Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Augstākā tiesa (Senāts) (an Laitvia) an 9 Meitheamh 2023 — SIA A v C, D, E

(Cás C-365/23, Arce 1 )

Teanga an cháis: an Laitvis

An chúirt a rinne an tarchur

Augstākā tiesa (Senāts)

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Achomharcóir agus iarratasóir ag an gcéad chéim: SIA A

Páirtithe eile sna himeachtaí achomhairc agus cosantóirí ag an gcéad chéim: C, D, E

Na ceisteanna a tharchuirtear

An gcumhdaítear faoi raon feidhme Threoir 93/13/CEE 1 ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra conradh seirbhíse um thacaíocht le forbairt agus le gairm lúthchleasaí arna thabhairt i gcrích idir, ar thaobh amháin, trádálaí atá i mbun a ghníomhaíochta gairmiúla sa réimse maidir le lúthchleasaithe a fhorbairt agus a thraenáil agus, ar an taobh eile, mionaoiseach arna ionadú ag a thuismitheoirí nach raibh, tráth ar tugadh an conradh i gcrích, i mbun gníomhaíocht ghairmiúil i réimse an spóirt lena mbaineann?

I gcás go dtugtar freagra diúltach ar an gcéad cheist, an gcuirtear cosc le Treoir 93/13 ar chásdlí náisiúnta lena léirítear an reachtaíocht lena dtrasuitear an Treoir sin sa dlí náisiúnta ar chaoi go bhfuil na forálacha lena gcosnaítear cearta tomhaltóirí sa reachtaíocht sin infheidhme freisin i leith conarthaí den sórt sin?

I gcás go dtugtar freagra dearfach ar an gcéad nó ar an dara ceist, an féidir le cúirt náisiúnta clásal conarthach lena leagtar síos, chun na seirbhísí arna sonrú sa chonradh a sholáthar, um thacaíocht le forbairt agus le gairm i spórt áirithe, go ngeallann an lúthchleasaí óg go n-íocfaidh sé pá arb ionann é agus 10 % den ioncam a gheobhaidh sé le linn na 15 bliana a leanfaidh sin, a chur faoi réir measúnú maidir leis an gcineál éagórach i gcomhréir le hAirteagal 3 de Threoir 93/13 agus a mheas nach bhfuil an clásal sin ar cheann de na clásail nach bhfuil faoi réir measúnú maidir leis an gcineál éagórach i gcomhréir le hAirteagal 4(2) de Threoir 93/13?

I gcás go dtugtar freagra dearfach ar an tríú ceist, an gcaithfear clásal conarthach lena leagtar síos, chun na seirbhísí arna sonrú sa chonradh a sholáthar, um thacaíocht le forbairt agus le gairm lúthchleasaí áirithe, go ngeallann an lúthchleasaí óg go n-íocfaidh sé pá arb ionann é agus 10 % den ioncam a gheobhaidh sé le linn na 15 bliana a leanfaidh sin, a mheas a bheith scríofa ar bhealach soiléir agus intuigthe de réir bhrí Airteagal 5 de Threoir 93/13, agus an fíoras, tráth ar tugadh an conradh i gcrích, nach raibh an lúthchleasaí óg i seilbh faisnéis shoiléir maidir le luach na seirbhíse arna soláthar ná maidir leis an méid a mbeadh air a íoc as an seirbhís sin, lena gceadófaí dó measúnú a dhéanamh ar na hiarmhairtí eacnamaíocha d’fhéadfadh a bheith ann dó, á chur san áireamh?

I gcás go dtugtar freagra dearfach ar an tríú ceist, an gcaithfear a mheas gurb ionann clásal conarthach lena leagtar síos, chun na seirbhísí arna sonrú sa chonradh a sholáthar, um thacaíocht le forbairt agus le gairm lúthchleasaí áirithe, go ngeallann an lúthchleasaí óg go n-íocfaidh sé pá arb ionann é agus 10 % den ioncam a gheobhaidh sé le linn na 15 bliana a leanfaidh sin, i gcomhréir le hAirteagal 3(1) de Threoir 93/13, agus clásal lena gcruthaítear éagothromaíocht shuntasach idir cearta agus oibleagáidí na bpáirtithe sa chonradh, chun aimhleasa an tomhaltora, á chur san áireamh nach ndéantar nasc leis an mír sin idir luach na seirbhíse arna soláthar agus an costas a bhaineann léi don tomhaltóir?

I gcás go dtugtar freagra dearfach ar an gcúigiú ceist, an mbeadh cinneadh ó chúirt nó binse náisiúnta, lena laghdaítear an méid a bhféadfaí a éileamh ar an tomhaltóir a íoc chuig an soláthróir seirbhíse go dtí méid na bhfíorchostas atá le hiompar ag an soláthróir chun na seirbhísí a sholáthar don tomhaltóir de bhun an chonartha, ar neamhréir le hAirteagal 6(1) de Threoir 93/13?

I gcás go dtugtar freagra dearfach ar an tríú ceist, agus mura bhfuil an clásal conarthach lena leagtar síos, chun na seirbhísí arna sonrú sa chonradh a sholáthar, um thacaíocht le forbairt agus le gairm lúthchleasaí áirithe, go ngeallann an lúthchleasaí óg go n-íocfaidh sé pá arb ionann é agus 10 % den ioncam a gheobhaidh sé le linn na 15 bliana a leanfaidh sin faoi réir measúnú maidir leis an gcineál éagórach i gcomhréir le hAirteagal 4(2) de Threoir 93/13, an féidir le cúirt nó binse náisiúnta, agus é cinnte aici nó aige go bhfuil méid an phá díréireach go follasach i gcomparáid leis an gcion tairbhe arna thabhairt ag an soláthróir seirbhíse, a dhearbhú, áfach, go bhfuil an clásal conarthach sin éagórach ar bhonn an dlí náisiúnta?

I gcás go dtugtar freagra dearfach ar an seachtú ceist, i gcás conradh arna thabhairt i gcrích le tomhaltóir roimh theacht i bhfeidhm Airteagal 8a de Threoir 93/13, an gcaithfear an fhaisnéis arna soláthar ag an mBallstát go dtí an Coimisiún Eorpach i gcomhréir le hAirteagal 8a den Treoir sin a chur san áireamh maidir leis na forálacha arna nglacadh ag an mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 8 den Treoir chéanna sin agus, más amhlaidh an cás, an bhfuil inniúlacht na gcúirteanna nó na mbinsí náisiúnta teoranta leis an bhfaisnéis arna soláthar ag an mBallstát sin i gcomhréir le hAirteagal 8a de Threoir 93/13 nuair a chuir an Ballstát sin in iúl nach dtéann a reachtaíocht níos faide ná an méid dá bhforáiltear leis na caighdeáin íosta arna leagan síos sa Treoir sin?

I gcás go dtugtar freagra dearfach ar an gcéad nó ar an dara ceist, i bhfianaise Airteagal 17(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, i gcomhar le hAirteagal 24 den Chairt sin, le haghaidh chur i bhfeidhm na reachtaíochta lena dtrasuitear forálacha Threoir 93/13 sa dlí náisiúnta, cén ábharthacht a bhaineann leis an bhfíoras, tráth ar tugadh an conradh seirbhíse atá i gceist i gcrích, atá ar fhad 15 bliana, gur mionaoiseach a bhí sa lúthchleasaí óg agus, dá bhrí sin, gur thug a thuismitheoirí an conradh sin i gcrích thar a cheann, conradh lenar bunaíodh oibleagáid dó pá a íoc arb ionann é agus 10 % den ioncam iomlán a gheobhadh sé le linn na 15 bliana a leanfaidh sin?

I gcás go dtugtar freagra diúltach ar an gcéad nó ar an dara ceist, agus é á chur san áireamh go gcumhdaítear na gníomhaíochtaí spóirt faoi raon feidhme dhlí an Aontais, an sárófaí na cearta bunúsacha a chumhdaítear in Airteagal 17(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, i gcomhar le hAirteagal 24(2) den Chairt, le conradh seirbhíse atá ar fhad 15 bliana arna thabhairt i gcrích ag lúthchleasaí óg mionaoiseach ― arna thabhairt i gcrích thar a cheann ag a thuismitheoirí ― lena gceanglaítear ar an mionaoiseach sin pá arb ionann é agus 10 % den ioncam iomlán a gheobhadh sé le linn na 15 bliana a leanfaidh sin?

____________

1     Ainm dlítheanach atá in ainm an cháis seo. Ní bhaineann sé le fíorainm aon cheann de na páirtithe sna himeachtaí.

1     IO 1993 L 95, lch. 29.