Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Verwaltungsgerichtshof (an Ostair) a taisceadh an 7 Meitheamh 2023 – Vorstand für den Geschäftsbereich II der Agrarmarkt Austria

(Cás C-350/23, Agrarmarkt Austria)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Verwaltungsgerichtshof

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Achomharcóir ar phointe dlí: Vorstand für den Geschäftsbereich II der Agrarmarkt Austria

Páirtí leasmhar: T F

Na ceisteanna a tharchuirtear

I gcás iarratas ar chabhair beostoic de réir bhrí phointe 15 d’Airteagal 2(2) de Rialachán (AE) Uimh. 640/2014 1 , a cuireadh isteach le haghaidh na bliana 2020 le haghaidh tacaíocht chúpláilte a dheonú, dá mbaintear leas, chun críocha Airteagal 21(4) de Rialachán 809/2014 2 , as an bhfaisnéis i mbunachar sonraí ríomhairithe le haghaidh bó-ainmhithe, an ionann fógra nach ndéantar ach tar éis dhul in éag na tréimhse 15 lá tar éis na hainmhithe (bó-ainmhithe) a bhogadh chuig féarach sléibhe de bhun Airteagal 2(2) agus (4) de Chinneadh 2001/672/CE 3 ón gCoimisiún an 20 Lúnasa 2011, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 7(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000 4 , agus iontráil mhícheart sa bhunachar sonraí ríomhairithe le haghaidh bó-ainmhithe nach bhfuil ábhartha, de bhun Airteagal 30(4)(c) de Rialachán, chun comhlíonadh na gcoinníollacha incháilitheachta a fhíorú seachas an coinníoll dá dtagraítear in Airteagal 53(4) de Rialachán (AE) Uimh. 639/2014 5 faoin scéim cabhrach nó faoin mbeart tacaíochta lena mbaineann, agus é de thoradh air sin nach cóir a mheas nár cinneadh na hainmhithe ach má aimsítear iontráil mhícheart den sórt sin le linn dhá sheiceáil laistigh de thréimhse 24 mhí?

Más freagra diúltach a thabharfar ar an gcéad cheist:

Chun críocha Airteagal 15(1) agus Airteagal 34 de Rialachán (AE) Uimh. 640/2014, an bhfuil feidhm ag na pionóis riaracháin dá bhforáiltear i gCaibidil IV de Rialachán (AE) Uimh. 640/2014 maidir le cur i bhfeidhm na tacaíochta cúpláilte dá dtagraítear sa chéad cheist i gcás ina n-eisíonn feirmeoir fógra i scríbhinn chuig an údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 2(2) agus (4) de Chinneadh 2001/672/CE ón gCoimisiún an 20 Lúnasa 2001, i gcomhar le hAirteagal 7(1) agus (2) de Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000, maidir leis na hainmhithe a bhogadh chuig féarach sléibhe, i gcás inar léir ón bhfógra go bhfuil sé déanach i ndáil leis an tréimhse 15 lá a leagtar síos sna forálacha sin, a mhéid nár chuir an t-údarás inniúil in iúl don iarratasóir go bhfuil sé i gceist aige seiceáil ar an láthair a dhéanamh agus nár chuir sé an t-iarratasóir ar an eolas faoi aon neamhchomhlíonadh san iarratas ar chabhair?

____________

1 Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 640/2014 ón gCoimisiún an 11 Márta 2014 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gcóras comhtháite riaracháin agus rialaithe agus leis na cúinsí faoina ndiúltófar nó faoina n-aistarraingeofar íocaíochtaí agus pionóis riaracháin is infheidhme maidir le híocaíochtaí díreacha, le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe agus le tras-chomhlíonadh (IO 2014 L 181, lch. 48).

1 Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014 ón gCoimisiún an 17 Iúil 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gcóras comhtháite riaracháin agus rialaithe, bearta forbartha tuaithe agus traschomhlíonadh (IO 2014 L 227, lch. 69).

1 Cinneadh ón gCoimisiún an 20 Lúnasa 2001 lena leagtar síos rialacha speisialta a bhfuil feidhm acu maidir le gluaiseachtaí bó-ainmhnithe nuair a chuirtear amach iad ar féarach sa samhradh i limistéir sléibhe (IO 2001 L 235, lch. 23).

1 Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Iúil 2000 lena mbunaítear córas chun bó ainmhithe a shainaithint agus a chlárú agus maidir le lipéadú mairteola agus táirgí mairteola agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 820/97 ón gComhairle (IO 2014 L 181, lch. 1).

1 Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 639/2014 ón gCoimisiún an 11 Márta 2014 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear rialacha maidir le híocaíochtaí díreacha le feirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta faoi chuimsiú an chomhbheartais talmhaíochta agus lena leasaítear Iarscríbhinn X a ghabhann leis an Rialachán sin (IO 2014 L 181, lch. 1).