comhdaithe á chaomhnú. Dar le EUIPO, dá réir sin, d’fhéadfadh an t‑iarratasóir cosaint an mhairc chéanna a fháil ar an gcríoch chéanna i mbealach atá fadálach agus costasach, gan an chonstaic roimh chlárú a bheith ann a thuilleadh san Aontas.

45      Ar thaobh amháin, is bailí iad na breithnithe den sórt seo maidir le haon imeachtaí freasúra i bprionsabal (féach, chuige sin, breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2021, Abresham Super Basmati Selaa Grade One World’s Best Rice, T‑342/20, faoi achomharc, EU:T:2021:651, mír 26). Ar an taobh eile, ós rud é go gcuireann EUIPO i dtreis, agus an ceart aige, de bhun Airteagal 139(3) de Rialachán 2017/1001, go dtéann dáta an iarratais sin sa Bhallstát lena mbaineann chun leasa an iarratais ar thrádmharc náisiúnta a eascraíonn as tiontú iarratais ar thrádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh, caithfear a mheas in athuair go bhféadfadh gurbh ann do choinbhleacht le linn na tréimhse idir dáta an iarratais ar mharc de chuid an Aontais Eorpaigh agus dul in éag na hidirthréimhse (féach mír 42 thuas).

46      Dá réir sin, ní fhéadfadh aon argóint atá curtha in iúl ag EUIPO tacú lena sheasamh gurb é an dáta ábhartha ar mhaithe leis an díospóid atá idir lámha a réiteach ná an dáta a glacadh an cinneadh atá faoi chonspóid, arb é an t‑aon chor sa chás seo sna sála ar dheireadh na hidirthréimhse. Ní foláir, uime sin, seasamh leis an bhforas dlí aonair agus an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní, i gcomhréir leis an gcéad chuntar éilimh den iarratasóir.

47      Lena dhara cuntar éilimh, iarann an t‑iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta clárú an mhairc a ndearnadh iarratas ina leith a dhiúltú, rud nach foláir a thuiscint mar iarratas go nglacfadh an Chúirt Ghinearálta an cinneadh ar chóir a bheith glactha ag EUIPO, de réir an iarratasóra, agus mar iarratas ar athrú uime sin, de bhun Airteagal 72(3) de Rialachán 2017/1001. I ndáil leis sin, cé nach bhfuil sé d’éifeacht leis an gcumhacht athraithe arna haithint don Chúirt Ghinearálta an chumhacht a thabhairt di chun a measúnú féin a chur in ionad mheasúnú an Bhoird Achomhairc, ná measúnú a dhéanamh nach bhfuil seasamh glactha cheana féin ag an mBord sin air, ní foláir é a fheidhmiú i gcásanna ina bhfuil an Chúirt Ghinearálta in ann breith a thabhairt, agus athbhreithniú déanta aici ar mheasúnú an Bhoird Achomhairc, ar bhonn fíoras nó pointí dlí mar atá bunaithe, ar an gcinneadh a raibh an Bord Achomhairc faoi cheangal a ghlacadh (breithiúnas an 5 Iúil 2011, Edwin v OHMI, C‑263/09 P, EU:C:2011:452, mír 72).

48      Sa chás seo, ní dhearna an Bord Achomhairc ach diúltú d’ábharthacht na marcanna níos luaithe neamhchláraithe a mhéid a úsáideadh iad i gcúrsaí trádála sa Ríocht Aontaithe (féach míreanna 22 agus 31 thuas). Ní dhearna sé aon mheasúnú ar fhiúntas an fhorais freasúra dá bhforáiltear in Airteagal 8(4) de Rialachán Uimh. 207/2009, bunaithe ar na marcanna sin, agus dá bharr sin ní faoin gCúirt Ghinearálta atá sé an measúnú céanna a dhéanamh i gcomhthéacs an scrúdaithe ar iarratas ar athrú ar an gcinneadh sin. Dá bhrí sin, ní foláir dara cuntar éilimh an iarratasóra a dhiúltú.

49      Thairis sin, i gcomhthéacs caingne a thaisctear os comhair Chúirteanna an Aontais Eorpaigh i gcoinne cinneadh ó Bhord Achomhairc EUIPO, tá sé de cheangal ar EUIPO, i gcomhréir le hAirteagal 72(6) de Rialachán 2017/1001, na bearta is gá a ghlacadh chun breithiúnas Chúirteanna an Aontais a chomhlíonadh. Is faoi EUIPO atá sé, uime sin, na tátail a bhaint ó chuid oibríoch agus ó fhorais bhreithiúnais de chuid Chúirt an Aontais [féach breithiúnas an 31 Eanáir 2019, Pear Technologies v EUIPO — Apple (PEAR), T‑215/17, nár foilsíodh, EU:T:2019:45, mír 81 agus an cásdlí dá dtagraítear]. Dá bhrí sin, a mhéid a iarrann an t‑iarratasóir lena tríú cuntar éilimh agus mar mhalairt rogha, go dtarchuirfeadh an Chúirt Ghinearálta an cás ar ais chuig EUIPO le haghaidh athbhreithniú, caithfear a chinneadh uime sin nach bhfuil aon chuspóir dá chuid féin ag an gcuntar sonrach éilimh sin, a mhéid nach bhfuil i gceist leis ach iarmhairt ar an gcuntar éilimh, lena n‑iarrtar an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní.

 Costais

50      Faoi Airteagal 134(1) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte, ordófar don pháirtí caillteach na costais a íoc, má iarrtar iad i bpléadálacha an pháirtí a n‑éireoidh leis. Ós rud é nár éirigh le EUIPO go bunúsach, ní foláir a ordú go n‑íocann sé na costais, i gcomhréir leis an méid atá iarrtha ag an iarratasóir.

Ar na forais sin,

rialaíonn an CHÚIRT GHINEARÁLTA (an Tríú Seomra)

1.      cinneadh ón Dara Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 10 Feabhra 2021 (Cás R 2474/2017 - 2) a chur ar neamhní.

2.      an chuid eile den chaingean a dhiúltú.

3.      do EUIPO na costais a íoc.

De Baere

Kreuschitz

Steinfatt

Arna léamh amach i gcúirt oscailte i Lucsamburg an 16 Márta 2022.

Sínithe:


*      Teanga an cháis: an Béarla.