Caingean arna tabhairt an 23 Meitheamh 2023 – Katjes Fassin v EUIPO (Beyond Chocolate)
(Cás T-343/23)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
Páirtithe
Iarratasóir: Katjes Fassin GmbH & Co. KG (Emmerich am Rhein, an Ghearmáin) (ionadaithe: A. Renck agus C. Stöber, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Trádmharc atá faoi cheist: Clárú an fhocalmhairc de chuid an Aontais Eorpaigh “Beyond Chocolate” – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 578 274
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 11 Aibreán 2023 i gCás R 2352/2022-1
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;
a ordú do EUIPO na costais a íoc.
Saincheisteanna dlí arna maíomh
Sárú ar Airteagal 7(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
Sárú ar Airteagal 95(1) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
____________