Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal du travail de Liège (an Bheilg) a taisceadh an 11 Iúil 2023 – AE, CO, DU agus páirtithe eile v BA, EP agus RI, i gcáil riarathóirí dócmhainneachta ar SA Wibra België, Wibra België SRL
(Cás C-431/23, Wibra België)
Teanga an cháis: an Fhraincis
An chúirt a rinne an tarchur
Tribunal du travail de Liège
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóirí: AE, CO, DU agus páirtithe eile
Cosantóirí: BA, EP agus RI, i gcáil riarathóirí dócmhainneachta ar SA Wibra België, Wibra België SRL
Idiragraithe: VT, HL, MO agus páirtithe eile
An cheist a tharchuirtear:
An gcaithfear Airteagal 5(1) de Threoir [2001]/23/CE ón gComhairle an 12 Márta 2001 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le cearta fostaithe a choimirciú i gcás aistriú gnóthas, gnólachtaí nó codanna de ghnóthais nó de ghnólachtaí a léiriú ar chaoi nach sásaítear an coinníoll a leagtar síos ann, ar dá réir nach bhfuil feidhm ag Airteagail 3 agus 4 den treoir sin maidir le gnóthas a aistriú i gcás ina bhfuil an t-aistreoir faoi réir imeachtaí dócmhainneachta nó imeachtaí dócmhainneachta comhchosúla a tionscnaíodh d’fhonn sócmhainní an aistreora a leachtú, i gcás ina n-ullmhaítear aistriú gnóthais uile nó cuid de ghnóthas roimh thionscnamh na n-imeachtaí dócmhainneachta le haghaidh sócmhainní an aistreora a leachtú, i gcomhthéacs na n-imeachtaí breithiúnacha um atheagrú, a thugtar chun críche le comhaontú aistrithe nach bhfaobhann an chúirt inniúil, a chuirtear i bhfeidhm ansin díreach i ndiaidh an dearbhú féimheachta, gan aon fheidhm a bheith ag aon fhoráil reachtúil ná rialaithe den dlí náisiúnta?1
____________
1 IO 2001 L 82, lch. 16.