Language of document : ECLI:EU:T:2024:363

Eagrán sealadach

ORDÚ NA CÚIRTE GINEARÁLTA (an Mór-Dhlísheomra)

4 Meitheamh 2024 (*)

(Caingne le haghaidh neamhniú – Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle – Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle an 17 Meitheamh 2022 maidir leis an measúnú ar an bplean téarnaimh agus athléimneachta don Pholainn a fhormheas – Easpa cúram díreach – Do-ghlacthacht)

I gCásanna uamtha T‑530/22 go T‑533/22,

Magistrats européens pour la démocratie et les libertés (Medel), a bunaíodh in Strasbourg (an Fhrainc), dá ndéanann C. Zatschler, E. Egan McGrath, SC, A. Bateman agus M. Delargy, Aturnaetha, ionadaíocht,

iarratasóir i gCás T‑530/22,

International Association of Judges, a bunaíodh sa Róimh (an Iodáil), dá ndéanann C. Zatschler, E. Egan McGrath, SC, A. Bateman agus M. Delargy, Aturnaetha, ionadaíocht,

iarratasóir i gCás T‑531/22,

Association of European Administrative Judges, a bunaíodh in Trier (an Ghearmáin), dá ndéanann C. Zatschler, E. Egan McGrath, SC, A. Bateman agus M. Delargy, Aturnaetha, ionadaíocht,

iarratasóir i gCás T‑532/22,

Stichting Rechters voor Rechters, a bunaíodh sa Háig (an Ísiltír), dá ndéanann C. Zatschler, E. Egan McGrath, SC, A. Bateman agus M. Delargy, Aturnaetha, ionadaíocht,

iarratasóir i gCás T‑533/22,

v

Comhairle an Aontais Eorpaigh, dá ndéanann M. Chavrier, J. Bauerschmidt, E. Rebasti agus A. Sikora-Kalėda, i gcáil Gníomhairí, ionadaíocht,

cosantóir,

le tacaíocht ó

an Ungáir, dá ndéanann M. Fehér, i gcáil Gníomhaire, ionadaíocht,

agus

Poblacht na Polainne, dá ndéanann B. Majczyna agus S. Żyrek i gcáil Gníomhairí, ionadaíocht,

agus

an Coimisiún Eorpach, dá ndéanann S. Delaude, K. Herrmann agus T. Adamopoulos, i gcáil Gníomhairí, ionadaíocht,

idiragraithe,

AN CHÚIRT GHINEARÁLTA (an Mór-Dhlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: M. van der Woude, Uachtarán, S. Papasavvas, F. Schalin, R. da Silva Passos, J. Svenningsen, M. Kancheva, E. Buttigieg, V. Tomljenović, P. Škvařilová-Pelzl, I. Nõmm, G. Steinfatt, D. Kukovec (Rapóirtéir), T. Tóth, B. Ricziová agus L. Spangsberg Grønfeldt, Breithiúna,

Cláraitheoir: V. Di Bucci,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn, go háirithe:

–        cinneadh an 11 Samhain 2022 chun na cásanna a uamadh,

–        an phléadáil maidir le do-ghlacthacht a d’ardaigh an Chomhairle le doiciméad a taisceadh i gClárlann na Cúirte Ginearálta an 13 Nollaig 2022 agus barúlacha na n‑iarratasóirí,

–        cinneadh an 19 Nollaig 2022 chun breith a thabhairt faoi nós imeachta brostaithe,

–        cinneadh an 31 Márta 2023 chun an phléadáil maidir le do-ghlacthacht a uamadh le substaint an cháis,

–        na ráitis idiragartha arna dtaisceadh i gClárlann na Cúirte Ginearálta an 17 agus an 19 Iúil 2023 faoi seach ag an Ungáir, Poblacht na Polainne agus an Coimisiún agus barúlacha na bpríomhpháirtithe,

–        an ráiteas maidir le modhnú na n‑iarratas arna dtaisceadh i gClárlann na Cúirte Ginearálta an 19 Feabhra 2024 agus barúlacha na Comhairle agus an Choimisiúin,

an tOrdú seo a leanas:

Ordú

1        Lena gcaingne de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann na hiarratasóirí, Magistrats européens pour la démocratie et les libertés (Medel) i gCás T‑530/22, International Association of Judges (IAJ) i gCás T‑531/22, Association of European Administrative Judges (AEAJ) i gCás T‑532/22 agus Stichting Rechters voor Rechters i gCás T‑533/22, go gcuirfí Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle an 17 Meitheamh 2022 maidir leis an measúnú ar an bplean téarnaimh agus athléimneachta do Phoblacht na Polainne a fhormheas (‘an cinneadh tosaigh’), arna leasú le Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle an 8 Nollaig 2023 (‘an cinneadh atá faoi chonspóid’), ar neamhní.

 Cúlra na díospóide agus an cinneadh atá faoi chonspóid

2        Faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (‘an tSaoráid’), a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO 2021 L 57, lch. 17), féadfar cistí a sholáthar do na Ballstáit, i bhfoirm ranníocaíocht airgeadais, arb é atá inti, i gcomhréir le hAirteagal 2(2) den Rialachán sin, tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha nó i bhfoirm iasachta.

3        An 17 Meitheamh 2022, ghlac an Chomhairle an cinneadh tosaigh. Cuireadh glacadh an chinnidh sin ar fáil go poiblí le preaseisiúint ón gComhairle an lá céanna.

4        An 31 Lúnasa 2023, chuir Poblacht na Polainne leagan leasaithe dá plean téarnaimh agus athléimneachta faoi bhráid an Choimisiúin.

5        An 8 Nollaig 2023, ghlac an Chomhairle cinneadh lena leasaítear an cinneadh tosaigh. Leis an gcinneadh sin leasaítear an cinneadh tosaigh, inter alia, trí chaibidil ‘REPowerEU’ a chur san áireamh agus an méid atá ar fáil le haghaidh na ranníocaíochta airgeadais agus na hiasachta a choigeartú. Os a choinne sin, níor tháinig aon athrú ar chlocha míle F1G, F2G agus F3G, a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gcinneadh atá faoi chonspóid, a bhaineann le hathchóiriú chóras breithiúnach na Polainne.

6        Dírítear an cinneadh atá faoi chonspóid, i gcomhréir le hAirteagal 4 de, chuig Poblacht na Polainne.

7        Leis an gcinneadh atá faoi chonspóid, d’fhormheas an Chomhairle, i gcomhréir leis an gcéad abairt d’Airteagal 1 de, an measúnú ar an bplean téarnaimh agus athléimneachta de Phoblacht na Polainne.

8        I gcomhréir leis an dara habairt d’Airteagal 1 den chinneadh atá faoi chonspóid, sonraítear na clocha míle agus na spriocanna atá le baint amach ag Poblacht na Polainne san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gcinneadh sin.

9        I gcomhréir le hAirteagal 2(1) den chinneadh atá faoi chonspóid, socraítear méid na ranníocaíochta airgeadais atá ar fáil, i bprionsabal, ag EUR 25 276 853 716.

10      I gcomhréir le hAirteagal 2(2) den chinneadh atá faoi chonspóid, cuirfidh an Coimisiún an ranníocaíocht airgeadais ar fáil do Phoblacht na Polainne in íocaíochtaí éagsúla, i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gcinneadh sin. Féadfaidh an Coimisiún íocaíochtaí a dhéanamh i dtráthchodanna éagsúla.

11      I gcomhréir le hAirteagal 2(3) den chinneadh atá faoi chonspóid, glactar leis, inter alia, le scaoileadh íocaíochtaí go bhfuil cinneadh déanta ag an gCoimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 24 de Rialachán 2021/241, lena n‑aithnítear gur bhain Poblacht na Polainne na clocha míle agus na spriocanna a sainaithníodh san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gcinneadh sin amach go sásúil.

12      Ar deireadh, i gcomhréir le hAirteagal 3(1) den chinneadh atá faoi chonspóid, socraítear méid na hiasachta atá ar fáil, i bprionsabal, ag EUR 34 541 303 518.

13      Tá trí chuid san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gcinneadh atá faoi chonspóid.

14      Tá Cuid 1 tiomnaithe d’athchóirithe agus d’infheistíochtaí dá bhforáiltear sa phlean téarnaimh agus athléimneachta. Tá sé beartaithe go ndéanfaidh Poblacht na Polainne na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí sonraithe sa tréimhse ón ráithe dheireanach de 2021 go dtí an dara ráithe de 2026.

15      Sonraítear bearta maidir le hathchóiriú breithiúnach sa Pholainn i gclocha míle F1G, F2G agus F3G.

16      I gcomhréir le cloch mhíle F1G, ní mór roinnt bearta a ghlacadh chun neamhspleáchas agus neamhchlaontacht breithiúna Polannacha a neartú. De réir an amchláir tháscaigh, beartaítear go gcuirfí an chuid sin den athchóiriú chun feidhme, tríd an reachtaíocht a ghlacadh, sa dara ráithe de 2022.

17      I gcomhréir le cloch mhíle F2G, ní mór bearta a ghlacadh chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag breithiúna a mbíonn tionchar ag cinntí an Izba Dyscyplinarna (Dlísheomra Araíonachta) den Sąd Najwyższy (an Chúirt Uachtarach, an Pholainn) (‘an Dlísheomra Araíonachta’) orthu ar nós imeachta lena gceadaítear athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí an Dlísheomra sin a ndéanann difear dóibh. De réir an amchláir tháscaigh, beartaítear go gcuirfí an chuid sin den athchóiriú chun feidhme, tríd an reachtaíocht a ghlacadh, sa dara ráithe de 2022 freisin.

18      Foráiltear le cloch mhíle F2G mar seo a leanas:

‘Teacht i bhfeidhm athchóirithe lena n‑áiritheofar go mbeidh rochtain ag breithiúna a ndéanann cinntí Dhlísheomra Araíonachta na Cúirte Uachtaraí difear dóibh ar nósanna imeachta athbhreithnithe dá gcás. Is cúirt a chomhlíonann ceanglais Airteagal 19(1) CAE a scrúdaíonn na cásanna sin a chinn an Dlísheomra Araíonachta cheana féin, i gcomhréir leis na rialacha atá le glacadh ar bhonn chloch mhíle F1G thuas. Foráiltear leis an ngníomh reachtach go ndéanfar an chéad éisteacht den chúirt ar tugadh na cásanna sin os a comhair laistigh de 3 mhí ón iarraidh ar athbhreithniú ón gcúirt a fháil agus go ndéanfar cinneadh maidir leis na cásanna laistigh de 12 mhí ón iarraidh sin a fháil. Ní mór cásanna atá fós ar feitheamh os comhair an Dlísheomra Araíonachta a tharchur chuig an gcúirt lena mbreithniú agus de réir na rialacha a leagtar síos sna himeachtaí thuas.’

19      I gcomhréir le cloch mhíle F3G, bhí na nósanna imeachta athbhreithnithe dá dtagraítear i gcloch mhíle F2G le tabhairt i gcrích, i bprionsabal, de réir an amchláir tháscaigh, sa cheathrú ráithe de 2023.

20      Ina theannta sin, leanann sé ó aithris 45 den chinneadh atá faoi chonspóid nach mór clocha míle F1G agus F2G a bhaint amach sular féidir le Poblacht na Polainne an chéad iarraidh ar íocaíocht a dhéanamh agus nach féidir aon íocaíocht a dhéanamh go dtí go mbainfear amach na clocha míle sin. Dá bhrí sin, i gcomhréir le pointe 2.1 de Chuid 2 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gcinneadh atá faoi chonspóid, tá íocaíocht faoin gcéad tráthchuid den ranníocaíocht airgeadais, arb ionann í agus EUR 2 758 738 902, faoi réir, inter alia, an choinníll go bhfuil clocha míle F1G agus F2G bainte amach ag Poblacht na Polainne.

21      Os a choinne sin, ní fhoráiltear le cloch mhíle F3G, ar dá réir, i bprionsabal, nach mór aon nós imeachta a osclaíodh faoi chloch mhíle F2G (‘an nós imeachta athbhreithnithe’) a dhúnadh sa cheathrú ráithe de 2023, do choinníoll maidir le híocaíocht maoinithe faoin tsaoráid.

22      Thairis sin, leanann sé freisin ó aithris 45 den chinneadh atá faoi chonspóid go bhfuil clocha míle F1G, F2G agus F3G gan dochar d’oibleagáid Phoblacht na Polainne, tráth ar bith, dlí an Aontais Eorpaigh agus, go háirithe, an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE, arna léiriú ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, a chomhlíonadh.

23      Ar deireadh, is léir, go háirithe, ó aithris 50 den chinneadh atá faoi chonspóid go bhfuil na clocha míle a bhaineann le hathchóiriú an cheartais sa Pholainn, eadhon clocha míle F1G, F2G agus F3G, gan dochar do nósanna imeachta um shárú atá ar siúl faoi láthair nó a bheidh ar siúl amach anseo agus, ar bhonn níos ginearálta, don oibleagáid atá ar Phoblacht na Polainne dlí an Aontais agus, go háirithe, cinntí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a chomhlíonadh.

 An tordú atá á lorg ag na páirtithe

24      Iarrann na hiarratasóirí ar an gCúirt Ghinearálta:

–        an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

–        a ordú don Chomhairle na costais a íoc.

25      Iarrann an Chomhairle ar an gCúirt Ghinearálta:

–        na caingne a dhíbhe toisc iad a bheith do-ghlactha nó, mar mhalairt air sin, toisc iad a bheith gan bhunús;

–        a ordú do na hiarratasóirí na costais a íoc.

26      Áitíonn an Ungáir gur cheart na caingne a dhíbhe toisc iad a bheith do-ghlactha.

27      Áitíonn Poblacht na Polainne gur cheart na caingne a dhíbhe toisc iad a bheith do-ghlactha nó, mar mhalairt air sin, toisc iad a bheith gan bhunús.

28      Áitíonn an Coimisiún gur cheart na caingne a dhíbhe toisc iad a bheith do-ghlactha nó, mar mhalairt air sin, toisc iad a bheith gan bhunús agus gur cheart a ordú do na hiarratasóirí na costais a íoc.

 An dlí

 Ábhar na díospóide

29      Déanann na hiarratasóirí agóid i gcoinne an chinnidh atá faoi chonspóid a mhéid, mar a shonraítear ina Iarscríbhinn aonair, nach bhfuil clocha míle F1G, F2G agus F3G ag luí le dlí an Aontais.

30      Áitíonn an Chomhairle, trína gcaingne, nach bhfuil na hiarratasóirí dírithe ach ar na clocha míle sin, agus iad á n‑aonrú go saorga ón gcuid oibríochtúil den chinneadh atá faoi chonspóid.

31      I ndáil leis sin, murab ionann agus an méid a áitíonn an Chomhairle, ní féidir a thuiscint nach n‑iarrtar le hábhar na gcaingne ach clocha míle F1G, F2G agus F3G a neamhniú, a bhaineann le hathchóiriú ar an gcóras breithiúnach sa Pholainn, gan beann ar an gcuid oibríochtúil den chinneadh atá faoi chonspóid.

32      Tá na clocha míle sin, go háirithe clocha míle F1G agus F2G, ina ndlúthchuid agus ina gcuid riachtanach den chinneadh atá faoi chonspóid ós rud é, ar an gcéad dul síos, go bhfuil siad ionchorpraithe in Airteagal 1 den chinneadh sin agus, ar an dara dul síos, nach féidir aon íocaíocht a dhéanamh faoi Airteagail 2 agus 3 den chinneadh sin go dtí go mbeidh na clocha míle sin bainte amach go sásúil ag Poblacht na Polainne.

33      Dá réir sin, ní mór a thuiscint go n‑iarrtar leis na caingne an cinneadh atá faoi chonspóid a neamhniú ina iomláine.

 Maidir leis an bhféidearthacht cinneadh a dhéanamh trí ordú

34      De bhun Airteagal 130(1) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta, féadfaidh an cosantóir a iarraidh ar an gCúirt Ghinearálta rialú a dhéanamh maidir le do-ghlacthacht, gan déileáil le substaint an cháis. De bhun Airteagal 130(7) de na Rialacha sin, rialóidh an Chúirt a luaithe is féidir ar an iarratas.

35      Le hordú an 31 Márta 2023, chinn an Chúirt Ghinearálta an phléadáil maidir le do-ghlacthacht a d’ardaigh an Chomhairle a uamadh le substaint an cháis.

36      Mar sin féin, i bhfianaise phléadálacha i scríbhinn na bpáirtithe agus maidir leis na freagraí a thug siad ar na ceisteanna éagsúla a chuir an Chúirt Ghinearálta, measann an Chúirt anois go bhfuil sí in ann rialú a thabhairt trí ordú arna ghlacadh ar bhonn Airteagal 130(1) agus (7) de na Rialacha Nós Imeachta i ndáil le pléadáil na Comhairle maidir le do-ghlacthacht, gan é a bheith riachtanach an chuid ó bhéal den nós imeachta a oscailt.

37      Sna himthosca sin, measann an Chúirt nach gcuirtear cosc, le hordú an 31 Márta 2023, lena ndéantar an phléadáil maidir le do-ghlacthacht a d’ardaigh an Chomhairle a uamadh le substaint an cháis, sa chás seo, leis an bhféidearthacht rialú a dhéanamh ar an bpléadáil sin trí ordú.

 Maidir leis an bpléadáil do-ghlacthachta

38      Mar thaca lena pléadáil do-ghlacthachta, áitíonn an Chomhairle, ar an gcéad dul síos, nach bhfuil na hiarratasóirí i dteideal imeachtaí a thionscnamh ina n‑ainm féin. Ar an dara dul síos, measann an Chomhairle nach féidir leis na hiarratasóirí brath ar staid na mbreithiúna a bhfuil a leasanna á gcosaint acu, ós rud é nach bhfuil seasamh ná leas ag na breithiúna sin féin in imeachtaí a thionscnamh.

39      Déanann na hiarratasóirí agóid i gcoinne na ndearbhuithe sin. Ina theannta sin, áitíonn siad, maidir le hinghlacthacht a gcaingne ina n‑ainm féin agus thar ceann na mbreithiúna a bhfuil a leasanna á gcosaint acu, gurb iomchuí, i bhfianaise imthosca sonracha an cháis, na coinníollacha maidir le hinghlacthacht a mhaolú, mar a leagtar amach sa chásdlí reatha.

40      De réir cásdlí socair, meastar caingne le haghaidh neamhniú arna dtabhairt ag comhlachais a bheith inghlactha i dtrí chineál cásanna: ar an gcéad dul síos, i gcás ina dtugtar le foráil dlí sraith cumhachtaí nós imeachta go sainráite do chomhlachais trádála, ar an dara dul síos, i gcás ina ndéanann an comhlachas ionadaíocht ar leasanna a chomhaltaí a bheadh iad féin i dteideal imeachtaí a thionscnamh agus, ar an tríú dul síos, i gcás ina ndéantar an comhlachas a indibhidiúlú mar gheall ar an éifeacht ar a leasanna féin mar chomhlachas, go háirithe toisc go ndearna an gníomh a n‑iarrtar a neamhniú difear dá sheasamh mar idirbheartaí (féach ordú an 8 Bealtaine 2019, Carvalho agus páirtithe eile v an Pharlaimint agus an Chomhairle, T‑330/18, nár foilsíodh, EU:T:2019:324, mír 51 agus an cásdlí dá dtagraítear).

 Inghlacthacht chaingne na niarratasóirí ag gníomhú dóibh ina nainm féin

41      Maíonn na hiarratasóirí gur comhlachtaí iad a bhfuil sé de chúram orthu luach an smachta reachta agus neamhspleáchas na mbreithiúna a chosaint. Feidhmíonn siad go rialta mar idirghabhálaithe d’institiúidí an Aontais maidir le hábhair a bhaineann leis an smacht reachta agus tá leas institiúideach acu féin maidir le neamhspleáchas breithiúnach agus luach an smachta reachta a chosaint. Chomh maith le litreacha a sheoladh chuig roinnt institiúidí de chuid an Aontais, d’fhoilsigh siad ráitis éagsúla, go háirithe ar mhaithe le cearta breithiúna Polannacha a chosaint. Ina theannta sin, is comhlachtaí ionadaíocha breithiúna iad agus, dá bhrí sin, tá siad ar cheann de chumhachtaí an Stáit agus ní féidir, dá bhrí sin, déileáil leo ar an mbealach céanna le comhlachais eile maidir le hinghlacthacht a gcaingne le haghaidh neamhniú.

42      Maidir leis an gcéad chineál cáis a luaitear sa chásdlí dá dtagraítear i mír 40 thuas, ní mhaíonn na hiarratasóirí gurb ann d’fhorálacha dlíthiúla lena n‑aithnítear go sainráite a gcumhachtaí nós imeachta agus níl aon rud sna comhaid chun tacú leis an gconclúid gurb ann do na forálacha sin.

43      Thairis sin, a mhéid nach mór argóintí na n‑iarratasóirí, dá dtagraítear i mír 41 thuas, a léiriú sa chaoi, chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach na mbreithiúna a áirithiú, go háirithe i bhfianaise luach an smachta reachta, a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE, gur cheart sainchumais nós imeachta áirithe a dheonú dóibh, ní mór a mheas nár tugadh cumhachtaí d’iarratasóirí le haon fhoráil dlí chun an chosaint sin a áirithiú i gcomhthéacs na saoráide.

44      Dá réir sin, ní féidir leis na hiarratasóirí, mar chomhlachtaí ionadaíocha breithiúna, tairbhe a bhaint as cóir nós imeachta atá éagsúil leis an gcóir a thugtar d’aon chomhlachas eile.

45      Sna himthosca sin, ní féidir inghlacthacht na gcaingne a shuíomh i ndáil leis an gcéad chineál staide dá dtagraítear i mír 40 thuas.

46      Maidir leis an tríú cineál cáis a luaitear sa chásdlí dá dtagraítear i mír 40 thuas, a bhaineann leis an éifeacht ar na comhlachais maidir lena leasanna féin, go háirithe mar idirbheartaithe, ba cheart a thabhairt faoi deara nár bhunaigh na hiarratasóirí éifeacht den sórt sin ina gcásanna.

47      Ní leor go raibh na hiarratasóirí ina ‘n‑idirghabhálaithe’ d’institiúidí an Aontais, mar a mhaíonn siad, i gcomhthéacs ginearálta na gceisteanna a bhaineann leis an smacht reachta, chun iad a aithint mar idirbheartaithe, de réir bhrí an chásdlí dá dtagraítear i mír 40 thuas, i gcomhthéacs sonrach ghlacadh an chinnidh atá faoi chonspóid.

48      Is fíor sin freisin, amhail mar a mhaíonn na hiarratasóirí i gCásanna T‑530/22, T‑531/22 agus T‑532/22, go bhfuil stádas breathnóra acu i gcomhlachtaí éagsúla de chuid Chomhairle na hEorpa, amhail an Coimisiún Eorpach um Éifeachtúlacht an Cheartais (CEPEJ) ag Comhairle na hEorpa agus ag Comhairle Chomhairleach na mBreithiúna Eorpacha (CCJE).

49      Ar an gcúis chéanna, ní bhaineann an fíoras, amhail mar a mhaíonn an t‑iarratasóir i gCás T‑533/22, go ndearna sé idirghabháil os comhair na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine i gcásanna arna dtabhairt ag breithiúna Polannacha maidir le géarchéim an smachta reachta sa Pholainn.

50      Ní féidir le hargóint an iarratasóra i gCás T‑530/22 [faoi rún] (1) a shuíomh ach an oiread go ndéanfaí difear dó ar mhaithe lena leasanna féin. Ní leor é an argóint sin [faoi rún] a mhaíomh chun a shuíomh go bhfuil cúram díreach ag an iarratasóir léi.

51      I bhfianaise an mhéid sin roimhe seo, ní mór a mheas nach gcomhlíonann na hiarratasóirí na coinníollacha a bhaineann leis an gcéad agus an tríú cineál cáis, dá dtagraítear i mír 40 thuas, agus, dá bhrí sin, nach bhfuil siad i dteideal, sa chás seo, imeachtaí a thionscnamh ina n‑ainm féin.

 Inghlacthacht chaingne na niarratasóirí atá ag gníomhú thar ceann a gcomhaltaí a bhfuil a leasanna á gcosaint acu

52      I gcomhréir leis an dara cineál cáis a luaitear sa chásdlí dá dtagraítear i mír 40 thuas, tá seasamh ag comhlachais chun imeachtaí a thionscnamh i gcás ina ndéanann siad ionadaíocht ar leasanna a gcomhaltaí atá i dteideal imeachtaí a thionscnamh iad féin.

53      Díospóideann an Chomhairle, go háirithe, dearbhú na n‑iarratasóirí go n‑eascraíonn a seasamh chun imeachtaí a thionscnamh as ionadaíocht a dhéanamh ar leasanna na mbreithiúna atá i dteideal imeachtaí a thionscnamh iad féin.

54      Mar réamhphointe, ar an gcéad dul síos, ba cheart a thabhairt faoi deara, mar fhreagra ar cheist ón gCúirt Ghinearálta, gur luaigh na hiarratasóirí i gCásanna T‑530/22, T‑531/22 agus T‑532/22 gur comhlachais ionadaíocha breithiúna ar an leibhéal idirnáisiúnta iad a raibh a gcomhaltaí, mar riail ghinearálta, ina gcomhlachais ghairmiúla náisiúnta, lena n‑áirítear comhlachais bhreithiúna na Polainne.

55      I ndáil leis sin, áitíonn na hiarratasóirí sna trí chás sin nach mór an cásdlí dá dtagraítear i mír 40 thuas, a bhaineann le seasamh comhlachas atá ag gníomhú thar ceann a gcomhaltaí chun imeachtaí a thionscnamh, a thrasuí freisin sa chás deireanach sin. Sa chomhthéacs sin, tagraíonn siad go háirithe do bhreithiúnas an 28 Samhain 2008, Hôtel Cipriani agus páirtithe eile v an Coimisiún (T‑254/00, T‑270/00 agus T‑277/00, EU:T:2008:537), lenar glacadh le hinghlacthacht caingne arna dtionscnamh ag comhlachas a dhéanann ionadaíocht ar leasanna a chomhaltaí, atá comhdhéanta de chomhlachais a dhéanann ionadaíocht ar dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha a raibh seasamh acu féin chun imeachtaí a thionscnamh.

56      Ar an dara dul síos, ba cheart a thabhairt faoi deara freisin, i gCás T‑533/22, ós rud é gur fondúireacht é an t‑iarratasóir agus nach bhfuil comhaltaí aige dá bhrí sin, nach raibh sé ag brath, ina chaingean, ar sheasamh chun imeachtaí a thionscnamh a eascraíonn as an éifeacht ar leasanna na mbreithiúna a bhfuil a leasanna á gcosaint aige. Mar sin féin, ina fhreagra ar an bpléadáil maidir le do-ghlacthacht a d’ardaigh an Chomhairle, d’áitigh an t‑iarratasóir sa chás sin nach raibh sé tábhachtach a fháil amach an raibh comhlacht ag gníomhú thar ceann a chomhaltaí, ós rud é nach raibh gaol fíor-riachtanach, ach gur leor dó gníomhú thar ceann na ndaoine a raibh a leasanna á gcosaint aige.

57      Féadfar an cásdlí dá dtagraítear i mír 40 a chur i bhfeidhm maidir leis na cásanna sonracha dá dtagraítear i míreanna 54 agus 56 thuas i gcás ina bhfuil comhaltaí na gcomhlachas féin atá ina gcomhaltaí de chomhlachais na n‑iarratasóirí i dteideal imeachtaí a thionscnamh iad féin. Sa chás seo, ní mór scrúdú a dhéanamh ar sheasamh na mbreithiúna atá ina gcomhaltaí de chomhlachais na n‑iarratasóirí chun imeachtaí a thionscnamh.

58      Faoin gceathrú fomhír d’Airteagal 263 CFAE, ‘[f]éadfaidh aon duine nádúrtha nó dlítheanach, faoi na coinníollacha a leagtar síos sa chéad mhír agus sa dara fomhír, imeachtaí a thionscnamh in aghaidh gníomh a díríodh chuig an duine sin nó gníomh is dá chúram go díreach agus go leithleach, agus in aghaidh gníomh rialúcháin is dá chúram go díreach agus nach bhfuil bearta cur chun feidhme ag gabháil leis’.

59      Ós rud é gur chuig Poblacht na Polainne a n-dírítear an cinneadh atá faoi chonspóid, ní mór inghlacthacht na gcaingne a scrúdú i bhfianaise an dara agus an tríú habairt den cheathrú fomhír d’Airteagal 263 CFAE, ina n‑éilítear an coinníoll maidir le cúram díreach.

60      I ndáil leis sin, braitheann na hiarratasóirí ar chúram díreach na mbreithiúna a bhfuil a leasanna á gcosaint acu trí idirdhealú a dhéanamh idir trí ghrúpa breithiúna, eadhon, ar an gcéad dul síos, breithiúna Polannacha a bhfuil baint acu le cinntí an Dlísheomra Araíonachta a ndéanann an nós imeachta athbhreithnithe a bheartaítear le clocha míle F2G agus F3G difear díreach dóibh, ar an dara dul síos, breithiúna uile na Polainne a ndéanann an nós imeachta athbhreithnithe sin agus cloch mhíle F1G difear díreach dóibh agus, ar an tríú dul síos, na breithiúna Eorpacha eile go léir a ndéanann na clocha míle sin difear díreach dóibh.

–       Maidir le cúram díreach na mbreithiúna Polannacha lena mbaineann le cinntí an Dlísheomra Araíonachta

61      Ní mór scrúdú a dhéanamh an bhfuil bonn cirt leis na hiarratasóirí, chun inghlacthacht a gcaingne a léiriú, agus iad ag brath ar staid bhreithiúna Polannacha a ndéanann tabhairt isteach nós imeachta athbhreithnithe difear díreach dóibh mar a bheartaítear le clocha míle F2G agus F3G.

62      De réir an chásdlí socair, ar choinníoll nach mór baint dhíreach a bheith ag duine nádúrtha nó dlítheanach leis an mbeart is ábhar dá chaingean, ní mór dhá choinníoll charnacha a chomhlíonadh, eadhon, ar thaobh amháin, nach mór don bheart sin difear díreach a dhéanamh do staid dhlíthiúil an duine sin agus, ar an taobh eile, nach mór dó aon lánrogha a fhágáil dóibh siúd atá freagrach as a chur chun feidhme, eadhon, an cur chun feidhme sin a bheith uathoibríoch amháin ar bhonn rialacha an Aontais astu féin, gan rialacha idirmheánacha eile a chur i bhfeidhm (féach breithiúnas an 12 Iúil 2022, Nord Stream 2 v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C‑348/20 P, EU:C:2022:548, mír 43 agus an cásdlí dá dtagraítear).

63      Mheabhraigh an Chúirt Bhreithiúnais, maidir leis an gcéad choinníoll, go bhféadfaidh baint dhíreach a bheith ag aon ghníomh, bíodh sé de chineál rialála nó de chineál eile, i bprionsabal, le duine aonair agus dá bhrí sin d’fhéadfadh sé difear díreach a dhéanamh dá staid dhlíthiúil, is cuma cé acu bearta cur chun feidhme atá i gceist leis nó nach bhfuil, lena n‑áirítear, i gcás treorach, bearta trasuite (breithiúnas an 12 Iúil 2022, Nord Stream 2 v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C‑348/20 P, EU:C:2022:548, mír 74).

64      Ina theannta sin, maidir le hathbhreithniú ar inniúlacht an chinnidh atá faoi chonspóid difear díreach a dhéanamh do staid dhlíthiúil na mbreithiúna a ndéanann cinntí an Dlísheomra Araíonachta difear dóibh, ba cheart breathnú ar shubstaint an ghnímh sin agus measúnú a dhéanamh ar na héifeachtaí sin i bhfianaise critéar oibiachtúil, amhail inneachar an ghnímh sin, agus, i gcás inarb iomchuí, an comhthéacs inar glacadh an gníomh sin á chur san áireamh agus cumhachtaí na hinstitiúide a ghlac é (féach, chuige sin, breithiúnas an 12 Iúil 2022, Nord Stream 2 v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C‑348/20 P, EU:C:2022:548, míreanna 63 agus 75).

65      Ar an gcéad dul síos, maidir le substaint an chinnidh atá faoi chonspóid, arna mheas i bhfianaise a ábhair agus a chomhthéacs, ba cheart a mheabhrú gur glacadh Rialachán 2021/241 ar bhonn an tríú fomhír d’Airteagal 175 CFAE, Airteagal a bhaineann le comhordú a mbeartas eacnamaíoch ag na Ballstáit d’fhonn na cuspóirí maidir le comhleanúnachas eacnamaíoch, sóisialta agus críochach dá dtagraítear in Airteagal 174 CFAE a bhaint amach.

66      Foráiltear le hAirteagal 1 de Rialachán 2021/241, a bhaineann le hábhar an Rialacháin sin, go mbunaítear leis an Rialachán sin an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus go leagtar síos leis cuspóirí na Saoráide, a maoiniú, na foirmeacha cistiúcháin de chuid an Aontais fúithi agus na rialacha a bhaineann leis an gcistiú sin a sholáthar. Soiléirítear in aithris 8 de Rialachán 2021/241 gur uirlis nuálach í an tSaoráid chun tacaíocht dhíreach airgeadais a chur ar fáil do na Ballstáit.

67      Leanann sé ó Airteagal 4(1) den Rialachán sin gurb é cuspóir ginearálta na Saoráide ná comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach an Aontais a chur chun cinn, go háirithe trí fheabhas a chur ar athléimneacht, ar ullmhacht i gcomhair géarchéimeanna agus ar acmhainn coigeartaithe na mBallstát. Dá bhrí sin, meastar go rannchuideoidh an tSaoráid, inter alia, le cóineasú eacnamaíoch agus sóisialta aníos, fás inbhuanaithe agus comhtháthú inbhuanaithe geilleagair an Aontais a athbhunú agus a chur chun cinn.

68      Chuige sin, ullmhóidh na Ballstáit pleananna téarnaimh agus athléimneachta a ndéanfaidh an Coimisiún measúnú orthu. Formheastar an mheastóireacht ansin le Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle. Le cinneadh den sórt sin, cuirtear íocaíocht ranníocaíochta airgeadais faoi réir coinníollacha a chomhlíonadh, eadhon cur chun feidhme na bpleananna sin, lena n‑áirítear comhlíonadh clocha míle agus spriocanna, ar bearta dul chun cinn iad, i gcomhréir le hAirteagal 2(4) de Rialachán 2021/241, i dtreo athchóiriú nó infheistíocht a bhaint amach.

69      Foráiltear le hAirteagal 15(2) de Rialachán 2021/241, i gcás ina mheasann an Coimisiún go gcomhlíonann an iarraidh ar thacaíocht iasachta critéir mhír 1, agus ar ghlacadh an chinnidh cur chun feidhme ón gComhairle dá dtagraítear in Airteagal 20(1) den Rialachán sin, déanfaidh an Coimisiún comhaontú iasachta leis an mBallstát lena mbaineann.

70      Mar an gcéanna, foráiltear le hAirteagal 23(1) de Rialachán 2021/241, a luaithe a ghlacfaidh an Chomhairle cinneadh cur chun feidhme mar a thagraítear dó in Airteagal 20(1), tabharfaidh an Coimisiún comhaontú i gcrích leis an mBallstát lena mbaineann ina mbeidh gealltanas dlíthiúil aonair de réir bhrí an Rialacháin Airgeadais.

71      De bhun Airteagal 24(9) de Rialachán 2021/241, i gcás nach bhfuil aon dul chun cinn inbhraite déanta ag an mBallstát lena mbaineann maidir le ceann ar bith de na clocha míle agus de na spriocanna ábhartha, déanfaidh an Coimisiún na comhaontuithe dá dtagraítear in Airteagal 15(2) agus in Airteagal 23(1) a fhoirceannadh agus saorfaidh an Coimisiún méid na ranníocaíochta.

72      Dá bhrí sin, i gcomhthéacs an chinnidh atá faoi chonspóid, is é is cuspóir do na clocha míle na coinníollacha a leagan síos atá le comhlíonadh ag Poblacht na Polainne agus le scrúdú ina dhiaidh sin ag an gCoimisiún chun a chinneadh an bhféadfar cistí faoin tSaoráid a dheonú don Bhallstát sin. Dá bhrí sin, tá ábharthacht na gcloch míle sin teoranta don phróiseas maidir le cistí a scaoileadh faoin tSaoráid, sa mhéid is gur coinníoll é a gcur chun feidhme sásúil chun na cistí sin a íoc.

73      I ndáil leis sin, ní mór a mheabhrú go leagtar amach sa chinneadh atá faoi chonspóid sraith iomlán clocha míle agus spriocanna atá le comhlíonadh ag Poblacht na Polainne. Mar shampla, chun cistiú a scaoileadh faoin gcéad tráthchuid den tSaoráid, agus chuige sin amháin, ba faoi Phoblacht na Polainne a bhí sé, sa bhreis ar chlocha míle F1G agus F2G, 26 chloch mhíle eile a chur i gcrích, mar is léir ó phointe 2.1.1 de Chuid 2 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gcinneadh atá faoi chonspóid.

74      Mar thoradh air sin, is de chineál coinníollachta buiséadaí iad clocha míle, lena n‑áirítear clocha míle F1G, F2G agus F3G, sa mhéid gur coinníoll maidir le maoiniú faoin tSaoráid é iad a chomhlíonadh.

75      Dá bhrí sin, i gcomhthéacs an chinnidh atá faoi chonspóid, is é is cuspóir do chlocha míle F1G, F2G agus F3G a áirithiú go gcomhlíonfar, ar an gcéad dul síos, critéir Airteagal 19(3)(b) agus (j) de Rialachán 2021/241 agus, ar an dara dul síos, na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 22 den Rialachán sin, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 20(5)(e) den Rialachán sin, chun freagairt éifeachtach ar na dúshláin arna sainaithint i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh a áirithiú agus nach ndéanfaidh na heasnaimh i gcóras breithiúnach na Polainne dochar do leasanna airgeadais an Aontais.

76      Is fíor go raibh an Chomhairle, agus an cinneadh atá faoi chonspóid á ghlacadh aici, faoi cheangal ag an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE agus ag luach an smachta reachta, i gcomhréir le hAirteagal 2 CAE agus le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ina leith sin.

77      Ar an gcaoi chéanna, léirítear gaol le clocha míle F1G, F2G agus F3G idir an urraim do luach an smachta reachta, ar thaobh amháin, agus, ar an taobh eile, cur chun feidhme éifeachtúil bhuiséad an Aontais i gcomhréir le prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais agus cosaint leasanna airgeadais an Aontais (féach, de réir analaí, breithiúnas an 16 Feabhra 2022, an Pholainn v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C‑157/21, EU:C:2022:98, mír 148).

78      Mar sin féin, murab ionann agus an méid a thugann na hiarratasóirí le fios, ní raibh an Chomhairle ag iarraidh teacht in ionad na rialacha maidir le luach an smachta reachta ná maidir le cosaint éifeachtach bhreithiúnach, mar a shoiléirítear le cásdlí na Cúirte, tríd an gcinneadh atá faoi chonspóid a ghlacadh agus, ar an gcaoi sin, clocha míle F1G, F2G agus F3G a shocrú.

79      Thairis sin, léirítear é sin le haithris 45 den chinneadh atá faoi chonspóid, ar dá réir atá clocha míle F1G, F2G agus F3G gan dochar d’oibleagáid Phoblacht na Polainne dlí an Aontais a chomhlíonadh tráth ar bith agus, go háirithe, an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE, arna léiriú ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, agus le haithris 50 den chinneadh atá faoi chonspóid, ar dá réir atá na clocha míle sin gan dochar do nósanna imeachta um shárú atá ar siúl faoi láthair nó a bheidh ar siúl amach anseo agus, ar bhonn níos ginearálta, don oibleagáid atá ar Phoblacht na Polainne dlí an Aontais a chomhlíonadh, go háirithe breithiúnais Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

80      Dá bhrí sin, trí chlocha míle F1G, F2G agus F3G a shonrú, san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gcinneadh atá faoi chonspóid, nach mór do Phoblacht na Polainne a bhaint amach chun go mbeadh sí in ann rochtain a fháil ar chistiú faoin tSaoráid, níor fhéach an Chomhairle le húdarú a thabhairt don Bhallstát sin gan breithiúnais Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a chomhlíonadh lena gcinntear nár chomhlíon an Ballstát sin luach an smachta reachta nó prionsabal na cosanta breithiúnaí éifeachtaí.

81      Is i bhfianaise na measúnuithe roimhe seo nach mór a scrúdú, ar an dara dul síos, an ndéanann an cinneadh atá faoi chonspóid, ag féachaint dá shubstaint, difear díreach do na breithiúna lena mbaineann cinntí an Dlísheomra Araíonachta i bhfianaise chloch mhíle F2G a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gcinneadh sin.

82      I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara go mbraitheann na hiarratasóirí, ar chloch mhíle F2G agus ar cloch mhíle F3G araon, chun a mhaíomh go ndéanann tabhairt isteach nós imeachta athbhreithnithe difear do na breithiúna lena mbaineann cinntí an Dlísheomra Araíonachta. Mar sin féin, ós rud é nach bhforchuirtear le cloch mhíle F3G ach tréimhse theoranta nach mór na nósanna imeachta athbhreithnithe a chur chun feidhme lena linn agus go bhfuil tabhairt isteach an nós imeachta athbhreithnithe, ann féin, beartaithe le cloch mhíle F2G, ní mór cúram díreach na mbreithiúna sin a scrúdú i bhfianaise chloch mhíle F2G amháin, mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gcinneadh atá faoi chonspóid.

83      Dírítear an cinneadh atá faoi chonspóid chuig Poblacht na Polainne, nach mór di cloch mhíle F2G, a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis, a bhaint amach, chun bheith in ann tairbhe a bhaint as cistiú faoin tSaoráid.

84      Is fíor, i gcomhréir leis an gcásdlí dá dtagraítear i mír 63 thuas, nach gciallaíonn an fíoras go bhfuil bearta cur chun feidhme i gceist leis an ngníomh atá faoi dhíospóid, ann féin, nach féidir leis an ngníomh sin difear díreach a dhéanamh do staid dhlíthiúil duine aonair.

85      Mar sin féin, ní mór nasc díreach a bheith ann idir an gníomh atá i gceist agus a éifeachtaí ar an iarratasóir (féach, chuige sin agus de réir analaí, breithiúnas an 12 Iúil 2022, Nord Stream 2 v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C‑348/20 P, EU:C:2022:548, míreanna 74 agus 76).

86      Mar shampla, i mír 75 de bhreithiúnas an 12 Iúil 2022, Nord Stream 2 v an Pharlaimint agus an Chomhairle (C‑348/20 P, EU:C:2022:548), bhí an Chúirt Bhreithiúnais in ann teacht ar an gconclúid go raibh nasc díreach idir an gníomh atá faoi chonspóid, ar Treoir é, agus a éifeachtaí, ós rud é go raibh oibleagáidí sonracha is infheidhme maidir leis an iarratasóir déanta ag na forálacha atá i gceist.

87      Sa chás seo, ar an taobh eile, gan beann ar an lánrogha a d’fhéadfadh a bheith ag Poblacht na Polainne maidir le cloch mhíle F2G a bhaint amach, ní mór a mheabhrú go raibh an chloch mhíle sin teoranta do choinníoll a leagan síos a bheadh le comhlíonadh ag an mBallstát atá i gceist chun go mbeadh sé in ann tairbhe a bhaint as maoiniú, mar a luaitear i mír 74 thuas. Dá bhrí sin, ní féidir a bhaint de thátal gur forchuireadh go cinntitheach leis an gcinneadh atá faoi chonspóid, trí fhoráil a dhéanamh do chloch mhíle F2G, oibleagáidí sonracha ar an mBallstát sin ina chaidreamh le breithiúna a ndéanann cinntí an Dlísheomra Araíonachta difear dóibh.

88      Go háirithe, ní raibh sé d’éifeacht ag an gcinneadh atá faoi chonspóid breithiúna a ndéanann cinntí an Dlísheomra Araíonachta difear dóibh a chur faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos ann, ná ní raibh riail shonrach infheidhme go díreach ina leith dá bharr. Dá réir sin, níl aon nasc díreach idir an cinneadh sin, a mhéid a shonraítear cloch mhíle F2G leis, agus staid dhlíthiúil na mbreithiúna a ndéanann cinntí an Dlísheomra Araíonachta difear dóibh.

89      Dá bhrí sin, fiú tar éis ghlacadh an chinnidh atá faoi chonspóid, bhí staid na mbreithiúna a ndearna cinntí an Dlísheomra Araíonachta difear dóibh fós faoi rialú fhorálacha ábhartha dhlí na Polainne is infheidhme maidir leis an gcás sin agus fhorálacha dhlí an Aontais agus bhreithiúnais Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, gan cloch mhíle F2G a shonraítear sa chinneadh sin trí staid dhlíthiúil na mbreithiúna sin a athrú go díreach, sa chiall a éilítear leis an gceathrú fomhír d’Airteagal 263 CFAE.

90      Ina theannta sin, ní féidir glacadh leis, mar a mhaíonn na hiarratasóirí, go raibh sé d’éifeacht ag an gcloch mhíle F2G sin ‘cead a thabhairt, seachas a chur i gceangal’, nós imeachta athbhreithnithe a thabhairt isteach faoi dhlí na Polainne agus go gcuirfí cosc ar an gCoimisiún, tar éis dó comhoibriú i nglacadh an chinnidh atá faoi chonspóid agus, dá bhrí sin, i sonrú chlocha míle F1G, F2G agus F3G, a mhaíomh, go háirithe in imeachtaí um shárú, go bhfuil an nós imeachta athbhreithnithe ar neamhréir le dlí an Aontais.

91      Ar an gcéad dul síos, ní fhormheastar leis an gcinneadh atá faoi chonspóid ach sraith coinníollacha maoinithe, lena n‑áirítear cloch mhíle F2G, gan athrú díreach a dhéanamh ar staid na mbreithiúna a ndéanann cinntí an Dlísheomra Araíonachta difear dóibh, nach leasaítear ach leis an mbeart a ghlac Poblacht na Polainne ina dhiaidh sin chun an chloch mhíle sin a chur i gcrích. Thairis sin, i bhfianaise na conclúide ar thángthas uirthi i mír 80 thuas, ní féidir a údarú do Phoblacht na Polainne, faoi chloch mhíle F2G a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gcinneadh atá faoi chonspóid, comhlíonadh a hoibleagáidí faoi dhlí an Aontais a sheachaint, go háirithe breithiúnais agus orduithe Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

92      Ar an dara dul síos, fiú dá mba rud é, mar a mhaíonn na hiarratasóirí, go mbeadh cearta nós imeachta an Choimisiúin teoranta mar gheall ar a ról sa nós imeachta as ar eascair sonrú na gcloch míle, ní bheadh sé mar thoradh air sin, sa chás seo, go bhfuil cúram díreach ag na breithiúna a ndéanann cinntí an Dlísheomra Araíonachta leis an gcinneadh atá faoi chonspóid.

93      I bhfianaise an mhéid sin roimhe seo, ní mór a chinneadh nach ndéanann an cinneadh atá faoi chonspóid, lena ndéantar rochtain Phoblacht na Polainne ar mhaoiniú faoin tSaoráid coinníollach, difear díreach do staid dhlíthiúil na mbreithiúna a ndéanann cinntí an Dlísheomra Araíonachta difear dóibh, agus mar thoradh air sin nach gcomhlíontar an chéad choinníoll chun a chinneadh go bhfuil cúram díreach acu leis.

–       Cúram díreach breithiúna Polannacha agus bhreithiúna uile na mBallstát eile agus an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch (LEE)

94      De réir na n‑iarratasóirí, déanann an cinneadh atá faoi chonspóid difear díreach do bhreithiúna uile na Polainne agus do bhreithiúna na mBallstát eile agus an LEE.

95      Ar an gcéad dul síos, maidir leis an mbaint atá ag breithiúna Polannacha leis an nós imeachta athbhreithnithe a bheartaítear le clocha míle F2G agus F3G, maíonn na hiarratasóirí, fiú maidir le breithiúna nach ndéanann cinntí an Dlísheomra Araíonachta difear dóibh, ‘go bhfuil éifeacht athchomhairleach acu i bhfeidhmiú a ngairme’ fad is nach bhfuil staid a bpiaraí a ndéanann cinntí den sórt sin difear dóibh soiléirithe agus go bhfuil ualach oibre níos airde acu fad a bheidh a gcomhghleacaithe fós ar fionraí. Dá gcuirfí síneadh le fionraí na mbreithiúna atá faoi réir smachtbhannaí neamhdhleathacha, bheadh sé ‘faoi dhliteanas an bonn a bhaint den mhuinín nach mór don cheartas a spreagadh i ndaoine aonair i sochaí dhaonlathach agus [sa] smacht reachta’. Bheadh tionchar díreach aige sin ar chumas na ngiúistísí uile a gcúraim a chomhlíonadh i gceart i gcomhthéacs a ndualgas.

96      I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, a mhéid nach ndéanann clocha míle F2G agus F3G difear díreach do chás na mbreithiúna Polannacha a ndéanann cinntí an Dlísheomra Araíonachta difear dóibh, mar a luaitear i míreanna 82 go 93 thuas, go bhfuil an rud céanna fíor freisin, a fortiori, maidir le breithiúna Polannacha nach ndéanann cinntí den sórt sin difear dóibh.

97      Ina dhiaidh sin, maidir le cibé an bhfuil nó nach bhfuil baint ag breithiúna uile na Polainne le cloch mhíle F1G, maíonn na hiarratasóirí go ndéanann cloch mhíle F1G, mar a formheasadh leis an gcinneadh atá faoi chonspóid, difear díreach do staid dhlíthiúil bhreithiúna uile na Polainne, sa mhéid nach leor cosaint bhreithiúnach éifeachtach a athbhunú. Chuirfí de cheangal ar bhreithiúna Polannacha mar sin rialú a dhéanamh ar chásanna, lena n‑áirítear cásanna a bhaineann le maoiniú faoin tSaoráid, ‘i gcúinsí gairmiúla do-ghlactha, toisc go leanfadh siad de bheith faoi réir brú neamhdhleathach agus cur isteach ar a neamhspleáchas agus a neamhchlaontacht’. ‘Chuirfí de cheangal ar bhreithiúna Polannacha a gcuid dualgas a chomhlíonadh i gcoinníollacha a chothódh amhras’, go háirithe ar a gcumas cásanna a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais, dlí an Aontais a chur i bhfeidhm go hiomlán agus cinntí a dhéanamh lena gcuirtear i gcoinne leasanna an rialtais nó an pháirtí polaitíochta i gcumhacht sa Pholainn.

98      I ndáil leis sin, ní mór a lua nár léirigh na hiarratasóirí go bhfuil nasc sách dlúth ann idir cás bhreithiúna uile na Polainne agus cloch mhíle F1G lenar féidir teacht ar an gconclúid go ndéanann an chloch mhíle sin difear díreach do staid dhlíthiúil na mbreithiúna sin.

99      Cáineann na hiarratasóirí, inter alia, cloch mhíle F1G, ar an bhforas nach leor é chun neamhspleáchas agus neamhchlaontacht breithiúna Polannacha a athbhunú agus, ar bhonn níos ginearálta, córas breithiúnach de chuid na Polainne a chomhlíonann na híoscheanglais a fhorchuirtear le hurraim don smacht reachta.

100    Dá bhrí sin, ní dhéanann na hiarratasóirí ach ráitis de chineál ginearálta, is é sin le rá, dar leo, gur cheart cloch mhíle F1G a bheith iontu. Mar sin féin, ní shonraíonn na hiarratasóirí, i dtéacs iarbhír na cloiche míle sin, gnéithe sonracha a dhéanfadh dochar díreach do na breithiúna Polannacha.

101    Mar sin féin, ní féidir gurb ionann easpa rialacha, sa chinneadh atá faoi chonspóid, a mheasann na hiarratasóirí a bheith riachtanach, agus cur isteach díreach ar chearta breithiúna Polannacha a eascraíonn as an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE a dhéanann difear díreach dá staid dhlíthiúil.

102    Ar deireadh, tháinig na hiarratasóirí ar an gconclúid go ndéantar difear díreach le clocha míle F1G, F2G agus F3G, arna bhformheas leis an gcinneadh atá faoi chonspóid, do bhreithiúna na mBallstát eile agus an LEE, mar gheall ar na dlúthnaisc idir dlíchórais na Stát sin agus dlíchórais an Aontais.

103    Ar an gcéad dul síos, áitíonn siad go gceanglaítear ar na breithiúna sin, mar shampla, breithiúnais a aithint agus a fhorfheidhmiú nó dlínse áitiúil a shainiú i nósanna imeachta tearmainn nó iarrataí eiseachadta duine a scrúdú ar bhonn barántas gabhála Eorpach. Is dócha go ndéanfaí difear díreach do chumas breithiúna Stát eile a ndualgais a chomhlíonadh i gceart ós rud é go bhfuil an smacht reachta i mbaol i mBallstát amháin.

104    I ndáil leis sin, cé go bhféadfadh iarmhairtí a bheith ag easnaimh i ndlíchóras Ballstáit amháin ar fheidhmiú na cumhachta breithiúnaí i Stáit eile agus, ag glacadh leis go bhféadfadh na heasnaimh sin difear a dhéanamh d’obair laethúil bhreithiúna na Stát sin, ní chiallaíonn iarmhairtí den sórt sin go bhfuil an cinneadh atá faoi chonspóid de chineál lena ndéanfaí difear díreach do staid dhlíthiúil na mbreithiúna sin.

105    Ar an dara dul síos, maíonn na hiarratasóirí go bhfuil baol ann go mbeadh ‘éifeacht iarmhartach’ ann idir na Ballstáit, a mhéid, nuair a shamhlaíonn reachtas Ballstáit amháin athchóirithe reachtacha, lena n‑áirítear athchóirithe a bhaineann le heagrú a chórais bhreithiúnaigh, a ndéanfaí forbairtí sna Ballstáit eile a spreagadh.

106    Ba cheart a thabhairt faoi deara nach bhfuil breithnithe na n‑iarratasóirí maidir le héifeacht iarmharta a d’fhéadfadh a bheith ann, a tábhachtaí agus a d’fhéadfadh na breithnithe sin a bheith ó thaobh na polaitíochta de, de chineál lena léirítear go ndéantar difear díreach leis an cinneadh atá faoi chonspóid do staid na mbreithiúna i mBallstáit eile nó an LEE.

107    Dá bhrí sin, ní dhéanann an cinneadh atá faoi chonspóid difear díreach do bhreithiúna na Polainne, beag beann ar cibé an ndéanfaí nó nach ndéanfaí difear dóibh leis an gcinneadh ón Dlísheomra Araíonachta, ná do bhreithiúna Ballstát eile ná an LEE. Dá réir sin, ní féidir leis na hiarratasóirí brath ar staid na mbreithiúna sin chun inghlacthacht a gcaingne a shuí.

108    Ní féidir leis na hiarratasóirí ach an oiread brath ar an tríú habairt den cheathrú fomhír d’Airteagal 263 CFAE, a bhaineann le gníomhartha rialála, ar an bhforas go bhfuil seasamh ag na breithiúna a bhfuil a leasanna á gcosaint acu, trí leasanna a gcomhaltaí, chun imeachtaí a thionscnamh ar bhonn an tríú habairt sin. Go deimhin, tá an chiall chéanna leis an gcoinníoll ar dá réir nach mór baint dhíreach a bheith ag an iarratasóir leis an ngníomh a chonspóidtear agus leis an dara habairt den cheathrú fomhír d’Airteagal 263 CFAE agus sa tríú habairt den fhoráil sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 12 Iúil 2022, Nord Stream 2 v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C‑348/20 P, EU:C:2022:548, mír 73). Sna himthosca sin, in éagmais cúram díreach leis an gcinneadh atá faoi chonspóid, ní gá a scrúdú, an gníomh rialála é an cinneadh sin de réir bhrí an tríú habairt den cheathrú fomhír d’Airteagal 263 CFAE.

109    I bhfianaise an mhéid sin roimhe seo, agus ós rud é nach bhfuil na breithiúna a bhfuil a leasanna á gcosaint ag na hiarratasóirí iad féin i dteideal imeachtaí a thionscnamh, ní chomhlíonann na hiarratasóirí ach oiread na coinníollacha chun a gcaingne a bheith inghlactha faoin dara cineál cáis, dá dtagraítear sa chásdlí dá dtagraítear i mír 40 thuas.

 Coinníollacha inghlacthachta a mhaolú

110    Dar leis na hiarratasóirí, ba cheart coinníollacha inghlacthachta na gcaingne a mhaolú sa chás seo.

111    Go bunúsach, áitíonn na hiarratasóirí nach mór na coinníollacha inghlacthachta a chur i bhfeidhm le méid áirithe solúbthachta, go háirithe mar gheall ar na ceanglais a bhaineann le cosaint bhreithiúnach éifeachtach agus leis an smacht reachta, arb é luach bunaidh an Aontais é atá mar chuid dá fhéiniúlacht féin. Dar leis na hiarratasóirí, tá córas iomlán na leigheasanna dlí bunaithe go hintuigthe ar an mbonn go n‑urramaíonn na Ballstáit luach an smachta reachta. Ní fhéadfaí a bheith cinnte den réamhleagan sin sa Pholainn a thuilleadh, ós rud é go bhfuil easnaimh shistéamacha ann mar thoradh ar rogha a rinneadh d’aon ghnó gan dlí an Aontais a chomhlíonadh agus, go háirithe, cinntí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. I ndáil leis sin, áitíonn na hiarratasóirí nach leigheas é an tarchur chun réamhrialú a thuilleadh dóibh féin ná do na breithiúna a bhfuil a leasanna á gcosaint acu.

112    Déanann an Chomhairle, le tacaíocht ón Ungáir, argóintí na n‑iarratasóirí a dhíospóid.

113    I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, cé gur fíor nach mór na coinníollacha maidir le hinghlacthacht a leagtar síos sa cheathrú fomhír d’Airteagal 263 CFAE a léiriú i bhfianaise an chirt bhunúsaigh chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil, níor cheart go mbeadh sé d’éifeacht ag léiriú den sórt sin na coinníollacha a leagtar síos go sainráite sa Chonradh sin a chur i leataobh (féach, chuige sin, breithiúnais an 3 Deireadh Fómhair 2013, Inuit Tapiriit Kanatami agus páirtithe eile v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C‑583/11 P, EU:C:2013:625, mír 98 agus an cásdlí dá dtagraítear, agus an 28 Aibreán 2015, T & L Sugars agus Sidul Açúcares v an Coimisiún, C‑456/13 P, EU:C:2015:284, mír 44 agus an cásdlí dá dtagraítear).

114    Go háirithe, níl sé i gceist leis an gcosaint a thugtar le hAirteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh athrú a dhéanamh ar an gcóras athbhreithnithe bhreithiúnaigh dá bhforáiltear sna Conarthaí, agus go háirithe ar na rialacha maidir le hinghlacthacht caingne a thugtar go díreach os comhair Chúirteanna an Aontais. (féach, chuige sin, breithiúnas an 3 Deireadh Fómhair 2013, Inuit Tapiriit Kanatami agus páirtithe eile v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C‑583/11 P, EU:C:2013:625, mír 97 agus an cásdlí dá dtagraítear).

115    Go háirithe, ní cheanglaítear leis an gcosaint a thugtar le hAirteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha go bhféadfaidh duine aonair caingean le haghaidh neamhniú a thionscnamh gan choinníoll, go díreach os comhair Chúirteanna an Aontais, i gcoinne ghníomhartha an Aontais (breithiúnas an 28 Deireadh Fómhair 2020, Associazione GranoSalus v an Coimisiún, C‑313/19 P, nár foilsíodh, EU:C:2020:869, mír 62).

116    Sa chás seo, ní féidir leis na hiarratasóirí a mhaíomh go mbaineann an cinneadh atá faoi chonspóid go díreach leo, mar a luaitear i mír 109 thuas.

117    Sna himthosca sin, chiallódh maolú ar na coinníollacha inghlacthachta, mar a d’iarr na hiarratasóirí, nach gcuirfí an coinníoll maidir le cúram díreach a leagtar síos go sainráite sa cheathrú fomhír d’Airteagal 263 CFAE i leataobh, rud a bheadh contrártha leis an gcásdlí dá dtagraítear i mír 113 thuas. Dá bhrí sin, ní féidir leis na heasnaimh shistéamacha sa chóras breithiúnach sa Pholainn, arna líomhain ag na hiarratasóirí, in aon chás, údar a thabhairt don Chúirt Ghinearálta maolú ar an gcoinníoll maidir le cúram díreach a bhfuil feidhm aige maidir le caingne arna dtionscnamh ag daoine nádúrtha nó dlítheanacha, i gcomhréir leis an gceathrú fomhír d’Airteagal 263 CFAE.

118    Tá an méid sin gan dochar don oibleagáid atá ar Phoblacht na Polainne, i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE agus le hAirteagal 266 CFAE, na heasnaimh arna sainaithint ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i ndáil le géarchéim an smachta reachta a leigheas a luaithe is féidir. Thairis sin, ceadaítear le hAirteagal 263 CFAE, i gcomhréir leis an gcéad fhomhír de, go háirithe do na Ballstáit agus do na hinstitiúidí imeachtaí a thionscnamh in aghaidh aon fhorálacha arna nglacadh ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais, is cuma cén fhoirm ina bhfuil siad, a bhfuil sé beartaithe éifeachtaí dlíthiúla ceangailteacha a bheith acu, gan bheith orthu a léiriú go bhfuil leas acu in imeachtaí a thionscnamh (féach, chuige sin, breithiúnas an 13 Deireadh Fómhair 2011, Deutsche Post agus an Ghearmáin v an Coimisiún, C‑463/10 P agus C‑475/10 P, EU:C:2011:656, mír 36 agus an cásdlí dá dtagraítear). Thairis sin, is faoin gCoimisiún atá sé, i gcomhréir lena ról mar chaomhnóir na gConarthaí, mar a leagtar amach in Airteagal 17(1) CAE (féach, chuige sin, breithiúnas an 20 Meán Fómhair 2016, Ledra Advertising agus páirtithe eile v an Coimisiún agus BCE, C‑8/15 P go C‑10/15 P, EU:C:2016:701, mír 59), agus ós rud é go sainmhínítear leis na luachanna atá in Airteagal 2 CAE, lena n‑áirítear luach an smachta reachta, féiniúlacht an Aontais mar dhlíchóras coiteann (breithiúnas an 16 Feabhra 2022, an Pholainn v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C‑157/21, EU:C:2022:98, mír 145), gníomhú, lena n‑áirítear ar bhonn a mheasúnaithe dá bhforáiltear in Airteagal 24(3) de Rialachán 2021/241, chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh Poblacht na Polainne na ceanglais a eascraíonn as an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE.

119    I bhfianaise an mhéid sin roimhe seo, ní mór na caingne a dhíbhe toisc iad a bheith do-ghlactha.

 Costais

120    Faoi Airteagal 134(1) de na Rialacha Nós Imeachta, ordófar d’aon pháirtí caillteach na costais a íoc, má iarrtar iad i bpléadálacha an pháirtí a n‑éireoidh leis. Ós rud é nár éirigh leis na hiarratasóirí agus go bhfuil iarratas déanta ag an gComhairle ar chostais, ní mór a ordú do na hiarratasóirí na costais a íoc.

121    I gcomhréir le hAirteagal 138(1) de na Rialacha Nós Imeachta, ordaítear do na Ballstáit agus na hinstitiúidí a rinne idiragairt sna imeachtaí a gcostais féin a íoc. Dá bhrí sin, ordaítear do Phoblacht na Polainne, don Ungáir agus don Choimisiún a gcostais féin a íoc.

Ar na forais sin,

ordaíonn AN CHÚIRT GHINEARÁLTA (an Mór-Dhlísheomra)

mar seo a leanas:

1.      Díbhtear do na caingne toisc iad a bheith do-ghlactha.

2.      Ordaítear do Magistratseuropéenspour la démocratie et les libertés (Medel), International Association of Judges, Association of European Administrative Judges agus Stichting Rechters voor Rechters na costais arna dtabhú ag Comhairle an Aontais Eorpaigh a íoc.

3.      Ordaítear do Phoblacht na Polainne, don Ungáir agus don Choimisiún a gcostais féin a íoc.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 4 Meitheamh 2024.

Cláraitheoir

 

Uachtarán

V. Di Bucci

 

M. van der Woude


*      Teanga an cháis: an Béarla.


1 Sonraí rúnda fágtha ar lár.