Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Rechtbank Den Haag, zittingsplaats Amsterdam (an Ísiltír) a taisceadh an 4 Aibreán 2024 – P v Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid

(Cás C-244/24, Kaduna) 1

Teanga an cháis: an Ollainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Rechtbank Den Haag, zittingsplaats Amsterdam

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Achomharcóir: P

Freagróir: Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid

Na ceisteanna a tharchuirtear

An bhfuil Airteagal 6 den Treoir um Fhilleadh 1 le léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc ar chinneadh um fhilleadh a eisiúint i gcás ina bhfuil náisiúnach tríú tír fós ina chónaí go dleathach ar chríoch an Bhallstáit?

An ndéanann sé difear don fhreagra ar an gceist thuas má tá dáta sa chinneadh um fhilleadh ar a dtagann deireadh leis an gcónaí dleathach, ina mbeidh an dáta sin ann go luath, agus, thairis sin, i gcás nach mbeidh éifeacht ag iarmhairtí dlíthiúla an chinnidh um fhilleadh go dtí dáta níos déanaí?

An bhfuil Airteagal 1 den Chinneadh um Shíneadh 1 le léiriú sa chaoi go gcuimsíonn an síneadh sin grúpa náisiúnaigh tríú tír a thug Ballstát isteach faoi raon feidhme na Treorach um Chosaint Shealadach 2 tríd an bhforáil roghnach d’Airteagal 2(3) den Chinneadh Cur Chun Feidhme, 3 cé gur roghnaigh an Ballstát tráth níos déanaí gan cosaint shealadach a dheonú don ghrúpa de náisiúnaigh tríú tír a thuilleadh?

____________

1 Is ainm bréige é an t-ainm a úsáidtear sa chás seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.

1 Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh (IO 2008 L 348, lch. 98).

1 Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2409 an 19 Deireadh Fómhair 2023 lena gcuirtear síneadh leis an gcosaint shealadach mar a tugadh isteach le Cinneadh Cur Chun Feidhm (AE) 2022/382 (IO L 2023/2409).

1 Treoir 2001/55/CE ón gComhairle an 20 Iúil 2001 maidir le caighdeáin íosta chun cosaint shealadach a thabhairt i gcás insreabhadh ollmhór daoine easáitithe agus maidir le bearta lena gcuirtear cothromaíocht iarrachtaí chun cinn idir Bhallstáit ó thaobh na daoine sin a ghlacadh agus ó thaobh déileáil leis na hiarmhairtí a thagann as sin (IO 2001 L 212, lch. 12).

1 Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 ón gComhairle an 4 Márta 2022 lena mbunaítear gurb ann d’insreabhadh ollmhór daoine easáitithe ón Úcráin de réir bhrí Airteagal 5 de Threoir 2001/55/CE, agus a bhfuil d’éifeacht aige cosaint shealadach a thabhairt isteach (IO 2022 L 71, lch. 1).