Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Rechtbank Noord-Holland, ina shuí in Haarlem (an Ísiltír) a taisceadh an 11 Eanáir 2022 – PR Pet BV v Inspecteur van de Belastingdienst/Douane, kantoor Eindhoven

(Cás C-24/22)

Teanga an cháis: an Ollainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Rechtbank Noord-Holland, ina shuí in Haarlem

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: PR Pet BV

Cosantóir: Inspecteur van de Belastingdienst/Douane, kantoor Eindhoven

Na ceisteanna a tharchuirtear

An gcaithfear ceannteideal AC 9403 a léirmhíniú sa chaoi nach dtagann poist scríobtha do chait, comhdhéanta de hábhair éagsúla, a mbeartaítear dóibh iad a chur ar an talamh i seomraí (tí) agus iad a fhágáil ann ionas gur féidir le cait iad a dhreapadh, suí orthu, luí orthu agus iad a scríobadh, faoin gceannteideal AC sin mar is de chineál éagsúil iad de réir bhrí Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1229/2013 1 an 28 Samhain 2013 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh 350/2014 2 an 3 Aibreán 2014? Más cineál éagsúil atá ann a chuireann bac ar aicmiú faoi cheannteideal AC 9403, conas a dhéantar an cineál éagsúil sin a idirdhealú?

An bhfuil aon impleachtaí ag an bhfreagra ar cheist 1 ar bhailíocht Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1229/2013 an 28 Samhain 2013 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 350/2014 an 3 Aibreán 2014?

____________

1 Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh.  1229/2013 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2013 maidir le haicmiú earraí áirithe san Ainmníocht Chomhcheangailte (IO 2013 L 322, lch. 8).

1 Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 350/2014 an 3 Aibreán 2014 maidir le haicmiú earraí áirithe san Ainmníocht Chomhcheangailte (IO 2014 L 104, lch. 4).