Language of document :

Caingean arna tabhairt an 21 Márta 2024 – BT v an Coimisiún

(Cás T-162/24)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: BT (ionadaí: M. Velardo, avocate)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

a ordú don Choimisiún liúntas cúiteach a íoc le haghaidh na damáiste a bhaineann le leithreasú a cheart maoine dar cuid an ceart chun pinsean marthanóra mar athsholáthar ioncaim ag an Aontas;

a ordú don Choimisiún coibhéis achtúireach shé mhí mheánmhéid an phinsin marthanóra arna fháil ó mhí na Samhna 2018 go mí Iúil 2024 a íoc, i ndáil leis an damáiste neamhábhartha a rinneadh le caitheamh go suarach lena iarratas an 24 Deireadh Fómhair 2022, rud atá ina droch-riarachán de réir bhrí Airteagal 41 den Chairt um Chearta Bunúsacha agus atá ina chóir riaracháin eágórach de réir bhrí Airteagal 20 den Chairt, i dteannta cás roimhe seo maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 76 de na Rialacha Foirne;

a ordú don Choimisiún na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir dhá shaincheist dlí.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear gur ceileadh an pinsean marthanóra ar an iarratasóir i ndiaidh bhreithiúnas an 14 Iúil 2022, an Coimisiún v VW agus páirtithe eile (C-116/21 P go C-118/21 P, C-138/21 P agus C-139/21 P, EU:C:2022:557) cé gur coimeádadh an pinsean marthanóra d’iarratasóir eile (RN) a bhí sa chás céanna. Maíonn an t-iarratasóir cóir riaracháin éagórach.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear gur ghlac an Coimisiún doiciméad maidir le scéim pinsin oifigigh an Aontais ar dá réir a bhfuil sé le meas gur leis na hoifigigh cistí pinsin Eorpaigh. Áitíonn an t-iarratasóir sárú ar Airteagal 17 den Choinbhinsiún chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint.

____________