Language of document :

Achomharc arna thabhairt ag Alfa Acciai SpA an 18 Eanáir 2023 i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Ceathrú Dlísheomra méadaithe) an 9 Samhain 2022 i-gCás T 656/19 Alfa Acciai v an Coimisiún

(Cás C-30/23 P)

Teanga an cháis: an Iodáilis

Páirtithe

Achomharcóir: Alfa Acciai SpA (ionadaí: D. Fosselard, avocat agus avvocato, D. Slater, avocat agus Solicitor, G. Carnazza agus S. D’Ecclesiis, avvocati)

Páirtí eile sna himeachtaí: An Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-achomharcóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:

breithiúnas Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh an 9 Samhain 2022 i gCás-T 656/19, Alfa Acciai v an Coimisiún a chur ar ceal;

breithiúnas críochnaitheach a thabhairt, de bhun Airteagal 61 de Reacht na Cúirte Breithiúnais, Cinneadh C (2019) 4969 ón gCoimisiún an 4 Iúil 2019 maidir le sárú líomhnaithe ar Airteagal 65 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach, (Cás AT.37956 — Barraí treisiúcháin), a neamhniú, a mhéid a bhaineann leis an t-achomharcóir;

i gcomhréir le hAirteagal 138 de na Rialacha Nós Imeachta, a ordú don Choimisiún na costais os comhair na Cúirte Ginearálta agus os comhair na Cúirte Breithiúnais araon a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca lena achomharc, maíonn an t-achomharcóir trí shaincheist dlí.

An chéad saincheist dlí: Sárú ar Airteagal 266 CFAE. Sárú ar Airteagal 14 agus Airteagal 27(1) de Rialachán Uimh. 1/20031 agus ar Airteagal 11, Airteagal 12 agus Airteagal 14 de Rialachán Uimh. 773/20042 . Réasúnaíocht mhícheart agus bhréagnaitheach. Mainneachtain cás a chur de láimh Earráid follasach dlí agus earráid fhollasach measúnaithe.

Rinne an Chúirt Ghinearálta earráid fhollasach dlí agus thug sí ráiteas mícheart ar na cúiseanna lena breithiúnas, uaireanta trí mhainneachtain rialú a thabhairt ar ghearáin áirithe a d’ardaigh an t-achomharcóir, a mhéid a chinn sí, trí éisteacht maidir le substaint an cháis a atheagrú, i láthair ionadaithe na mBallstát in 2018, dhéanfadh sí an locht nós imeachta arna cháineadh ag an gCúirt Bhreithiúnais ina breithiúnas an 21 Meán Fómhair 2017, Ferriera Valsabbia, Valsabbia Investimenti agus Alfa Acciai v an Coimisiún, Cásanna Uamtha C 86/15-P agus C-87/15 P, EU:C:2017:717, a leigheas.

An dara saincheist dlí: Míthuiscint agus sárú ar Airteagal 6 den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint agus Airteagal 41 agus Airteagal 47 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Earráid follasach dlí agus ultra vires. Mainneachtain cás a chur de láimh agus sárú a dhéanamh ar Airteagal 296 CFAE.

Chinn an Chúirt Ghinearálta nach mbeadh ré an nós imeachta, ag féachaint don chéim riaracháin amháin agus don nós imeachta ina iomláine araon, iomarcach agus go ndéanfadh an ré sin dochar do chearta cosanta an achomharcóra, rud a d’fhágfadh go mbeadh earráid dlí, earráid fhollasach measúnaithe ann, agus, ar bhealaí áirithe, gan rialú a thabhairt ar ghearáin áirithe arna ndéanamh ag an achomharcóir i gcoinne chinneadh an Choimisiúin, agus na cúiseanna leis an mbreithiúnas á lua go mícheart.

An tríú saincheist dlí: Sárú ar Airteagal 296 CFAE. Forais bhreithiúnas mhícheart agus bréagnaitheach. Mainneachtain cás a chur de láimh agus earráid fhollasach measúnaithe.

Rinne an Chúirt Ghinearálta earráid fhollasach dlí arís, earráid fhollasach measúnaithe agus chuir sí an breithiúnas ó bhail le ráiteas ar chúiseanna míchearta lena chinneadh go raibh bunús leordhóthanach leis an gcinneadh ón gCoimisiún.

____________

1     Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le cur chun feidhme na rialacha iomaíochta a leagtar síos in Airteagal 81 agus Airteagal 82 den Chonradh (IO 2003, L 1, lch. 1).

1     Rialachán (CE) Uimh. 773/2004 ón gCoimisiún an 7 Aibreán 2004 maidir le himeachtaí a bheith á seoladh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 81 agus Airteagal 82 de Chonradh CE (IO 2004 L 123, lch. 18).