Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal Superior de Justicia del País Vasco (an Spáinn) a taisceadh an 5 Iúil 2023 –HJ v US, MU

(Cás C-531/23, Loredas) 1

Teanga an cháis: an Spáinnis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunal Superior de Justicia del País Vasco

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: HJ

Cosantóirí: US, MU

An cheist a tharchuirtear:

Maidir le hAirteagail

3, 5, 6, 16, 17, Airteagal 17.4 b), Airteagail 19 agus 22 de Threoir 2003/88 1 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le heagrú ama oibre,

Airteagal 31(2) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, ag féachaint do chásdlí an chomhphobail (breithiúnas CBAE an 14 Bealtaine 2019, C-55/18 1 ),

Airteagail 20 agus 21 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,

Airteagal 3(2) de Chonradh CE,

Airteagail 1 agus 4 de Threoir 2010/41/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2010, maidir le prionsabal na córa comhionainne idir fir agus mná atá rannpháirteach i ngníomhaíocht ar bhonn féinfhostaithe a chur i bhfeidhm […] 1 ,

Airteagail 1, 4 agus 5 de Threoir 2006/54/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006, maidir le cur chun feidhme phrionsabal an chomhionannais deiseanna agus na córa comhionainne idir fir agus mná i gcúrsaí fostaíochta agus slí bheatha 1 agus

Airteagail 2 agus 3 de Threoir 2000/78/CE ón gComhairle an 27 Samhain 2000 lena mbunaítear creat ginearálta le haghaidh na córa comhionainne san fhostaíocht agus sa tslí bheatha 1 , i dtaca le cásdlí an chomhphobail (breithiúnas CBAE an 2[4] Feabhra 202[2], C-389/20 2 ),

An gcaithfear léiriú a dhéanamh orthu ar chaoi go gcuirtear cosc ar riail reachtaíochta leo amhail Airteagal 9.3 den Real Decreto (Foraithne Ríoga) 16/20/2011 lena ndíolmhaítear an fostaí ón oibleagáid taifead a choinneáil ar uaireanta oibre an oibreora?

____________

1 Ainm dlítheanach atá in ainm an cháis seo. Ní thagraítear leis d’ainm aon pháirtí sna himeachtaí.

1 Treoir 2003/88/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Samhain 2003 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le heagrú ama oibre - IO 2003 L 299, lch. 9.

1 Breithiúnas an 14 Bealtaine 2019, CCOO (C-55/18, ECLI: EU:C:2019:402)

1 IO 2010 L 180, lch. 1.

1 IO 2006 L 204, lch. 23.

1 IO 2000 L 303, lch. 16.

1 Breithiúnas an 24 Feabhra 2022, TGSS (C-389/20, ECLI: EU:C:2022:120)