Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Ard-Chúirt (Éire) a taisceadh an 5 Eanáir 2022 – NJ, OZ v An Bord Pleanála, Éire, An tArd-Aighne

(Cás C-9/22)

Teanga an cháis: an Béarla

An chúirt a rinne an tarchur

An Ard-Chúirt (Éire)

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: NJ, OZ

Cosantóirí: An Bord Pleanála, Éire, An tArd-Aighne

Fógra-pháirtí: DBTR-SCR1 Fund a Sub Fund of TWTC Multi-Family ICAV

Na ceisteanna a tharchuirtear:

An bhfuil sé d'éifeacht ag Airteagal 2(a) de Threoir 2001/42/EC1 go mbeidh plean nó clár, arna ullmhú i gcomhpháirt agus/nó arna glacadh ag údarás ar leibhéal áitiúil agus ag forbróir san earnáil phríobháideach mar úinéir talún atá in aice láimhe leis an talamh ar le húdarás áitiúil é, curtha san áireamh sa choincheap “pleananna agus cláir … chomh maith le haon leasuithe orthu... arna n-ullmhú agus/nó arna nglacadh ag údarás ar leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil...” [aistriúchán neamhoifigiúil].

An bhfuil sé d’éifeacht ag Airteagal 2(a) de Threoir 2001/42/EC go mbeidh plean nó clár, atá beartaithe go sonrach i bplean forbartha reachtúil údaráis áitiúil (agus an plean forbartha sin arna dhéanamh faoi fhoráil reachtach), go ginearálta nó i gcás go sonraítear sa phlean forbartha go “n-ullmhóidh an t-údarás áitiúil treoraíocht, a bhaineann go sonrach le limistéar, don fhorbairt straitéiseach agus do na limistéir athghiniúna... ag úsáid sásraí phleananna an cheantair áitiúil... máistirphleananna scéimreacha agus pleananna feabhsúcháin comhshaoil ​​áitiúla”, curtha san áireamh sa choincheap “pleananna agus cláir … chomh maith le haon leasuithe orthu... a cheanglaítear le forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin” [aistriúchán neamhoifigiúil].

An bhfuil sé d’éifeacht ag Airteagal 3(2)(a) de Threoir 2001/42/EC go mbeidh plean nó clár, nach bhfuil ceangailteach ann féin ach atá beartaithe go sonrach i bplean forbartha reachtúil atá ceangailteach, nó lena moltar nó lena beartaítear i ndáiríre modhnú ar phlean a bhí faoi réir measúnú comhshaoil straitéiseach, curtha san áireamh sa choincheap “pleananna agus cláir... a fhorbraítear le haghaidh earnálacha na talmhaíochta, na foraoiseachta, an iascaigh, an fhuinnimh, an tionscail, an iompair, an bhainistithe dramhaíola, an bhainistithe uisce, na teileachumarsáide, na turasóireachta, na pleanála uirbí agus na tuaithe nó na húsáide talún agus lena leagfar síos an creat le haghaidh tionscadail atá liostaithe in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoir 85/337/CEE1 ...” [aistriúchán neamhoifigiúil].

An bhfuil sé d’éifeacht ag Airteagal 2(1) de Threoir 2011/92/EU1 cosc a chur ar an údarás inniúil aird a thabhairt ar bheartais rialtais éigeantacha i bpróiséas measúnaithe ar an tionchar ar an gcomhshaol, go háirithe iad siúd nach bhfuil bunaithe ar chritéir chomhshaoil amháin, agus iad ina mbeartais a shainíonn cásanna in imthosca áirithe nach bhfuil sé le cur as an áireamh iontu go dtabharfar cead.

____________

1 Treoir 2001/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2001, maidir le measúnú a dhéanamh ar na héifeachtaí a bhíonn ag pleananna agus ag cláir áirithe ar an gcomhshaol (IO 2001 L 197, lch. 30).

1 Treoir ón gComhairle, an 27 Meitheamh 1985, maidir le measúnú ar éifeachtaí tionscadal poiblí agus príobháideach áirithe ar an gcomhshaol (IO 1985, L 175, lch. 40).

1 Treoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le measúnú ar éifeachtaí tionscadal poiblí agus príobháideach áirithe ar an gcomhshaol (IO 2012 L 26, lch. 1).