Language of document :

Achomharc arna thabhairt an 24 Feabhra 2022 ag DD i gcoinne bhreithiúnais na Cúirte Ghinearálta (an Ceathrú Dlísheomra) a fógraíodh an 21 Nollaig 2021 i gCás T-703/19, DD v FRA

(Cás C-130/22 P)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: DD (ionadaí: N. Lorenz, Rechtsanwältin)

Páirtí eile sna himeachtaí: Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha

An t-ordú atá á lorg

an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar ceal ina iomláine;

dá bhrí sin:

cúiteamh a dheonú don Iarratasóir as an dochar neamhábhartha a fulaingíodh, mar a shonraítear san iarratas, measta ex aequo et bono ag €50 000;

Cinneadh Stiúrthóir FRA dar dáta an 21 Nollaig 2018 lena ndiúltaítear iarraidh an Iarratasóra faoi Airteagal 90(1) de na Rialacháin Foirne a neamhniú;

más gá, cinneadh Stiúrthóir FRA dar dáta an 24 Meitheamh 2019 lena ndiúltaítear gearán an Iarratasóra faoi Airteagal 90(2) de na Rialacháin Foirne a neamhniú;

a ordú do Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha na costais go léir a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca lena achomharc, ardaíonn an tIarratasóir na forais agus na príomhargóintí seo a leanas maidir leis an mbreithiúnas atá faoi achomharc:

Earráid dlí, mainneachtain na fíorais atá ábhartha ó thaobh dlí a shuíomh, scrúdú neamhiomlán ar na fíorais agus saobhadh fianaise maidir leis an ráiteas fíorais.

Earráid dlí, saobhadh fianaise, réasúnaíocht neamhleor, sárú ar phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla agus earráid fhollasach breithmheasa maidir leis an gcéad saincheist dlí maidir le neamhdhleathacht.

Earráid dlí, saobhadh fianaise, scrúdú dlíthiúil neamhiomlán ar na fíorais ábhartha, scrúdú neamhiomlán ar an iarraidh, réasúnaíocht neamhleor maidir leis an dara saincheist dlí maidir le neamhdhleathacht.

Earráid dlí, scrúdú neamhiomlán ar an iarraidh agus réasúnaíocht neamhleor maidir leis an gcúigiú saincheist dlí maidir le neamhdhleathacht.

Earráid dlí, saobhadh fianaise, réasúnaíocht neamhleor maidir leis an séú saincheist dlí maidir le neamhdhleathacht.

Earráid dlí, scrúdú neamhiomlán ar an iarraidh, réasúnaíocht neamhleor, pléadáil gur úsáideadh fianaise nach bhfuarthas go dleathach nó a úsáideadh maidir leis an ochtú saincheist dlí maidir le neamhdhleathacht.

Earráid dlí, saobhadh fianaise, aicmiú mícheart dlíthiúil ar fhíorais, réasúnaíocht neamhleor maidir leis an naoú saincheist dlí maidir le neamhdhleathacht.

Earráid dlí, scrúdú neamhiomlán ar na fíorais, réasúnaíocht neamhleor agus sárú ar Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh maidir leis an roinn ar damáiste iarbhír líomhnaithe agus nasc cúisíoch.

____________