Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Fővárosi Törvényszék (an Ungáir) a taisceadh an 6 Aibreán 2022 – NQ v Mara-Tóni Bt.

(Cás C-244/22)

Teanga an cháis: an Ungáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Fővárosi Törvényszék

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: NQ

Cosantóir: Mara-Tóni Bt.

Idiragraithe: Foudre Kft. agus Tasavill Bt.

Na ceisteanna a tharchuirtear:

1)        An gcumhdaítear le raon feidhme Airteagail 3(1)(b) de Threoir 2008/104/CE 1 gnóthas a fhostaíonn, gan údarú stáit, oibrithe, a oibríonn, déanta na fírinne, do phríomhaí dá cuid i gcáil sannaí?

2)         An gcumhdaítear le raon feidhme Airteagail 3(1)(b) de Threoir [2008/104] oibrithe a bhfuil caidreamh fostaíochta acu le gnóthas a shannann iad le creat an chonartha oibrithe, ar ghnóthas eile chun críche oibre, agus an cumann a thugann fostaíocht dóibh an ceann a sholáthraíonn an t-ábhar, na huirlisí agus na treoracha riachtanacha dóibh chun an obair a dhéanamh?

3)    Sa mhéid, bunaithe ar an méid sin thuas, go gcaithfear an t-iarratasóir agus na leictreoirí a cháiliú mar oibrithe gníomhaireachta sealadacha do ghníomhaireacht oibre sealadaí, an leantar dá mheas gurb ionann aonad eacnamaíoch agus grúpa áirithe saothair, a leanann do ghníomhaíocht eacnamaíoch a dhéanamh do ghnóthais éagsúla a bhaineann leis an gcomhluadar céanna, fiú amháin nuair atá na gnóthais seo in éagmais údarú stáit chun sannadh sealadach oibrithe le gníomhaireachtaí oibre sealadaí a chur i bhfeidhm go dleathach, ní i gcáil sannóra ná i gcáil sannaí, agus á chur san áireamh chomh maith, i gcás an tsannta sealadaigh oibrithe ar ghníomhaireachtaí oibre sealadaí, nár déanadh, i bprionsabal, aistriú sócmhainní?

4)    Sa mhéid go gcáilítear na hoibrithe thuasluaite mar aonad eacnamaíoch, agus iad i gcáil ghrúpa saothair áirithe chomh maith, an gcumhdaítear iad le raon feidhme Airteagail 1(1) de Threoir 2001/23/CE,1 d’ainneoin gur oibrithe gníomhaireachta sealadacha do ghníomhaireacht oibre sealadaí iad?

____________

1 Treoir 2008/104/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le hobair ghníomhaireachta shealadach (IO L 327, 5.12.2008, lch. 9).

1 Treoir 2001/23/CE ón gComhairle an 12 Márta 2001 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le cosaint chearta na bhfostaithe i gcás aistriú gnóthas, gnóthaí nó codanna de ghnóthais nó de ghnóthaí (IO L 82, 22.3.2001, lch. 16.).