Language of document :

Caingean arna tabhairt an 20 Nollaig 2023 – Siemens Healthineers v EUIPO – Sunware (teamplay)

(Cás T-1175/23)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Siemens Healthineers AG (Forchheim, an Ghearmáin) (ionadaí: M. Taxhet, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Sunware s. r. o. (Prág, Poblacht na Seice)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Dílseánach an trádmhairc atá faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta

Trádmharc atá faoi cheist: Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh ‘teamplay’ – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 13 383 831

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí maidir le cealú

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 3 Deireadh Fómhair 2023 i gCás R 747/2022-5

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid agus an cinneadh ón Rannán Cúlghairme a chur ar neamhní a mhéid a dearbhaíodh gur neamhbhailí an trádmharc le haghaidh earraí agus seirbhísí in Aicmí 9 agus 42;

a cheadú go bhfanfadh an trádmharc faoi cheist ar an gclár le haghaidh na n-earraí agus seirbhísí thuas;

a ordú do EUIPO agus don pháirtí eile sna himeachtaí costais na n-imeachtaí seo agus na n-imeachtaí os comhair EUIPO a íoc.

Saincheisteanna dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 95(1) de Rialachán (AE) Uimh. 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i gcomhar le hAirteagal 27(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 2018/625 ón gCoimisiún;

Sárú ar an gceart chu éisteacht a fháil mar bhuncheanglas foirmiúil;

Sárú ar Airteagal 18(1) i gcomhar le hAirteagal 64(5) de Rialachán (AE) Uimh. 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

Sárú ar Airteagal 60(1)(a) i gcomhar le hAirteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

____________