Language of document :

Caingean arna tabhairt an 20 Nollaig 2023 – Spin Master Toys UK v EUIPO – Verdes Innovations (Cruth sé dhromchla socraithe i dtrí phéire comhthreomhara)

(Cás T-1173/23)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Spin Master Toys UK Ltd (Marlow, an Ríocht Aontaithe) (ionadaithe: V. von Bomhard agus A. Malkmes, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Verdes Innovations SA (Corinth, an Ghréig)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Dílseánach an trádmhairc faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta

Trádmharc atá faoi cheist: Marc tríthoiseach de chuid an Aontais Eorpaigh “Cruth sé dhromchla socraithe i dtrí phéire comhthreomhara” – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 9 976 788

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí maidir le cealú

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gcéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 20 Deireadh Fómhair 2023 i gCás R 851/2022-1

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a ordú do EUIPO agus don pháirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc, sa chás go ndéanfaidh sé idirghabháil, costais na n-imeachtaí a íoc.

Saincheist dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 7(1)(e)(ii) de Rialachán (CE) Uimh. 40/94 ón gComhairle.

____________