(Cás T-103/23) 1
(Caingean le haghaidh neamhniú – Airteagal 42(1) agus (2) de Rialachán (AE) Uimh. 2017/1939 – Cinneadh an Dlísheomra Bhuain d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh an cás a thabhairt os comhair cúirte – Doiciméad nós imeachta d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh – Easpa inniúlachta)
Teanga an cháis: an Rómáinis
Páirtithe
Iarratasóir: Victor-Constantin Stan (Búcairist, an Rómáin) (ionadaithe: A. Şandru agus V. Costa Ramos, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (ionadaithe: L. De Matteis, F.-R. Radu agus E. Farhat, i gcáil Gníomhairí)
Ábhar
Lena chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí ar neamhní an cinneadh ó Dhlísheomra Buan Uimh. 4 d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh an 9 Nollaig 2022 lenar tharchuir sé an cás lena mbaineann os comhair cúirte.
An chuid oibríochtúil
Diúltaítear don chaingean.
Ní gá breith a thabhairt ar na hiarratais ar idiragairt arna dtíolacadh ag Comhairle an Aontais Eorpaigh, ag an gCoimisiún Eorpach agus ag Parlaimint na hEorpa.
Ordaítear don Uasal Victor-Constantin Stan a chostais féin agus na costais ag Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh a íoc, cé is moite de na costais a bhaineann leis na hiarratais ar idiragairt.
Ordaítear don Uasal Stan, d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, don Chomhairle, don Choimisiún agus don Pharlaimint a gcostais féin a bhaineann leis na hiarratais ar idiragairt a íoc.
____________
1 IO C 155, 2.5.2023.