Language of document :

Caingean arna tabhairt an 22 Nollaig 2023 – LD v an Coimisiún

(Cás T-1184/23)

Teanga an cháis: an Iodáilis

Páirtithe

Iarratasóir: LD (ionadaí: M. Velardo, Dlíodóir)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh an 22 Márta 2023 a chur ar neamhní, ar cinneadh é nár áiríodh an t-iarratasóir leis i liosta ionadaithe chomórtas EPSO/AD/371/19, ós rud é go bhfuair sé an marc 98/180, nach leor é chun an tairseach 124/180 a bhaint amach;

Cinneadh an 22 Bealtaine 2023 a chur ar neamhní, ar cinneadh é lenar diúltaíodh don iarratas ar athscrúdú a dhéanamh ar a eisiamh ó chomórtas EPSO/AD/371/19;

Cinneadh an 12 Deireadh Fómhair 2023 ón údarás ceapacháin a chur ar neamhní, ar cinneadh é lenar diúltaíodh go hintuigthe don achomharc riaracháin arna thaisceadh an 12 Meitheamh 2023 de bhun Airteagal 90(2) de na Rialacháin Foirne, i ndiaidh don Institiúid fanacht ina tost ar feadh ceithre mhí, ó dháta déanta an achomhairc inmheánaigh;

a ordú don Choimisiún na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir cúig shaincheist dlí.

An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar Airteagal 27 de na Rialacháin Foirne agus ar chóir chomhionann idir na hiarrthóirí.

An dara saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar phrionsabal na córa comhionainne idir iarrthóirí. Easpa measúnú oibiachtúil ar na hiarrthóirí agus sárú ar Airteagal 5(1) agus (3) d’Iarscríbhinn III de na Rialacháin Foirne.

An tríú saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar an oibleagáid cúiseanna a lua agus ar phrionsabal chomhionannas na bpáirtithe sna himeachtaí atá bainteach léi (Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha).

An ceathrú saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar Airteagal 5(5) agus (6) d’Iarscríbhinn III de na Rialacháin Foirne. Sárú ar na rialacha maidir le bunú an bhoird roghnúcháin.

An cúigiú saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar phrionsabal an chomhionannais idir na hiarrthóirí agus easpa oibiachtúlachta sa mheasúnú, de dheasca easpa cobhsaíochta an bhoird roghnúcháin.

____________