Caingean arna tabhairt an 21 Nollaig 2023 – an Fhrainc v an Coimisiún
(Cás T-1179/23)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: Poblacht na Fraince (ionadaithe: B. Fodda, B. Travard agus S. Royon, i gcáil Gníomhairí)
Cosantóir: an Coimisiún Eorpach
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
go gcuirfí ar neamhní Fógra Comórtais Oscailte, EPSO/AD/410/23, Riarthóirí (AD 7) i réimse an iompair;
a ordú don Choimisiún na costais a íoc.
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir cúig shaincheist dlí, arb ionann nó ar cosúil iad, go bunúsach, leis na saincheisteanna dlí arna maíomh mar chuid de Chás T-555/22, an Fhrainc v an Coimisiún.
____________