Language of document :

Achomharc arna thabhairt an 3 Lúnasa 2023 ag Meta Platforms Ireland Ltd, ar a dtugtaí Facebook Ireland Ltd roimhe seo, i gcoinne an bhreithiúnais a tugadh an Chúirt Ghinearálta (an Cúigiú Dlísheomra Méadaithe) an 24 Bealtaine 2023 i gCás T-451/20, Meta Platforms Ireland v An Coimisiún

(Cás C-497/23 P)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóir: Meta Platforms Ireland Ltd, ar a dtugtaí Facebook Ireland Ltd roimhe seo, (ionadaithe: D. Jowell KC, D. Bailey, Abhcóide, J Aitken, D. Das, S. Malhi agus R. Haria, Solicitors, T. Oeyen, avocat)

Páirtithe eile sna himeachtaí: an Coimisiún Eorpach, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-achomharcóir ar an gCúirt:

an breithiúnas faoi achomharc a chur ar ceal;

Cinneadh C(2020) 3013 final ón gCoimisiún an 4 Bealtaine 2020 maidir le himeacht faoi Airteagal 18(3) agus Airteagal 24(1)(d) de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle (Cás AT.40628 – Facebook Data-related practices), a leasaíodh le Cinneadh C(2020) 9231 final ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2020 (‘an cinneadh atá faoi chonspóid’) a chur ar neamhní;

nó, mar mhalairt rogha:

an cás a bhaineann leis an dara foras den iarratas ar neamhniú agus leis an tríú foras de a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta le hathchinneadh a dhéanamh air; agus

a ordú don Choimisiún iomlán de chostais na n-imeachtaí seo a íoc agus an t-ordú maidir le costais sa bhreithiúnas faoi achomharc a choigeartú lena chur ag teacht le toradh an achomhairc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an achomharc, ardaíonn an t-achomharcóir na forais seo a leanas.

An cheád fhoras achomhairc ná gur dhiúltaigh an Chúirt Ghinearálta don chéad saincheist go héagórach, agus go ndearna sí earráid dlí ar rialú di i míreanna 132-155 go raibh prionsabal an riachtanais á chomhlíonadh leis na focail chuardaigh arna leagan amach i míreanna 132 agus 149 den bhreithiúnas faoi achomharc, ar prionsabal é atá in Airteagal 18(1) agus (3) de Rialachán 1/2003. 1 Go háirithe:

Rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí i míreanna 134, 138, 140, 143 agus 146 den bhreithiúnas faoi achomharc trí rialú, go bunúsach, gur comhlíonadh prionsabal an riachtanais toisc go bhféadfadh an Coimisiún a mheas go réasúnta, ar bhonn teibí, gur ábhar cabhrach iad na focail chuardaigh le socrú ar tharla an iompar atá in aithris 4, agus dá thoisc sin amháin. Níor leag an Chúirt Ghinearálta tábhacht dá laghad (leordhóthanach, mar mhalairt air sin) ar gan aon dul as a bheith ann ach go mbeadh tromlach mór doiciméad ann nach mbeadh aon bhaint aige leis an bhfiosrúchán ar chor ar bith (agus faisnéis íogair phearsanta nó faisnéis rúnda ghnó a bheadh i gcuid mór acu) de dheasca na bhfocal cuardaigh arna roghnú ag an gCoimisiún, atá ginearálta gan chúis, nuair a chuirtear i bhfeidhm iad ar dhoiciméid uile an taisceánaigh ar feadh fhad na tréimhse, i gcás inarbh eol don Choimisiún roimh ré gurbh amhlaidh an cás.

Sháraigh an Chúirt Ghinearálta an oibleagáid cúiseanna a lua maidir le cuardaigh mhalartacha, níos comhréirí i mír 136 den bhreithiúnas faoi achomharc agus ag míreanna 140, 143 agus 146 freisin, nach ndéantar ach crostagairt leo do mhír 136.

Rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí i mír 150 den bhreithiúnas faoi achomharc a mhéid ar rialaigh sí nach bhféadfaí a mheas go bhfuil na doiciméid neamhábhartha don fhiosrúchán ‘ach amháin i ndiaidh na bhfocal cuardaigh a chur i bhfeidhm maidir le bunachair shonraí an iarratasóra’. Go praiticiúil, téitear sa fhíor-sheans lena leithéid de chur chuige go bhfágfaí nach bhfuil prionsabal an riachtanais inbhreithnithe. I ndáiríre, tugtar lánrogha gan teorainn leis sin don Choimisiún agus cuirtear phrionsabal an riachtanais ó mhaith leis. Ní léiriú ceart ar cheanglas dlíthiúil an riachtanais (agus na comhréireachta) é cead a thabhairt d’údarás focail chuardaigh atá róleathan go follasach a chur i bhfeidhm maidir le líon mór doiciméad lena ngintear méid ollmhór doiciméad freagrúil atá neamhábhartha agus rúnda. Tugadh neamhaird ar bhrí cheart na fianaise de chuid an achomharcóra agus déanadh í a shaobhadh le mír 99, arbh é gurb eol don Choimisiún roimh ré nach mbeadh aon dul as ach go ngabhfaí an mhórán doiciméad neamhábhartha le focail chuardaigh leathana a chur i bhfeidhm go meicniúil (arbh amhlaidh, mar a cruthaíodh).

Rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí chomh maith i míreanna 152-153 trí dhiúltú a mheas gurb ábhartha d’iarratais ar fhaisnéis é an creat dlí is infheidhme maidir le cinntí fiosrúcháin agus le cead a thabhairt don Choimisiún doiciméid a iarraidh gan a gcomhionann de choimircí nó scagairí a bheith ann agus a dheonaítear faoi Airteagal 20 de Rialachán Uimh. 1/2003 le linn fiosrúcháin.

An dara fhoras achomhairc ná go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí agus nár thug sí cúiseanna leordhóthanacha i mír 120 den bhreithiúnas faoi achomharc ar rialú ‘nach iomchuí measúnú iomlán a dhéanamh ar chomhlíonadh phrionsabal an riachtanais ag an gCoimisiún’.

An tríú fhoras achomhairc ná gur dhiúltaigh an Chúirt Ghinearálta don tríú saincheist dlí go héagórach, agus go ndearna sí earráid dlí i míreanna 226-239 den bhreithiúnas faoi achomharc trí rialú go bhféadfadh an Coimisiún doiciméid a iarraidh a bhfuil faisnéis phearsanta iontu agus a raibh baint acu le gníomhaíochtaí gnó an achomharcóra gan coimircí nó scagaire a sholáthar le haghaidh na faisnéise pearsanta.

____________

1 Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le cur chun feidhme na rialacha iomaíochta a leagtar síos in Airteagal 81 agus in Airteagal 82 den Chonradh (IO 2003 L 1, lch. 1).