Iarraidh ar réamhrialú ón College van Beroep voor het bedrijfsleven (an Ísiltír) a taisceadh an 8 Meitheamh 2023 – LM BV v Minister van Landbouw, Natuur en Voedselkwaliteit
(Cás C-354/23, Seberts 1 )
Teanga an cháis: an Ollainnis
An chúirt a rinne an tarchur
College van Beroep voor het bedrijfsleven
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: LM BV
Cosantóirí: Minister van Landbouw, Natuur en Voedselkwaliteit
An cheist a tharchuirtear
An gcaithfear na Treoirlínte ón Aontas Eorpach maidir le Státchabhair in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil na foraoiseachta agus i limistéir thuaithe 2014-2020 (2014/C 204/01) 1 , go háirithe míreanna 135, 136, 137 agus 144(a) dóibh, a léiriú sa chaoi nach bhfuil ann do chabhair infheistíochta lena gcumhdaítear na costais a bhaineann le tógáil, ceannach nó athchóiriú maoine dochorraithe ach amháin i gcás ina bhfuil nó ina mbeidh faighteoir an fhóirdheontais féin ina úinéir den mhaoin dhochorraithe lena mbaineann na costais sin?
____________
1 Tugtar ainm bréige sa chás seo, nach bhfreagraíonn d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.
1 IO 2014 C 204, lch. 1.