Iarraidh ar réamhrialú ón Augstākā tiesa (Senāts) (an Laitvia) a taisceadh an 22 Meitheamh 2022 – SIA DOBELES AUTOBUSU PARKS, AS CATA, SIA VTU VALMIERA, SIA JELGAVAS AUTOBUSU PARKS, SIA Jēkabpils autobusu parks v Iepirkumu uzraudzības birojs, Valsts SIA Autotransporta direkcija
(Cás C-421/22)
Teanga an cháis: an Laitvis
An chúirt a rinne an tarchur
Augstākā tiesa (Senāts)
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Achomharcóirí: SIA DOBELES AUTOBUSU PARKS, AS CATA, SIA VTU VALMIERA, SIA JELGAVAS AUTOBUSU PARKS, SIA Jēkabpils autobusu parks
Páirtithe eile sna himeachtaí: Iepirkumu uzraudzības birojs, Valsts SIA Autotransporta direkcija
An cheist a tharchuirtear:
An gceadaítear do scéim cúitimh nach ndlitear léi ar an údarás inniúil an soláthraí seirbhíse iompair phoiblí a chúiteamh go hiomlán as aon mhéadú a thagann ar na costais a bhaineann leis an seirbhís a sholáthar nach mbeadh neart ag an soláthraí seirbhíse orthu, tríd an táille inmhuirir faoin gconradh (suim an chúitimh) a innéacsnascadh go tréimhsiúil, agus dá bhrí sin, nach gcuirtear deireadh iomlán leis an riosca go dtabhóidh an soláthraí seirbhíse caillteanais nach bhféadfaí a chúiteamh, leis an dara fomhír d’Airteagal 1(1), Airteagal 2a(2) agus Airteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí d’iarnród agus de bhóthar agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1191/69 agus Rialachán (CEE) Uimh. 1107/70,1 arna leasú ag Rialachán (AE) Uimh. 2016/2338?2
____________
1 IO 2007, L 315, lch. 1.
1 Rialachán (AE) Uimh. 2016/2338 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 a mhéid a bhaineann leis an margadh do sheirbhísí intíre iompair do phaisinéirí d'iarnród a oscailt (IO 2016 L 354, lch. 22).