Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Visoki kazneni sud Republike Hrvatske (an Chróit) a taisceadh an 9 Eanáir 2024 – Imeachtaí coiriúla i gcoinne D. d.o.o, Županijsko državno odvjetništvo u Zagrebu

(Cás C-8/24, D. d.o.o.)

Teanga an cháis: an Chróitis

An chúirt a rinne an tarchur

Visoki kazneni sud Republike Hrvatske

Páirtithe sna príomhimeachtaí

D. d.o.o

Županijsko državno odvjetništvo u Zagrebu

Na ceisteanna a tharchuirtear

An ndéantar imeachtaí coiriúla ar cuireadh clabhsúr orthu gan ciontú a dhéanamh a áireamh freisin sa choincheap ‘imeachtaí i ndáil le cion coiriúil, lena bhféadfaí coigistiú maoine a bheith mar thoradh air, , lena n-áirítear coigistiú gan ciontú’ de réir bhrí Airteagal 2(3) de Rialachán 2018/1805 1 ?

An ndéantar imeachtaí coiriúla ar cuireadh clabhsúr orthu gan ciontú a dhéanamh lena n-áirítear ordú go gcoigisteofaí maoin ar gnóthaíodh go héagórach trí chion coiriúil eile, nach é an cion coiriúil é lenar cuireadh clabhsúr orthu, agus nach raibh baint ag na cosantóirí lena choimisiún, ach daoine nár tugadh aon díotáil ina gcoinne, a áireamh freisin sa choincheap ‘imeachtaí i ndáil le cion coiriúil, lena bhféadfaí coigistiú maoine a bheith mar thoradh air, lena n-áirítear coigistiú gan ciontú’ de réir bhrí Airteagal 2(3) den Rialachán?

An bhfuil sé ar neamhréir leis an Rialachán, le hAirteagal 1(2) de, agus le hAirteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha ordú coigistíochta arna eisiúint in imeachtaí coiriúla a aithint más amhlaidh an cás seo a leanas don duine dá ndéantar difear, de réir bhrí Airteagal 2(10) den Rialachán:

nach bhfuair sé toghairm chun bheith rannpháirteach i ngach céim de na himeachtaí coiriúla;

nár cuireadh in iúl dó nó di go bhfuil sé de cheart aige nó aici dlíodóir a fháil le linn na n-imeachtaí;

nár soláthraíodh téacs iomlán an bhreithiúnais ina bhfuil an t-ordú coigistíochta dó nó di i dteanga a thuigeann sé nó sí, ach sleachta de, agus nach ndearnadh sé nó sí achomharc i gcoinne an bhreithiúnais arna sheirbheáil mar sin?

____________

1 Rialachán (AE) 2018/1805 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le haitheantas frithpháirteach a thabhairt d’orduithe reo agus d’orduithe coigistíochta (IO 2018 L 303, lch. 1).