Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Fővárosi Törvényszék (an Ungáir) arna taisceadh an 18 Lúnasa 2023 - Lear Corporation Hungary Autóipari Gyártó Kft. v Nemzeti Adó- és Vámhivatal Fellebbviteli Igazgatósága

(Cás C-532/23, Lear Corporation Hungary)

Teanga an cháis: an Ungáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Fővárosi Törvényszék

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Lear Corporation Hungary Autóipari Gyártó Kft.

Cosantóir: Nemzeti Adó- és Vámhivatal Fellebbviteli Igazgatósága

Na ceisteanna a tharchuirtear:

An gá Airteagal 183 de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle 1 an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (an Treoir CBL) agus prionsabail na coibhéise agus na héifeachtachta a léiriú ar an gcaoi gurb amhlaidh - i gcás ina n-éilíonn cáiníocóir aisíocaíocht cánach breisluacha (CBL) nárbh fhéidir leis a dhéanamh roimhe sin mar gheall ar choinníoll reachtach a bhí á chur i bhfeidhm ach a dhearbhaigh an Chúirt Bhreithiúnais i mbreithiúnas go raibh sé i gcontrárthacht le dlí an Chomhphobail, nach mór a chinneadh, i gcás den sórt sin, gurb éileamh ar ús mainneachtana é an t-éileamh ar aisíocaíocht CBL ar chomhtráth leis, ag féachaint do chineál coimhdeach an úis agus ag féachaint dó go bhfuil an t-éileamh ar ús mainneachtana arna rialú ag an bhforáil náisiúnta chéanna lena rialaítear an t-iarratas ar aisíocaíocht CBL arbh é a aisíoc déanach ba chúis le híocaíocht dhéanach?

An bhfuil cleachtas de chuid Ballstáit i gcomhthéacs imeachtaí cánach riaracháin i gcomhréir le prionsabail na coibhéise agus na héifeachtachta, agus go háirithe, le prionsabal na neodrachta cánach, ina ndiúltaítear d’éileamh ina dhiaidh sin arna dhéanamh ag an gcáiníocóir ar ús mainneachtana ar bhonn an phrionsabail go bhfuil ceart ag na páirtithe srian a chur le hábhar na caingne, ar an bhforas nár áiríodh ar a chéad éileamh ar ús mainneachtana an tréimhse bhreise a sonraíodh san éileamh ina dhiaidh sin, ar an mbonn go ndéantar cur síos ar an éileamh deireanach sin mar ghearán nua agus go ndearbhaítear go bhfuil sé faoi urchosc ama, d’ainneoin nár mheas an t-údarás cánach féin é féin a bheith faoi cheangal ag an gcéad éileamh ón gcáiníocóir de bhua an phrionsabail go bhfuil ceart ag na páirtithe srian a chur le hábhar na caingne, ach gur bhraith sé ar an bprionsabal sin go heisiach i leith ús mainneachtana a éilíodh ar feadh tréimhse nach raibh ar eolas fós tráth a cuireadh isteach an t-éileamh ónar eascair tionscnamh na n-imeachtaí, ós rud é gur sainíodh an tréimhse sin sa chásdlí le linn na n-imeachtaí sin?

I bhfianaise phrionsabail na coibhéise, na héifeachtachta agus na neodrachta cánach, an gcaithfear a mheas go bhfuil éileamh ina dhiaidh sin a chuirtear isteach le linn nós imeachta cánach riaracháin ar bhonn an chásdlí arna bhunú ag na cúirteanna ag forlíonadh an chéad éileamh, ónar eascair tionscnamh na n-imeachtaí, nó leasú ar an gcéad éileamh sin, inarb amhlaidh nach bhfuil difríocht idir an dá éileamh ach a mhéid a bhaineann leis an tréimhse chun ús a íoc?

An bhfuil cleachtas de chuid Ballstáit i gcomhoiriúnacht le prionsabail na coibhéise, na héifeachtachta agus na neodrachta cánach, ar faoi a dhearbhaítear go bhfuil urchosc ama ar éileamh a thugtar tar éis dhul in éag na tréimhse teorann gan scrúdú a dhéanamh ar imthosca inghlactha a d’fhéadfadh an tréimhse teorann a chur ar fionraí nó a idirscor, ag féachaint go háirithe do chéad éileamh an iarratasóra in 2014 agus don fhíoras, cé nár leasaíodh an reachtaíocht a bhí i bhfeidhm le linn na tréimhse teorann, áfach, ós rud é nár leagadh síos léi ach na coinníollacha maidir le hiarratas a dhéanamh ar aisíocaíocht CBL, shainigh Kúria (an Chúirt Uachtarach, an Ungáir) agus an Chúirt Bhreithiúnais, in éagmais reachtaíochta ina leith sin, na coinníollacha chun leas mainneachtana a éileamh trí fhorléiriú ar an reachtaíocht sin, agus mar thoradh air sin, i gcás cuid chinntitheach den tréimhse teorann cúig bliana, ní hamháin nach raibh na rialacha lena rialaítear éilimh ar leas mainneachtana ar eolas ag cáiníocóirí ná ní raibh siad soiléir do cháiníocóirí, ach nárbh ann dóibh fiú i bhfoirm forála reachtaí?

____________

1 IO 2006 L 347, lch. 1.