Iarraidh ar réamhrialú ó Högsta förvaltningsdomstolen a taisceadh an 27 Nollaig 2023 – Högkullen AB v Skatteverket
(Cás C-808/23, Högkullen)
Teanga an cháis: an tSualainnis
An chúirt a rinne an tarchur
Högsta förvaltningsdomstolen
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Högkullen AB
Cosantóir: Skatteverket
Na ceisteanna a tharchuirtear:
An bhfuil sé i gcomhréir le hAirteagail 72 agus 80 den Treoir CBL 1 agus forálacha náisiúnta á gcur i bhfeidhm maidir le hathluacháil ar an méid inchánach i gcás ina soláthraíonn máthairchuideachta seirbhisí den sórt atá i gceist sa chás seo dá fochuideachtaí, chun sa seirbhisí sin a mheas i gcónaí mar sheirbhisí uathúla nach féidir a luach margaidh oscailte a chinneadh trí chomparáid a dhéanamh amhail an chomparáid dá bhfhoráiltear i mír 1 d’Airteagal 72?
An bhfuil sé i gcomhréir le hAirteagail 72 agus 80 den Treoir CBL agus forálacha náisiúnta á gcur i bhfeidhm a mheas gurb ionann an costas arna thabhú ag an gcuideachta agus í ag cur seirbhisí ar fáil dá fochuideachtaí agus caiteachas foriomlán na máthairchuideachta, lena n-áirítear costais a bhaineann le costais scairshealbhóirí agus caipiteal a thiomsú, i gcás inarb é gníomhaíocht aonair na máthairchuideachta bainistíocht ghníomhach a fochuideachtaí agus gur asbhain an mháthairchuideachta iomlán CBL ar ionchur arna íoc ar a héadálacha?
____________
1 Treoir 2006/112/CE an 28 Samhain 2006 ón gComhairle maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO 2006 L 347 lch. 1).