Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Administrativen sad Sofia-grad (an Bhulgáir) a taisceadh an 22 Lúnasa 2022 – SN agus LN, arna n-ionadú ag SN

(Cás C-563/22)

Teanga an cháis: an Bhulgáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Administrativen sad Sofia-grad

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: SN agus LN, arna n-ionadú ag SN

Cosantóir: Zamestnik-predsedatel na Darzhavnata agentsia za bezhantsite

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.     An leanann as Airteagal 40(1) de Threoir 2013/32/AE 1 , i gcás ina gceadaítear athbhreithniú ar iarratas eile ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh ag iarratasóir gan Stát de bhunadh Palaistíneach, ar iarratas é a rinneadh ar bhonn a chlárúcháin le UNRWA, go gcumhdaítear freisin leis an oibleagáid atá ar na húdaráis inniúla dá bhforáiltear leis an bhforáil sin chun na gnéithe go léir atá ina mbunús leis an bhfaisnéis bhreise san iarratas eile a chur san áireamh agus a athbhreithniú, in imthosca an cháis, an oibleagáid na cúiseanna ar fhág an duine limistéar oibríochtúil UNRWA a mheas, chomh maith leis na gnéithe nó imthosca nua arb iad ábhar an iarratais eile a athbhreithniú, agus an oibleagáid sin á léiriú i dteannta an dara habairt d’Airteagal 12(1)(a) de Threoir 2011/95/AE 2 ? An mbraitheann comhlíonadh na hoibleagáide sin ar an bhfíoras go ndearnadh scrúdú ar na cúiseanna ar fhág an duine limistéar oibríochtúil UNRWA cheana sna himeachtaí maidir leis an gcéad iarratas ar chosaint [idirnáisiúnta], ina raibh cinneadh cinntitheach lenar diúltaíodh don chosaint sin, nuair nach ndearna an t-iarratasóir a chlárúcháin le UNRWA a agairt ná a chruthú sna himeachtaí sin?

2.     An leanann as an dara habairt d’Airteagal 12(1)(a) de Threoir 2011/95 go mbaineann an frása “I gcás ina gcuirtear stop leis an gcosaint nó leis an gcúnamh sin ar chúis ar bith” san fhoráil sin le duine gan Stát de bhunadh Palaistíneach a cláraíodh le UNRWA agus a bhí ag fáil cúnaimh i gCathair Gaza ó UNRWA i bhfoirm bia, seirbhísí sláinte agus seirbhísí oideachais, cé nach raibh aon fhianaise ann go raibh bagairt phearsanta ann don duine sin, a d’fhág Cathair Gaza dá dheoin féin agus go dleathach, ag cur an fhaisnéis atá ar fáil sa chás san áireamh:

– measúnú ar chúrsaí ina n-iomláine gur ghéarchéim dhaonnúil nach bhfacthas riamh a bhí i gceist, lenar bhain easpa bia, uisce óil, seirbhísí sláinte agus cógas leighis chomh maith le fadhbanna soláthair uisce agus leictreachais, agus foirgnimh agus infreastruchtúr á scriosadh, agus dífhóstaíocht

– deacrachtaí UNRWA chun cúnamh agus seirbhísí, ina measc bia agus seirbhísí sláinte, a choinneáil ar bun in Gaza mar gheall ar easnamh mór i mbuiséad UNRWA agus síormhéadú sa líon daoine ag brath ar chúnamh na gníomhaireachta, [agus go bhfuil] cúrsaí ina n-iomláine in Gaza ag baint an bonn de ghníomhaíochtaí UNRWA?

An gcaithfear freagra eile a thabhairt ar an gceist seo toisc amháin gur duine leochaileach an t-iarratasóir de réir bhrí Airteagal 20(3) den Treoir sin, eadhon leanbh mionaoiseach?

3.     An gcaithfear an dara habairt d’Airteagal 12(1)(a) de Threoir 2011/95 a léiriú sa chaoi go bhféadfadh iarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta, ar dídeanaí Palaistíneach a cláraíodh le UNRWA é, filleadh ar an limistéar oibríochtúil de UNRWA a d’fhág sé, go sonrach, ar Chathair Gaza, i gcás, tráth na héisteachta dá chaingean i gcoinne cinneadh diúltaithe os comhair cúirte

– nach bhfuil aon fhaisnéis údarásach ann go mbeidh an duine sin in ann cúnamh a fháil ó UNRWA maidir le bia, seirbhísí sláinte, cógais leighis, cúram sláinte agus oideachas,

– ina measadh gurb é atá san fhaisnéis faoi chúrsaí ina n-iomláine i gCathair Gaza agus faoi UNRWA, de réir Sheasamh UNHCR ar fhilleadh ar Stráice Gaza de mhí an Mhárta 2022, ná go bhfuil cúis ann chun limistéar oibríochtúil UNRWA a fhágáil agus gan filleadh ann,

agus, dá bhfillfeadh sé, go mbeadh an t-iarratasóir in ann fanacht ansin i ndálaí maireachtála daonnachtúla?

Ag féachaint don phrionsabal maidir le non-refoulement faoi Airteagal 21(1) de Threoir 2011/95, arna léamh i dteannta le hAirteagal 19 den Chairt, a chur i bhfeidhm agus a chomhlíonadh maidir leis an iarratasóir seo, an dtagann staid phearsanta duine atá ag iarraidh cosaint idirnáisiúnta, i bhfianaise cúrsaí i Stráice Gaza ag an am faoi chaibidil agus a mhéid go bhfuil an duine sin ag brath ar chúnamh ó UNRWA maidir le bia, seirbhísí sláinte, cógais leighis agus cúram leighis, faoi raon feidhme an léirithe a tugadh faoi Uimh. 4 den chuid oibríochtúil den bhreithiúnas an 19 Márta 2019, Jawo (C-163/17, EU:C:2019:218), maidir le fíorbhochtaineacht ábhartha faoi Airteagal 4 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh?

Ar bhonn na faisnéise maidir le cúrsaí ina n-iomláine i gCathair Gaza agus maidir le UNRWA, an gcaithfear freagra difriúil a thabhairt ar an gceist maidir le filleadh ar Chathair Gaza toisc amháin gur leanbh mionaoiseach an duine atá ag iarraidh cosanta, ar mhaithe le cosaint leas an linbh agus a chúram, a fhorbairt sóisialta, a chosaint agus a shábháilteacht a ráthú?

4.     Ag brath ar an bhfreagra ar an triú ceist:

An gcaithfear Airteagal (12)(1)(a) agus, go háirithe, an frása “beidh na daoine sin ipso facto i dteideal leas na Treorach seo” san fhoráil sin a léiriú sa chaoi:

А) go mbaineann an prionsabal maidir le non-refoulement faoi Airteagal 21(1) de Threoir 2011/95, arna léamh i dteannta le hAirteagal 19(1) den Chairt, le duine ag iarraidh cosanta, ar Palaistíneach gan Stát a cláraíodh le UNRWA é, toisc, dá bhfillfí é ar Chathair Gaza, go mbeadh an duine sin i mbaol go gcaithfear leis go mídhaonna nó go táireach, toisc go bhféadfadh sé a bheith faoi fhíorbhochainteacht ábhartha, agus go dtagann sé faoi dheonú na cosanta coimhdí faoi raon feidhme Airteagal 15[(b)] de Threoir 2011/95,

B) go gceanglaítear leis an bhforáil sin, maidir le duine ag iarraidh cosanta, ar Palaistíneach gan Stát a cláraíodh le UNRWA é, go ndéanfadh an Ballstát sin stádas mar dhídeanaí de réir bhrí Airteagal 2(c) den Treoir sin a aithint agus go dtabharfar stádas mar dhídeanaí don duine sin trí oibriú dlí, a mhéid is nach dtagann sé faoi raon feidhme Airteagal 12(1)(b) nó (2) nó (3) den Treoir sin, i gcomhréir le hUimh. 2 den chuid oibríochtúil den bhreithiúnas an 19 Nollaig 2012, Abed El Karem El Kott agus páirtithe eile (C-364/11, EU:C:2012:826), gan na himthosca ábhartha maidir le deonú cosanta coimhdí faoi Airteagal 15[(b)] de Threoir 2011/95 a chur san áireamh maidir leis an duine sin?

____________

1 Treoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na nósanna imeachta coiteanna chun stádas cosanta idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar (IO 2013 L 180, lch. 60).

1 Treoir 2011/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le caighdeáin i dtaca le cáiliú náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát mar thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta, ar mhaithe le stádas aonfhoirmeach do dhídeanaithe nó do dhaoine atá incháilithe le haghaidh cosaint choimhdeach agus inneachar na cosanta a thugtar (IO 2011 L 337, lch. 9).