Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunale ordinario di Bologna (an Iodáil), an 7 Feabhra 2022 – BU v Ministero dell’Interno, Dipartimento per le Libertà civili e l'Immigrazione - Unità Dublino

(Cás C-80/22)

Teanga an cháis: an Iodáilis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunale ordinario di Bologna

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: BU

Cosantóir: Ministero dell’Interno, Dipartimento per le Libertà civili e l'Immigrazione - Unità Dublino

Na ceisteanna a tharchuirtear:

Cad iad na hiarmhairtí dlíthiúla a fhoráiltear le dlí an Aontais Eorpaigh i gcás sárú ag an mballstát iarrthach i gcomhthéacs nós imeachta um athligean isteach faoi Airteagal 18(1)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 20131 ar an oibleagáid maidir le faisnéis de bhun Airteagal 4 nó ar an oibleagáid i leith agallamh pearsanta a shocrú leis an iarratasóir de bhun Airteagal 5 den Rialachán céanna, agus, go háirithe, an bhfuil Airteagail 4 agus 5 de Rialachán (AE) 604/2013 le léirmhíniú:

sa chiall, mar gheall ar mhainneachtain i leith an bróisiúr faisnéise dá bhforáiltear in Airteagal 4(2) a sholáthar do dhuine a chomhlíonfaidh na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 23 den Rialachán nó mainneachtain i leith agallamh pearsanta a shocrú leis an iarratasóir de bhun Airteagal 5 den Rialachán, go bhfuil an cinneadh aistrithe neamhdhleathach ar bhealach doleigheasta, agus dá bharr sin go gcuirfear freagracht ar an mBallstát iarrthach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta;

nó sa mhéid go bhfuil neamhdhleathacht an chinnidh aistrithe faoi réir líomhain agus cruthúnas go mbeadh toradh na n-imeachtaí difriúil dá gcomhlíonfadh údaráis an iarratasóra na n-oibleagáidí dá bhforáiltear in Airteagail 4 agus 5 de Rialachán (AE) Uimh. 604 / 2013;

nó sa chiall nach bhfuil, i gcás ar bith, d’oibleagáid ar údarás an bhallstáit iarrthaigh an fhaisnéis agus na ráthaíochtaí rannpháirtíochta dá bhforáiltear in Airteagail 4 agus 5 de Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 a áirithiú don náisiúnach eachtrach atá faoi réir an nós imeachta aistrithe chuig an mBallstát iarrtha.

An bhfuil Airteagal 27(1) de Rialachán (AE) Uimh. 604/2013, le léirmhíniú, ina aonar nó i gcomhar le hAirteagal 47 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, mar seo a leanas:

amhail is go bhforchuirtear leis an oibleagáid a áirithiú go bhfaigheadh an náisiúnach eachtrach atá faoi réir nós imeachta aistrithe chuig Ballstát eile na ráthaíochtaí dá bhforáiltear in Airteagail 4 agus 5 den Rialachán, ós rud é go bhfuil siad ábhartha chun an ceart chun leigheas éifeachtach a fháil i gcoinne cinneadh aistrithe a chosaint;

más amhlaidh atá, amhail is go bhfuil dlínse ag an gcúirt ar tugadh iarratas os a comhair ar neamhniú an chinnidh aistrithe de bhun Airteagal 27 de Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 fiúntas an chinnidh a athscrúdú faoinar chruthaigh údarás riaracháin an Stáit iarrtha, de bhun na gcritéar dliteanais a leagtar amach i gCaibidil III den Rialachán, a fhreagracht chun chinneadh a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna chur isteach ag an iarratasóir?

____________

1     Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna chlárú i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát (IO L 180, lch. 31).