Caingean arna tabhairt an 4 Nollaig 2023 – Olvi v EUIPO – Koninklijke De Kuyper (FIZZ Cider)
(Cás T-1132/23)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Olvi Oyj (Iisalmi, an Fhionlainn) (ionadaí: K. Rantala, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Koninklijke De Kuyper BV (Schiedam, an Ísiltír)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Dílseánach an trádmhairc atá faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta
Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh “FIZZ Cider” – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 1 046 531
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí maidir le cealú
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 27 Meán Fómhair 2023 i gCás R 2011/2022-1
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;
a ordú do EUIPO na costais a íoc.
Saincheist dlí arna maíomh
Sárú ar Airteagal 95(2) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i gcomhar le hAirteagal 27(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/625 ón gCoimisiún;
Sárú ar Airteagail 95(1) agus 94(1) i gcomhar le hAirteagal 70(2) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
Sárú ar Airteagail 7(1)(c) agus 7(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
____________