Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Verwaltungsgericht Karlsruhe (an Ghearmáin) a taisceadh an 6 Meitheamh 2023 - HB v Poblacht Chónaidhme na Gearmáine

(Cás C-349/23, Zetschek 1 )

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Verwaltungsgericht Karlsruhe

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: HB

Cosantóir: Poblacht Chónaidhme na Gearmáine

Na ceisteanna a tharchuirtear

An bhfuil idirdhealú díreach ar fhorais aoise de réir bhrí Airteagal 2(2)(a) de Threoir 2000/78/CE 1 i gceist, i gcás nach féidir le Breithiúna Feidearálacha, faoi Mhír 48(2) den Dlí Gearmánach maidir le Breithiúna, an tráth a rachaidh siad ar scor a chur siar, cé gur féidir le státseirbhísigh fheidearálacha agus, mar shampla, breithiúna i seirbhís Land Baden-Württemberg a dhéanamh amhlaidh?

I gcomhthéacs na chéad fhomhíre d’Airteagal 6(1) de Threoir 2000/78/CE, an áirítear freisin ar ghnéithe den chomhthéacs ginearálta a bhaineann leis an mbeart atá i gceist gnéithe nach luaitear ar chor ar bith san ábhar reachtaíochta ná i gcúrsa an phróisis iomláin reachtaigh sa pharlaimint, ach a ardaítear le linn na n-imeachtaí breithiúnacha amháin?

Conas ba chóir na téarmaí “oibiachtúil” agus “réasúnta” sa chéad fhomhír d’Airteagal 6(1) de Threoir 2000/78/CE a léiriú agus cad é an tagarmharc ábhartha ina leith? An dteastaíonn scrúdú dúbailte maidir le hoiriúnacht faoi Airteagal 6(1) den Treoir?

An gcaithfear an chéad mhír d’Airteagal 6(1) de Threoir 2000/78 a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc, ó thaobh comhsheasmhachta de, ar reachtaíocht náisiúnta lena gcuirtear cosc ar bhreithiúna feidearálacha an tráth a rachaidh siad ar scor a chur siar, cé go gceadaítear do státseirbhísigh fheidearálacha agus, mar shampla, breithiúna atá i seirbhís Land Baden-Württemberg a dhéanamh amhlaidh?

____________

1 Tugtar ainm bréige sa chás seo, nach bhfreagraíonn d’fhíorainm aon pháirtí sna príomhimeachtaí.

1 Treoir ón gComhairle an 27 Samhain 2000 lena mbunaítear creat ginearálta le haghaidh na córa comhionainne san fhostaíocht agus sa tslí bheatha (IO 2000 L 303, lch. 16).