Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 17 Eanáir 2024 – Ona Investigación v EUIPO – Formdiet (BIOPÔLE)

(Cás T-61/23)1

(Trádmharc an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra  – Iarratas ar thrádmharc an Aontais Eorpaigh ‘BIOPÔLE’ – Trádmharc náisiúnta a bhí ann níos luaithe ‘AGUA BIOPOLAR’ – Foras coibhneasta le diúltú – Easpa dóchúlacht mearbhaill – Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001)

Teanga an cháis: an Spáinnis

Páirtithe

Iarratasóir: Ona Investigación, SL (Maidrid, an Spáinn) (ionadaí: T. Villate Consonni, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: A. Crawcour Hage agus J. Ivanauskas, Gníomhairí)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO: Formdiet, SA (Alcarras, an Spáinn)

Ábhar

Lena chaingean bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir, go bunúsach, go gcuirfear an cinneadh ón gcúigiú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 15 Samhain 2022 (Cás R 1097-2022-5) ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

Déantar an chaingean a dhíbhe.

Ordaítear do Ona Investigación, SL agus d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) a gcostais féin a íoc.

____________

1     IO C 112, 27.3.2023.