Language of document :

Caingean arna tabhairt an 4 Márta 2022 – an Coimisiún Eorpach v Ríocht na Danmhairge

(Cás C-167/22)

Teanga an cháis: an Danmhairgis

Páirtithe

Iarratasóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: L. Grønfeldt agus P. Messina, i gcáil Gníomhairí)

Cosantóir: Ríocht na Danmhairge

An t-ordú atá á lorg

Iarrann na hiarratasóirí ar an gCúirt Bhreithiúnais:

a dhearbhú gur mhainnigh Ríocht na Danmhairge a hoibleagáidí a chomhlíonadh faoi fhorálacha maidir leis an tsaoirse seirbhísí iompair a chur ar fáil, mar a leagtar síos in Airteagail 1, 8 agus 9 de Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí uasteorainn 25 uair a shocrú le páirceáil ag limistéir scíthe faoi úinéireacht Stáit feadh an líonra mótarbhealaigh sa Danmhairg; 1

a ordú do Ríocht na Danmhairge na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Aighníonn an Coimisiún in ainneoin nach ionann é agus idirdhealú díreach, gur constaic é riail an 25 uair ar an tsaoirse seirbhísí a chur ar fáil, ós rud é nach dtéann sé i bhfeidhm ar tharlóirí Danmhargacha sa tslí chéanna le tarlóirí neamh-Dhanmhargacha. Is deacra a bheidh sé ar thiománaithe a oibríonn do tharlóirí neamh-Dhanmhargacha cloí lena ndualgais tiomána agus ama scíthe arna n-eascairt ó dhlí an Aontais, go háirithe ó Rialachán (CE) Uimh. 561/2006, 1 ná ar thiománaithe a oibríonn do tharlóirí Danmhargacha, a bhfuil lárionaid oibriúcháin acu sa Danmhairg ar féidir leis na tiománaithe filleadh orthu agus páirceáil iontu le linn a gcuid amanna scíthe.

Dar leis an gCoimisiún, ní féidir bonn cirt a chur leis an riail leis na cuspóirí arna maíomh ag an Danmhairg, (i) níos mó áite a chur ar fáil do thiománaithe a gcuid sosanna agus tréimhsí gearra scíthe a ghlacadh, (ii) deireadh a chur le páirceáil mhídhleathach agus dhainséarach ar leataobhanna mótarbhealaigh, (iii) deimhin a dhéanamh de go mbeidh coinníollacha ag limistéir scíthe in ord trí ghníomhú i gcoinne drochéifeachtaí ar thoradh iad ar pháirceáil fhadtréimhseach, agus (iv) coinníollacha timpeallachta agus oibre na dtiománaithe a fheabhsú, os rud é nach bhfuil an riail sin in oiriúint do na cuspóirí sin, agus, thairis sin, téann sé thar fóir ar an méid is gá chun iad a bhaint amach.

____________

1 Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh rochtana ar an margadh idirnáisiúnta tarlaithe de bhóthar, (IO 2009 L 300, lch. 72).

1 Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir le comhchuibhiú reachtaíochta sóisialta áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 agus Rialachán (CE) Uimh. 2135/98 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3820/85 ón gComhairle (IO L 102, 11.4.2006, lch. 1).