Language of document :

Caingean arna tabhairt an 4 Nollaig 2023 – WS v EUIPO

(Cás T-1138/23)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: WS (ionadaí: H. Tettenborn, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh EUIPO diúltú d’iarratais an iarratasóra a tíolacadh lena litir dar dáta 25/07/2023, eadhon ar chúiteamh i leith damáistí ábhartha agus neamhábhartha, a chur ar neamhní;

A ordú do EUIPO méid a íoc leis an iarratasóir de rogha na Cúirte – EUR 500 000.00 ar a laghad i dtuairim an iarratasóra – mar chúiteamh leordhóthanach ar na damáistí morálta, ábhartha agus neamhábhartha a d’fhulaing an t-iarratasóir mar thoradh ar sháruithe éagsúla ar chearta an iarratasóra faoi EUDPR 1 a ardaítear chun cinn leis an gcaingean seo, agus mar thoradh ar chinneadh EUIPO diúltú d’iarratais an iarratasóra a tíolacadh lena litir dar dáta 25/07/2023;

A ordú do EUIPO costais na n-imeachtaí a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir naoi saincheist dlí.

An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ag EUIPO ar a oibleagáid Airteagail 26(1) agus 14(5) de EUDPR a chomhlíonadh – mainneachtain EUIPO gach beart a chur chun feidhme chun comhlíonadh a áirithiú agus a bheith in ann comhlíonadh a léiriú.

An dara saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ag EUIPO ar a oibleagáid Airteagal 14(2), (4) agus (5) de EUDPR a chomhlíonadh – mainneachtain EUIPO feidhmiú chearta an ábhair sonraí a éascú faoi Airteagail 17 go 24 de EUDPR.

An tríú saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ag EUIPO ar a oibleagáid chun Airteagal 17(1), (3) agus Airteagal 4(2) de EUDPR a chomhlíonadh – mainneachtain EUIPO logaí de chineál ar bith a sholáthar.

An ceathrú saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ag EUIPO ar a oibleagáid chun Airteagal 4(1) agus (2) de EUDPR a chomhlíonadh.

An cúigiú saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ag EUIPO ar a oibleagáid chun Airteagail 20 agus 23 de EUDPR a chomhlíonadh – mainneachtain EUIPO ceart an iarratasóra chun srianadh ar phróiseáil agus agóid a dhéanamh a fhorfheidhmiú.

An séú saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ag EUIPO ar a oibleagáid chun Airteagail 65, 4(1f), (1d) agus (2) de EUDPR a chomhlíonadh – mainneachtain EUIPO ceart cúitimh an iarratasóra a chomhlíonadh.

An seachtú saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ag EUIPO ar a oibleagáid Airteagal 33 de EUDPR a chomhlíonadh – mainneachtain EUIPO slándáil a ghníomhaíochtaí próiseála a fhorfheidhmiú.

An t-ochtú saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ag EUIPO ar a oibleagáid chun Airteagail 34(1) agus 35(1) de EUDPR a chomhlíonadh – mainneachtain EUIPO fógra a thabhairt don ábhar sonraí agus do MECS faoi na sáruithe ar shonraí pearsanta arna dtuairisciú ag an iarratasóir.

An naoú saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ag EUIPO ar a oibleagáid chun Airteagal 39(1) de EUDPR a chomhlíonadh – mainneachtain EUIPO measúnú tionchair ar chosaint sonraí ceart a dhéanamh.

____________

1 Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO 2018 L 295, lch. 39).