Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Conseil du Contentieux des Étrangers (an Bheilg) a taisceadh an 24 Deireadh Fómhair 2023 – X v État belge

(Cás C-637/23, Boghni 1 )

Teanga an cháis: an Fhraincis

An chúirt a rinne an tarchur

Conseil du Contentieux des Étrangers

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: X

Cosantóir: État belge, dá ndéanann Secrétaire d’État à l’Asile et la Migration ionadaíocht

Na ceisteanna a tharchuirtear

An bhfuil Airteagal 7(4), Airteagal 8(1) agus (2) agus Airteagal 11(1) de Threoir 2008/115 1 arna léamh i gcomhar le chéile nó go leithleach i bhfianaise Airteagal 13 de Threoir 2008/115 agus Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, le léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leo ar an gcinneadh gan tréimhse fhorordaithe le fágáil dheonach a dheonú a mheas go simplí mar bheart forghníomhaithe nach modhnaíonn stádas dlíthiúil an duine nach náisiúnach é lena mbaineann, cé nach gcuirtear isteach ar an gcéad toradh maidir le fanacht neamhdhleathach ar chríoch le tréimhse fhorordaithe le fágáil dheonach a dheonú nó gan é a dheonú?

Ina theannta sin, an dtugtar le tuiscint leis an gceart ar leigheas éifeachtach, a ráthaítear le hAirteagal 13 de Threoir 2008/115 agus le hAirteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, gur féidir, in achomharc i gcoinne cinneadh um fhilleadh, agóid a dhéanamh i gcoinne dlíthiúlacht cinnidh gan tréimhse fhorordaithe le fágáil dheonach a dheonú, agus murab amhlaidh an chás, nach féidir dlíthiúlacht bhunús dlí an toirmisc ar theacht isteach a chonspóid a thuilleadh?

I gcás go dtugtar freagra dearfach ar an gcéad cheist, an bhfuil na téarmaí ‘foráil a dhéanamh do thréimhse iomchuí’ faoi Airteagal 7(1) agus ‘oibleagáid maidir le filleadh’ faoi Airteagal 3(4) de Threoir 2008/115/CE le léiriú sa chaoi gurb é atá sa foráil maidir leis an tréimhse fhorordaithe, nó in aon chás, gan tréimshe fhorordaithe a dheonú, i gcomhthéacs na hoibleagáide um fhilleadh, ná gné ríthábhachtach den chinneadh um fhilleadh, rud a fhágann má fhaightear go bhfuil neamhdhleathacht i gceist leis an tréimhse fhorordaithe seo, beidh an cinneadh um fhilleadh ar neamhní ina iomláine agus an gcaithfear cinneadh um fhilleadh nua a dhéanamh?

Má tá an Chúirt den tuairim nach bhfuil an diúltú do thréimhse fhorordaithe a dheonú ina ghné ríthábhachtach den chinneadh um fhilleadh, agus sa chás nár bhain an Ballstát úsáid as, faoi Airteagal 7(1) de Threoir 2008/115, an rogha tréimhse fhorordaithe a shocrú ach amháin tar éis iarratas a fháil ón náisiúnach lena mbaineann, cén raon feidhme agus in-fhorfheidhmitheacht ba chóir a thabhairt don chinneadh um fhilleadh, de réir bhrí Airteagal 3(4) de Threoir 2008/115, a bhainfí den chomhchuid maidir leis an tréimhse ama?

____________

1 Is ainm bréige é ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.

1 Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh (IO 2008 L 348, lch. 98).