Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 24 Bealtaine 2023 – AL v an Coimisiún

(Cás T-714/21)1

(Seirbhís Shibhialta – Oifigigh – Pá – Liúntais teaghlaigh – Liúntas linbh chleithiúnaigh – Airteagal 2(4) d’Iarscríbhinn VII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne – Duine a bpléitear leis mar leanbh cleithiúnach – Coinníollacha deonaithe – Tairbhe an liúntais a aistarraingt – Aisghabháil íocaíochtaí neamhdhlite – Airteagal 85 de na Rialacháin Foirne)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: AL (ionadaí: R. Rata, Dlíodóir)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: T. S. Bohr, L. Hohenecker agus D. Milanowska, Gníomhairí)

Ábhar

Lena chaingean atá bunaithe ar Airteagal 270 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfear ar neamhní an cinneadh ón Oifig um Riar agus Íoc Teidlíochtaí Indibhidiúla (PMO) den Choimisiún Eorpach an 11 Eanáir 2021, lenar iarradh go bunúsach, ar an gcéad dul síos, diúltú dá iarraidh ar liúntas dá mháthair mar dhuine a bpléitear leis mar leanbh cleithiúnach ar bhonn Airteagal 2(4) d’Iarscríbhinn VII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh don tréimhse ón 1 Samhain 2020 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2021 agus, ar an dara dul síos, a ordú aisghabháil na suimeanna a fuair sé mar gheall ar an liúntas sin don tréimhse ón 1 Samhain 2019 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2020.

An chuid oibríochtúil

Diúltaítear don chaingean.

Ordaítear do AL na costais a íoc.

____________

1     IO C 51, 31.1.2022.