Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal judiciaire de Chambéry (an Fhrainc) a taisceadh an 20 Feabhra 2024 – xx v ww, yy, zz, vv

(Cás C-196/24, Aucrinde 1 )

Teanga an cháis: an Fhraincis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunal judiciaire de Chambéry

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: xx

Cosantóirí: ww, yy, zz, vv

Páirtí eile: Ministère public

Na ceisteanna a tharchuirtear

An gceadaítear le hAirteagal 12 de Rialachán (AE) 2020/1783 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2020 maidir le comhar idir cúirteanna na mBallstát i dtaca le fianaise a ghlacadh in ábhair shibhialta agus thráchtála 1 don chúirt náisiúnta diúltú don rialachán atá i gceist a chur i bhfeidhm agus an iarraidh sin ón Stát iarrthach a chomhlíonadh, ar an bhforas go mbeadh foirm na hiarrata contrártha do phrionsabail bhunúsacha dhlí náisiúnta an Stáit iarrtha, go háirithe Airteagal 16-11 den Chód Sibhialta?

Má dhéantar cur i bhfeidhm Airteagal 12 de Rialachán (AE) 2020/1783 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2020 maidir le comhar idir cúirteanna na mBallstát i dtaca le fianaise a ghlacadh in ábhair shibhialta agus thráchtála a chur i bhfeidhm gan féachaint don dlí náisiúnta, conas ba cheart Airteagail 1 (an ceart chun dínite) agus 7 (an ceart go n-urramófar an saol príobháideach) den Chairt um Chearta Bunúsacha a léiriú agus a chur in iúl chun a chinneadh an sáraítear nó nach sáraítear cur i bhfeidhm an rialacháin sin an Chairt um Chearta Bunúsacha?

____________

1 Is ainm dlítheanach é ainm an cháis seo. Ní thagraítear leis d’fhíorainm aon cheann de na páirtithe sna himeachtaí.

1 IO 2020 L 405, lch. 1.