Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Verwaltungsgericht Darmstadt (an Ghearmáin) arna taisceadh an 24 Feabhra 2022 – EF v Stadt Offenbach am Main

(Cás C-129/22)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Verwaltungsgericht Darmstadt

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: EF

Cosantóir: Stadt Offenbach am Main

Na ceisteanna a tharchuirtear

An féidir le náisiúnach tríú tír ar dheonaigh chéad Bhallstát (sa chás seo, an Iodáil) stádas mar chónaitheoir fadtéarmach dó faoi Threoir 2003/109/CE 1 ceangal a chur ar an dara Ballstát (sa chás seo, an Ghearmáin) cead cónaithe a eisíodh dó faoi Airteagal 14 et seq. de Threoir 2003/109/CE a athnuachan gan fianaise a chur ar fáil go bhfuil an stádas mar chónaitheoir fadtéarmach fós ann.

Má thugtar freagra diúltach ar an gceist sin:

An gcaithfear toimhde a dhéanamh go bhfuil stádas mar chónaitheoir fadtéarmach fós ann sa dara Ballstát ar an gcúis amháin go bhfuil cead cónaithe fadtéarmach AE arna eisiúint ag an gcéad Bhallstát ar feadh tréimhse neamhtheoranta ag an náisiúnach tríú tír, cé nach raibh cónaí air ar feadh sé bliana i gcríoch an Bhallstáit a bhronn an stádas sin air?

Má thugtar freagra diúltach ar an gceist sin:

An bhfuil an chumhacht ag an dara Ballstát, i gcomhthéacs an cheada cónaithe a athnuachan, chun measúnú a dhéanamh i dtaobh ar cailleadh an stádas mar chónaitheoir fadtéarmach i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 9(4) de Threoir 2003/109/CE agus chun athnuachan a dhiúltú nuair is iomchuí, nó an bhfuil an chéad Bhallstát inniúil chun caillteanas an stádais ina dhiaidh sin a chinneadh?

Má thugtar freagra dearfach ar an gceist sin:

Sa chás sin, an gá an scrúdú ar an bhforas le haghaidh stádas a chailleadh faoin dara fomhír d’Airteagal 9(4) de Threoir 2003/109/CE a thrasuí sa dlí náisiúnta sa chaoi go sonraítear na fíorais a bhfuil sé mar thoradh orthu go gcailltear stádas mar chónaitheoir fadtéarmach sa chéad Bhallstát, nó an leor go bhforáiltear sa dlí náisiúnta, gan trácht a dhéanamh don Treoir go sonrach, gur féidir leis an dara Ballstát an cead cónaithe a dhiúltú “má chailleann an náisiúnach eachtrannach a stádas mar chónaitheoir fadtéarmach i mBallstát eile den Aontas Eorpach”?

____________

1 Treoir 2003/109/CE ón gComhairle an 25 Samhain 2003 maidir le stádas náisiúnach tríú tír ar cónaitheoirí fadtéarmacha iad (IO 2004 L 16, lch. 44).