Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 8 Bealtaine 2024 – Çolakoğlu Metalurji agus Çolakoğlu Dış Ticaret v an Coimisiún

(Cás T-630/21) 1

(Dumpáil – Allmhairí táirgí comhréidhe teo-rollta atá déanta as iarann, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach cóimhiotail eile de thionscnamh na Tuirce – Dleachtanna frithdhumpála cinntitheacha – Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1100 – Coigeartú – Airteagal 2(10)(b), (i) agus (j) de Rialachán (AE) 2016/1036 – Feidhmeanna gníomhaire atá ag gníomhú ar bhonn coimisiún – Eintiteas eacnamaíoch aonair – Dleachtanna ar allmhairí – Ríomh an chorrlaigh dumpála – Fálú gnóthachan agus caillteanas – Earráid fhollasach mheasúnaithe – Ceart éisteacht a fháil)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóirí: Çolakoğlu Metalurji AŞ (Iostanbúl, an Tuirc), Çolakoğlu Dış Ticaret AŞ (Iostanbúl) (ionadaithe: J. Cornelis agus F. Graafsma, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: G. Luengo agus J. Zieliński, Gníomhairí)

Ábhar

Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann na hiarratasóirí go gcuirfí Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1100 ón gCoimisiún an 5 Iúil 2021 ar neamhní, lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach, agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach a forchuireadh ar tháirgí comhréidhe teo-rollta áirithe atá déanta as iarann, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach cóimhiotail eile de thionscnamh na Tuirce (IO 2021 L 238, lch. 32).

An chuid oibríochtúil

Díbhtear an chaingean.

Ordaítear do Çolakoğlu Metalurji AŞ agus Çolakoğlu Dış Ticaret AŞ na costais a íoc.

____________

1     IO C 471, 22.11.2021.