Caingean arna tabhairt an 2 Eanáir 2024 – DDCF v EUIPO (SUSTAINABLE BY DESIGN)
(Cás T-3/24)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Delvaux design coordination et finance (DDCF) (Etterbeek, an Bheilg) (ionadaithe: M. Hartmann, S. Fröhlich agus T. Ntinas, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar fhocalmharc ‘SUSTAINABLE BY DESIGN’ de chuid an Aontais Eorpaigh – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 792 593
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón Dara Bord Achomhairc de EUIPO an 18 Meán Fómhair 2023 i gCás R 1075/2023-2
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;
a ordú do EUIPO na costais a íoc.
Saincheist dlí
Sárú ar Airteagal 7(1)(b) i gcomhar le hAirteagal 7(2) de Rialachán (AE) Uimh. 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
____________