Language of document :

Achomharc arna thabhairt an 20 Eanáir 2022 ag Google LLC agus Alphabet, Inc. i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Naoú Dlísheomra, Foirmíocht mhéadaithe) arna thabhairt an 10 Samhain 2021 i gCás T-612/17, Google agus Alphabet v an Coimisiún

(Case C-48/22 P)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóirí: Google LLC, Alphabet, Inc. (ionadaí: T. Graf, Rechtsanwalt, R. Snelders, advocaat, C. Thomas, avocat, A. Bray, avocate, M. Pickford QC, agus D. Gregory agus H. Mostyn, Barristers)

Páirtithe eile sna himeachtaí: Computer & Communications Industry Association, an Coimisiún Eorpach, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, Údarás Faireacháin CSTE, Bureau européen des unions de consommateurs (BEUC), Infederation Ltd, Kelkoo, Verband Deutscher Zeitschriftenverleger eV, Visual Meta GmbH, BDZV - Bundesverband Digitalpublisher und Zeitungsverleger eV, arbh é Bundesverband Deutscher Zeitungsverleger eV roimhe sin, Twenga

An t-ordú atá á lorg

Iarrann na hachomharcóirí ar an gCúirt Bhreithiúnais:

an breithiúnas faoi achomharc a chur ar neamhní;

an Cinneadh 1 a chur ar neamhní nó, mar mhalairt air sin, an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta;

a ordú don Choimisiún costais agus speansais na n-achomharcóirí i dtaca leis na himeachtaí seo agus leis na himeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an achomharc, ardaíonn na hachomharcóirí ceithre shaincheist dlí.

An chéad saincheist dlí: Rinne an Chúirt Ghinearálta earráid trí sheasamh leis an gCinneadh in ainneoin nár comhlíonadh an caighdeán dlí maidir le dualgas chun rochtain ar sheirbhísí siopadóireachta comparáideacha a sholáthar.

D’imigh an Chúirt Ghinearálta, ar bhealach neamhcheadaithe, ón gCinneadh trína chinneadh gur comhlíonadh na coinníollacha maidir le dualgas soláthair.

Rinne an Chúirt Ghinearálta earráid trína chinneadh nach raibh na coinníollacha maidir le dualgas soláthair infheidhme.

An dara saincheist dlí: Rinne an Chúirt Ghinearálta earráid trí sheasamh leis an gCinneadh in ainneoin gur mhainnigh an Cinneadh iompar nach raibh ag luí leis an iomaíocht de bhua tuillteanais a aithint.

Chinn an Chúirt Ghinearálta, go hearráideach, gurbh fhéidir a chinneadh ar bhonn imthosca a bhaineann le héifeachtaí dóchúla iompar Google an raibh Google i mbun iomaíocht de bhua tuillteanais.

Rinne an Chúirt Ghinearálta athscríobh ar an gCinneadh, ar bhealach neamhcheadaithe, trí chúiseanna breise a thabhairt gur ceapadh nach raibh iompar Google de réir na hiomaíochta de bhua tuillteanais.

Tá na cúiseanna a thug an Chúirt Ghinearálta nach raibh Google i mbun iomaíocht de bhua tuillteanais neamhbhailí ó thaobh dlí de.

An tríú saincheist dlí: Rinne an Chúirt Ghinearálta earráid ina hathbhreithniú ar an nasc cúisíoch idir an mí-úsáid líomhainte agus na héifeachtaí dóchúla.

Rinne an Chúirt Ghinearálta earráid trína chinneadh gur faoi Google a bhí sé anailís fhrithfhíorasach a dhéanamh, seachas faoin gCoimisiún.

Rinne an Chúirt Ghinearálta earráid trína chinneadh go n-éilítear le frithfhíoras le haghaidh mí-úsáid arb ionann í agus comhcheangal de dhá chleachtas dleathacha an dá chleachtas sin a bhaint.

Tá measúnú na Cúirte Ginearálta ar na héifeachtaí agus an bonn cirt oibiachtúil lochtach de bharr a cur chuige.

An ceathrú saincheist dlí: Rinne an Chúirt Ghinearálta earráid trína chinneadh nach raibh ar an gCoimisiún a scrúdú cé acu arbh fhéidir leis an iompar iomaitheoirí chomhéifeachtúla a eisiamh.

____________

1 Cinneadh ón gCoimisiún C(2017) 4444 final an 27 Meitheamh 2017 maidir le himeachtaí faoi Airteagal 102 CFAE agus Airteagal 54 de Chomhaontú LEE (Cás AT.39740 – Google Search (Shopping)).