Ordú na Cúirte Ginearálta an 16 Eanáir 2024 – Kaili v an Pharlaimint agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh
(Cás T-46/23) 1
(Caingean le haghaidh neamhniú – Dlí institiúideach – Feisire de Pharlaimint na hEorpa – Iarratas ón bPríomh-Ionchúisitheoir Eorpach go gcuirfí deireadh le díolúine pharlaiminteach – Cinneadh ó Uachtarán na Parlaiminte an t-iarratas sin a fhógairt don Pharlaimint agus a tharchur chuig an Coiste um Ghnóthaí Dlíthiúla – Gníomhartha nach féidir caingean a thabhairt ina gcoinne – Do-ghlacthacht)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Eva Kaili (Ixelles, an Bheilg) (ionadaí: S. Pappas, Dlíodóir)
Cosantóirí: Parlaimint na hEorpa (ionadaithe: N. Lorenz agus A.-M. Dumbrăvan, i gcáil Gníomhairí), Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (ionadaithe: L. De Matteis, C. Charalambous agus E. Farhat, i gcáil Gníomhairí)
Ábhar
Lena chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí ar neamhní, ar an gcéad dul síos, an t-iarratas ó cheann Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh an 15 Nollaig 2022 go gcuirfí deireadh lena díolúine pharlaiminteach agus, ar an dara dul síos, an cinneadh ó Uachtarán na Parlaiminte an t-iarratas sin a fhógairt don Pharlaimint agus a tharchur chuig an gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla.
An chuid oibríochtúil
Diúltaítear don chaingean.
Ordaítear do Eva Kaili a costais féin agus na costais ag Parlaimint na hEorpa a íoc.
____________
1 IO C 112, 27.3.2023.