Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal du travail francophone de Bruxelles (an Bheilg) a taisceadh an 20 Eanáir 2022– HK v Service fédéral des Pensions (SFP)
(Cás C-45/22)
Teanga an cháis: an Fhraincis
An chúirt a rinne an tarchur
Tribunal du travail francophone de Bruxelles
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: HK
Cosantóir: Service fédéral des Pensions (SFP)
Na ceisteanna a tharchuirtear:
An gcaithfear an riail dá dtagraítear in Airteagal 55(1) de Rialachán Uimh. 883/20041 , faoina ndéanann na hinstitiúidí inniúla suimeanna an sochair nó na sochar nó an ioncaim eile mar a cuireadh san áireamh iad a roinnt ar líon na sochar atá faoi réir na rialacha sin, a léirmhíniú amhail go gceanglaítear léi an t-ioncam féin mar a cuireadh san áireamh é ar mhaithe le cur i bhfeidhm na rialach lena gcuirtear cosc ar fhorluí a roinnt ag brath ar líon na bpinsean marthanóra a bhfuil tionchar ag na rialacha lena gcuirtear cosc ar fhorluí orthu?
A mhalairt ar fad, an gcaithfear an riail dá dtagraítear in Airteagal 55(1) de Rialachán Uimh. 883/2004, faoina ndéanann na hinstitiúidí inniúla suim an sochair nó na sochar nó an ioncaim eile mar a cuireadh san áireamh iad a roinnt ag brath ar líon na sochar atá faoi réir na rialacha sin, a léirmhíniú amhail go gceanglaítear léi, in ionad roinnt an ioncaim féin mar a cuireadh san áireamh é ar mhaithe le cur i bhfeidhm na rialach lena gcuirtear cosc ar fhorluí, cuid den ioncam atá thar uasteorainn an fhorluí, mar a fhoráiltear di leis an riail náisiúnta lena mbaineann mar shampla, a roinnt ar líon na bpinsean marthanóra a bhfuil tionchar ag na rialacha lena gcuirtear cosc ar fhorluí orthu?
____________
1 Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta (IO 2004, L 166, lch. 1).