Language of document :

Breithiúnas na Cúirte (an Ceathrú Dlísheomra) an 15 Meán Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ó Varhoven administrativen sad – an Bhulgáir) – Veridos GmbH v Ministar na vatreshnite raboti na Republika Bulgaria, Mühlbauer ID Services GmbH – S&T

(Cás C-669/20)1

(Tarchur chun réamhrialú – Treoir 2009/81/CE – Dámhachtain conarthaí áirithe oibreacha, conarthaí soláthair agus conarthaí seirbhíse – Airteagail 38 agus 49 – Oibleagáid chun cinntiú gurb ann do thairiscint thar a bheith íseal – Critéir mheasúnaithe ar nádúr thar a bheith íseal de thairiscint a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta – Neamhfheidhmeacht – Ceanglas nach mór trí thairiscint a bheith ann ar a laghad – Critéir atá bunaithe ar an gceanglas nach mór tairiscint a bheith breis is 20% níos buntáistí ná meánluach na dtairisicintí arna dtíolacadh ag na tairgeoirí eile – Athbhreithniú breithiúnach)

Teanga an cháis: an Bhulgáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Varhoven administrativen sad

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Veridos GmbH

Cosantóirí: Ministar na vatreshnite raboti na Republika Bulgaria, Mühlbauer ID Services GmbH – S&T

An chuid oibríochtúil

Maidir le hAirteagail 38 agus 49 de Threoir 2009/81/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir leis na nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí áirithe oibreacha, conarthaí soláthair agus conarthaí seirbhíse ag údaráis chonarthacha nó ag eintitis i réimsí na cosanta agus na slándála a chomhordú, agus lena leasaítear Treoracha 2004/17/CE agus 2004/18/CE,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas: ceanglaítear ar na húdaráis chonarthacha , i gcás amhras gur tairiscint thar a bheith íseal atá ann, a chinntiú gurb amhlaidh atá, agus na heilimintí ábhartha uilig den ghlao ar thairiscintí agus den sonraíocht táirge á gcur san áireamh, gan tionchar ag do-dhéantacht na critéir dá bhforáiltear chuige sin le reachtaíocht náisiúnta a chur i bhfeidhm, nó ag an méid tairiscintí a chuirtear isteach i dtaca leis sin.

Maidir le hAirteagal 55(2) de Threoir 2009/81, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas: gur féidir, sa chás nár chuir údarás conarthach tús le nós imeachta fíorúcháin maidir le nádúr thar a bheith íseal féideartha de thairiscint, ar an bhforas gur cheap sé nach raibh aon cheann de na tairiscintí a cuireadh isteach thar a bheith íseal, a mheasúnú a bheith faoi réir athbhreithniú breithiúnach i gcomhthéacs achomhairc i gcoinne an chinnidh an conradh atá i gceist a dhámhachtain.

____________

1 IO C 88, 15.03.2021.