Language of document :

Achomharc arna thabhairt an 12 Aibreán 2022 ag Pilatus Bank plc i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Naoú Dlísheomra Méadaithe) a tugadh an 2 Feabhra 2022 i gCás T-27/19, Pilatus Bank agus Pilatus Holding v BCE

(Cás C-256/22 P)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóir: Pilatus Bank (ionadaí: O. Behrends, Rechsanwalt)

Páirtithe eile sna himeachtaí: Banc Ceannais na hEorpa (BCE), an Coimisiún Eorpach, Pilatus Holding ltd.

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-achomharcóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:

an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar leataobh;

a dhearbhú, de bhun Airteagal 264 CFAE, go bhfuil cinneadh BCE an 2 Samhain 2018 maidir le tarraingt siar an cheadúnais de chuid Pilatus Bank ar neamhní;

an cás a tharchur ar ais go dtí an Chúirt Ginearálta le go rialódh sí ar an gcaingean le haghaidh neamhniú sa mhéid nach féidir leis an gCúirt Bhreithiúnais cinneadh a dhéanamh ar shubstaint an cháis;

a ordú do BCE costais an achomharcóra agus costais an achomhairc a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca lena chaingean, maíonn an t-achomharcóir ceithre shaincheist dlí:

An chéad fhoras achomhairc, lena n-éilítear go ndearna an Chúirt Ghinearálta a fhoshuíomh go hearráideach go bhfuil sé ábhartha ó thaobh dlí de cé acu arb é nó nárbh é BCE faoi deara an tarraingt siar ceadúnais de facto roimhe seo agus go háirithe, cé acu an raibh nó nach raibh BCE faoi oibleagáid an tarraingt siar ceadúnais de facto a chosc le hidiragairt de bhun Airteagal 6(5)(c) ón Sásra Aonair Maoirseachta (RSAM)1 .

An dara foras achomhairc lena n-éilítear gur bunaíodh diúltú na Cúirte Ginearálta do dhara saincheist dlí an achomharcóra ar dhearcadh earráideach na Cúirte Ginearálta nach gá go léireofaí coincheap an chlú in Airteagal 23 den Treoir maidir le Ceanglais Chaipitil (CRD IV)1 de réir dhlíchóras an Aontais Eorpaigh sa chaoi go bhféadfadh díotáil i dtríú tír díobháil a dhéanamh do chlú scairshealbhóra fiú mura bhfuil an t-iompar ábhartha mídhleathach san Aontas Eorpach agus fiú má chumhdaítear an t-iompar leis an Reacht Blocála.

An tríú foras achomhairc lena n-éilítear go bhfuil an breithiúnas atá faoi achomharc bunaithe ar iolra earráidí lena n-airítear go ndearna an Chúirt Ghinearálta míléiriú ar choincheap na comhréireachta trí mhainneachtain a mheas go gcaithfear anailís comhréireachta a bhunú ar na forais lena mbunaítear an cinneadh.

An ceathrú foras achomhairc lena n-éilítear gur sáraíodh cearta nóis imeachta an achomharcóra.

____________

1 Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2013 ina dtugtar cúraimí sainiúla don Bhanc Ceannais Eorpach i dtaca le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta institiúidí creidmheasa (IO 2013 L 287, lch. 63).

1 Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíochtaí institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).