Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Ard-Chúirt (Éire) a taisceadh an 25 Feabhra 2022 – Hellfire Massy Residents Association v An Bord Pleanála, An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Éire, An tArd-Aighne

(Cás C-166/22)

Teanga an cháis: an Béarla

An chúirt a rinne an tarchur

Ard-Chúirt

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Hellfire Massy Residents Association

Cosantóirí: An Bord Pleanála, An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Éire, An tArd-Aighne

Páirtithe eile: Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas, An Taisce – the National Trust For Ireland, Save the Bride Otters

Na ceisteanna a tharchuirtear:

Is é an chéad cheist:

an mbíonn an éifeacht ag prionsabail ghinearálta dlí AE arna n-eascairt ó thosaíocht dhlíchóras AE nach bhféadfaidh riail nós imeachta inmheánach ina gcaithfidh iarratasóir ag athbhreithniú breithiúnach na forálacha dlí a mhaíomh go sonrach cosc a chur ar iarratasóir a dhéanann agóid faoi chomhoiriúnacht dhlí inmheánaigh le dlí AE arna aithint brath freisin ar agóid bunaithe ar fhoirceadail nó ionstraim dlí ar gá go dtuigfí uathu go bhfuil mianach ábhartha iontu chun dlí AE dá leithéid a léiriú, ar nós an phrionsabail gur cheart dlí comhshaoil AE a léamh in éineacht leis an gCoinbhinsiún maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil arna dhéanamh in Aarhus, an Danmhairg an 25 Meitheamh 1998 mar dhlúthchuid de dhlíchóras AE?

Is é an dara ceist:

an bhfuil an éifeacht ag Airteagail 12 agus/nó 16 de Threoir 92/43/CEE1 agus/nó na forálacha sin arna léamh in éineacht le hAirteagal 9(2) den Choinbhinsiún maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil arna dhéanamh in Aarhus, an Danmhairg an 25 Meitheamh 1998 agus/nó in éineacht leis an bprionsabal go gcaithfidh ballstáit gach beart speisialta is gá a ghlacadh chun cur chun feidhme éifeachtaí na treorach nach bhféadfaí brath ar riail inmheánach nós imeachta a shainíonn nach foláir d’iarratasóir gan “ceist hipitéiseach” a luadh agus “go mbaineann sé leis i ndáiríre nó go fíorasach” sular féidir leis gearán a dhéanamh maidir le comhoiriúnacht an dlí inmheánaigh le foráil den dlí AE chun agóid arna déanamh ag iarratasóir a bhfuil a chearta chun rannpháirtithe poiblí agartha aige maidir le cinneadh riaracháin agus ar mian leis ansin agóid a dhéanamh maidir le bailíocht fhoráil dlí inmheánaigh trí thagairt don dlí AE in oirchill ar dhamáiste arna dhéanamh don chomhshaol sa todhchaí mar thoradh ar easnaimh arna líomhain sa dlí inmheánach, a bhfuil féidearthacht réasúnta ann go ndéanfaí damáiste dá leithéid sa todhchaí, go háirithe nuair a údaraíodh go mbeadh an fhorbairt i gceantar ar gnáthóg é do speicis atá faoi réir dianchosanta agus/nó mar gheall ar chur i bhfeidhm cur chuige an réamhchúraim tá féidearthacht ann go bhféadfadh go n-éireodh riachtanas chun iarratais ar dhíolúine faoi Airteagal 16 den Treoir as suirbhéanna um iar-thoil?

Is é an tríú ceist:

an bhfuil an éifeacht ag Airteagail 12 agus/nó 16 de Threoir 92/43/CEE agus/nó na forálacha sin arna léamh in éineacht le hAirteagail 6(1) agus/nó 9(2) den Choinbhinsiún maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil arna dhéanamh in Aarhus, an Danmhairg an 25 Meitheamh 1998 agus/nó in éineacht leis an bprionsabal go gcaithfidh ballstáit gach beart speisialta is gá a ghlacadh chun cur chun feidhme éifeachtaí na treorach nár chóir do chóras ceadúnais um dhíolúine dá bhforáiltear i ndlí inmheánach chun éifeacht a thabhairt d’Airteagal 16 den Treoir a bheith comhthreomhar le agus neamhspleách ón gcóras um thoiliú maidir le forbairt ach gur chóir dó a bheith mar chuid de phróiseas comhtháite um cheadú a bhfuil cinneadh de chuid údarás inniúil mar chuid de (seachas breithiúnas ad hoc arna bhunú ag an bhforbróir féin ar bhonn foráil ghinearálta den dlí coiriúil) maidir leis an gceist ar cheart ceadúnas um dhíolúine a chur i bhfeidhm mar gheall ar chúiseanna arna n-aithint i ndiaidh deonú tola maidir le forbairt agus/nó bainteach le cinneadh arna dhéanamh ag údarás inniúil maidir le cé na suirbhéanna atá riachtanach i gcomhthéacs measúnaithe maidir le cé acu ar ceart nó nach ceart iarratas ar cheadúnas dá leithéid a dhéanamh?

4.    Is é an ceathrú ceist: an é iarmhairt Airteagail 12 agus/nó 16 de Threoir 92/43/CEE agus/nó na forálacha sin arna léamh in éineacht le hAirteagail 6(1) agus/nó 9(2) den Choinbhinsiún maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil arna dhéanamh in Aarhus, an Danmhairg an 25 Meitheamh 1998 i dtaobh forbartha a raibh deonú tola maidir le forbairt faoi réir measúnacht chuí faoi Airteagal 6(3) de Threoir 92/43/CEE, agus i gcomhthéacs go bhféadfaí díolúine iar-thoil a iarradh faoi Airteagal 16 92/43/CEE, gurb ann do riachtanas ar nós imeachta um rannpháirtíocht phoiblí i gcomhoiriúnacht le hAirteagal 6 de Choinbhinsiún Aarhus?

____________

1 Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flora fiáine a chaomhnú (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7).