Caingean arna tabhairt 12 Márta 2024 – Doorinn v EUIPO (Suíomh lipéad ar thocht)
(Cás T-147/24)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
Páirtithe
Iarratasóir: Doorinn GmbH (Beirlín, an Ghearmáin) (ionadaí: O. Brexl, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Trádmharc atá faoi cheist: Clárú an trádmhairc de chuid an Aontais Eorpaigh arb é atá ann suíomh lipéad ar thocht – Clárú Uimh. 18 718 069
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 11 Eanáir 2024 i gCás R 986/2023-5
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;
a ordú do EUIPO na costais a íoc.
Saincheist dlí arna maíomh
Sárú ar Airteagal 7(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
____________