Achomharc arna thabhairt an 24 Iúil 2023 ag Bimbo, SA i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Dara Dlísheomra) a tugadh an 24 Bealtaine 2023 i gCás T-509/22, Bimbo v EUIPO – Bottari Europe (BimboBIKE)
(Cás C-473/23 P)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Achomharcóir: Bimbo, SA (ionadaí: Carbonell Callicó, abogado)
Páirtí eile sna himeachtaí: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh
Trí ordú an 7 Samhain 2023, chinn Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (an Dlísheomra a chinneann ar chóir ligean d’achomhairc dul ar aghaidh) nár cheart ligean don achomharc dul ar aghaidh agus d’ordaigh sí don achomharcóir a chostais féin a íoc.
____________