Breithiúnas na Cúirte (an Deichiú Dlísheomra) an 16 Meitheamh 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Fővárosi Törvényszék – an Ungáir) – DuoDecad Kft. v Nemzeti Adó- és Vámhivatal Fellebbviteli Igazgatósága
(Cás C-596/20)1
(Tarchur chun réamhrialú – Cánachas – Comhchóras cánach breisluacha (CBL) – Treoir 2006/112/CE – Airteagail 2, 24 agus 43 – An áit ina soláthraítear seirbhísí – Seirbhísí tacaíochta teicniúla arna soláthar do chuideachta atá bunaithe i mBallstát eile – Mí-úsáid ceart – Measúnú na bhfíoras – Easpa dlínse)
Teanga an cháis: an Ungáiris
An chúirt a rinne an tarchur
Fővárosi Törvényszék
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: DuoDecad Kft.
Cosantóir: Nemzeti Adó- és Vámhivatal Fellebbviteli Igazgatósága
An chuid oibríochtúil
Níl aon dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh na ceisteanna arna dtarchur le haghaidh réamhrialú, le cinneadh an 28 Meán Fómhair 2020, ón Fővárosi Törvényszék (Ard-Chúirt Bhúdaipeist, an Ungáir) a fhreagairt.
____________
1 IO C 35, 01.02.2021