Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Landessozialgerichts für das Saarland (an Ghearmáin) arna taisceadh an 4 Nollaig 2023 - A v GKV-Spitzenverband

(Cás C-743/23, GKV-Spitzenverband)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Landessozialgericht für das Saarland

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: A

Cosantóir: GKV-Spitzenverband

Páirtí leasmhar: Moguntia Food Group AG

Na ceisteanna a tharchuirtear

An bhfuil Airteagal 13(1) de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 1 i gcomhar le hAirteagal 14(8) de Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 2 le léiriú sa chaoi, agus scrúdú á dhéanamh an bhfuil cuid shuntasach den ghníomhaíocht á cur i gcrích i mBallstát, nach mór gníomhaíochtaí uile an fhostaí, lena n-áirítear a ghníomhaíochtaí i dtríú tíortha, a chur san áireamh?

Nó an bhfuil Airteagal 13(1) de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 i gcomhar le hAirteagal 14(8) de Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 le léiriú sa chaoi, agus scrúdú á dhéanamh an bhfuil cuid shuntasach den ghníomhaíocht á cur i gcrích i mBallstát, nach bhfuil ach gníomhaíochtaí an fhostaí a chuirtear i gcrích sna Ballstáit le cur san áireamh?

____________

1 Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta (IO 2004 L 166, lch. 1).

1 Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 lena leagtar síos an nós imeachta chun Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta a chur chun feidhme (IO 2009 L 284, lch. 1).